Cuirimis deireadh le scóráil pointí agus bíodh plé ionraic againn

Ba chóir tús a chur le díospóireacht cheart faoi pholasaithe na bpáirtithe agus éirí as an síormhaslú agus an tseafóid faoi cén dream a rachadh i rialtas le cén dream eile

7/6/2012 Leveling the play field business events
Pictiúr: Photocall Ireland

Más fíor do chaint cheannairí na bpáirtithe polaitiúla, is léir nach mbeidh rialtas ar bith againn i ndiaidh an chéad olltoghcháin eile. Níl éinne, is cosúil, sásta dul isteach i gcomhrialtas.

Deir Enda Kenny nach smaoineodh sé fiú ar Fhianna Fáil nó ar Shinn Féin mar pháirtnéirí rialtais, agus tá Micheal Martin deimhin de nach bhfuil seans ar bith ann go bhfeicfear Fine Gael agus Sinn Féin i gcumhacht le chéile.

Maidir le Sinn Féin féin, ní bhíonn mórán le rá acu faoi cé hiad na páirtithe nach ndéanfaidís cleamhnas leo, ach tá siad cinnte, mar sin féin, nach rachaidh siad isteach in aon rialtas nach nglacfadh lena gcuid polasaithe frithdhéine.

Tá sé speisiúil, b’fhéidir, go bhfuil na trí mhórpháirtí seo sásta glacadh le Páirtí an Lucht Oibre mar pháirtnéir rialtais; ach b’fhéidir gur léiriú eile é sin ar laigeacht an pháirtí úd agus ar a easpa ábharachta don díospoireacht seo.

Ar ndóigh, is seafóid cuid mhaith den chaint seo, a bhaineann níos mó le mianta an pháirtí seachas an méid a d’fhéadfadh tarlú.

Is léir freisin go mba mhaith le Fine Gael agus Fianna Fáil filleadh ar na seanlaethanta, nuair a bhíodh an dá pháirtí sin i gcomórtas le chéile, an Lucht Oibre ag sodar ina ndiaidh agus na páirtithe eile in áit na leithphingne.

Ach tá athrú tagtha ar pholaitíocht na tíre seo, agus creidim go bhfuil an t-aos óg, go mór mór, dubh dóite den ‘scóráil pointí’ síoraí a bhíonn ar bun ag na polaiteoirí.

Mar shampla, bíonn an port céanna seasta ag Fine Gael gur “scrios Fianna Fáil an eacnamaíocht”. Bhuel níl aon aimhreas ach go raibh toradh tubaisteach ar pholasaithe an pháirtí faoi 2008, ach an mbeadh aon rath riamh ar an eacnamaíocht gan na cláracha forbartha a thug Fianna Fáil isteach sna tríochaidí agus ina ndiaidh?

Is í an cheist atá romhainn anois ná cén polasaí is ceart a bheith againn i dtaobh na heacnamaíochta – déine na hEorpa, nó cur chuige na hÍoslainne, mar shampla.

Ach ní bhíonn aon díospoireacht againn faoi na cúrsaí seo. In áit na díospóireachta sin, bíonn páirtithe ag tabhairt ‘eacnamaíocht bhúdú’ ar pholasaí pháirtithe eile agus ag tabhairt le fios go scriosfadh an dream eile an geilleagar.

Tríd is tríd, bíonn dóchas ag cách go dtiocfaidh muid slán má fhanann muid dílis d’Aontacht na hEorpa is má iompraíonn muid muid féin go deas béasach os comhair na máistrí.

Sin é an fáth go bhfuil daoine óga ach go háirithe meallta ag leithéidí Sinn Féin, an Chomhghuaillíocht Frith-Dhéine is eile.

Ar ndóigh, ní chaitheann daoine san aoisghrúpa 18-28 vóta chomh rialta is a chaitheann aoisghrupaí eile, ach is cinnte go bhfuil athrú meoin ann i measc lucht vótála.

Mar sin, tá sé seafóideach ag an bpáirtí a rá nach rachaidh siad isteach i gcomhrialtas le páirtí eile ar bith amhail is dá mbeadh aon rogha acu.

D’fhéadfadh, áfach, go mbeadh deacrachtaí áirithe ag páirtithe áirithe ar chúinsí polasaí.

Tá sé deacair a fheiceáil cén chaoi a n-aontódh Fine Gael agus Sinn Féin faoi pholasaithe i leith na heacnamaíochta, an Tuaiscirt, na neodrachta nó na Gaeilge; ach níl sé sin fíor faoi Fhine Gael is Fianna Fáil, nó Sinn Féin is Fianna Fáil.

Ní hé nach mbeadh deacrachtaí ag na páirtithe seo teacht le chéile, ach níl an oiread sin sa difear idir Fine Gael is Fianna Fáil taobh amuigh d’iarsmaí na staire. Tá difríochtai níos suntasaí ann idir Fianna Fáil is Sinn Féin, ach tuigeann leithéidí Eamon Uí Chuív nach bhfuil bearna ollmhór ann idir Fianna Fáil mar a bhí acu sna tríochaidí agus Sinn Féin an lae inniu.

Creidim fein go bhfuil greim rólaidir fós ag lucht an ghnó ar Fhianna Fáil le go ndéanfadh siad socrú le Sinn Féin, ach is cóir na feidearthachtaí a phlé i gcomhthéacs polasaithe na bpáirtithe.

Is sa gcómhtheacs sin leis go dtéann se le réasún gur furasta comhrialtas a bhunú idir Fine Gael is Fianna Fáil ná le haon chomhghuaillíocht eile.

Ar ndóigh, b’fhéidir go mbeidh míorúilt ann is go dtiocfaidh biseach eicínt ar Pháirtí an Lucht Oibre is go n-athtoghfar an rialtas reatha. Ach níl aon fhianaise againn go fóill go dtarlóidh a leithéid.

Is é atá ag teastáil ó vótóirí, mar sin, ná plé ionraic faoi pholasaithe, aird a dhíriú ar difríochtaí sna polasaithe sin cinnte, ach gan am a chur amú ag scóráil pointí is ag cur feirge ar dhaoine.

Ba mhór an chabhair don pholaitaíocht den chineál seo, dá mbeadh na meáin chumarsáide sásta – nó in ann– polasaithe éagsúla a mheas go stuama; ach, mo léan, is tabhachtaí bolscaireacht ná díospóireacht acu siúd chomh maith.

 

Fág freagra ar 'Cuirimis deireadh le scóráil pointí agus bíodh plé ionraic againn'

  • Glór í Eo

    D’fhéadfadh Tuairisc tús a chur leis an díospóireacht seachas an bolscaireacht. Cluas eile mar a déarfá!