‘Cuireann tú do rian féin air, maith nó dona, ar do bhealach féin. Is leatsa é’

Tá Bríd Ní Neachtain ar stáitse na Taibhdheirce sa gcéad léiriú domhanda den dráma The Map of Argentina le Marina Carr. Labhair sí le Tuairisc faoi obair an aisteora

‘Cuireann tú do rian féin air, maith nó dona, ar do bhealach féin. Is leatsa é’

Bríd Ní Neachtain

As Ros Muc ó dhúchas, ní raibh Bríd Ní Neachtain ach cúig nó sé bliana déag d’aois nuair a scríobh sí litir ag Tomás Mac Anna, stiúrthóir ealaíne Amharclann na Mainistreach ag an am, ag fiafraí dhe an mbeadh obair ar fáil di san amharclann náisiúnta.

“Scríobh mé chuig Tomás Mac Anna in Amharclann na Mainistreach…scríobh,” a deir sí, agus shamhlófá beagáinín iontais uirthi féin go ndearna sí é.

Gníomh cróga, déarfá, ag cailín óg, litir a scríobh chuig stiúrthóir na hamharclainne náisiúnta ag lorg jab. Chuaigh sí sa seans, ach b’fhiú é mar gur scríobh Mac Anna ar ais chuici agus d’iarr sé uirthi a theacht go dtí an amharclann le bualadh leis.

Chuir sí suim san aisteoireacht ar dtús nuair a rinne sí dráma leis an ngrúpa drámaíochta, Aisteoirí Mhic Easmuinn, ar an gCeathrú Rua i gConamara. Ina dhiaidh sin, rinne sí cúrsa aisteoireachta a chuir Traolach Ó hAonghusa ar bun. Bhí aisteoireacht déanta ag Ó hAonghusa le hAmharclann na Mainistreach agus bhí sé ina léiritheoir lánaimseartha le Taibhdhearc na Gaillimhe sna 1960idí agus 70idí.

“Thuigeas i ndiaidh an chúrsa gur theastaigh uaim é seo a leanúint. Ag an am, ní raibh na deiseanna céanna is atá anois ann i gConamara.”

Is cuimhin léi go soiléir a céad lá in Amharclann na Mainistreach agus na daoine a chonaic sí nuair a shiúil sí isteach ann.

“Is cuimhin liom go maith na haisteoirí a bhí istigh, bhí siad ag cleachtadh ag an am, chonaic mé Peadar Lamb, Máire Ní Ghráinne, agus Máire Ní Néill. Bhí siad ag breathnú orm ag teacht anuas an staighre agus ansin tháinig Tomás Mac Anna anuas agus thug sé suas go dtí an oifig mé is dúirt sé go raibh folúntas ann mar chúntóir stáitse.”

Bhí Tomás Mac Anna ar dhuine de phríomhghníomhairí drámaíochta na Gaeilge sa tréimhse sin in Amharclann na Mainistreach. Rinne sé an-obair le hamharclann An Damer chomh maith agus tá cáil ar leith air as an dúthracht a chaith sé le drámaíocht na Gaeilge.

Chaith Ní Neachtain tamall agus í ag obair mar chúntóir stáitse agus ag déanamh a bealaigh de réir a chéile.

“As sin a thosaigh mé agus ina dhiaidh sin fuair mé páirteanna beaga, mar ní bhfaighfeá aon pháirt mhór ag an am. Ní bheadh ort a dhéanamh, b’fhéidir, ach siúl trasna an stáitse nó líne amháin a rá. As sin ansin, tugadh isteach sa gcomplacht mé.”

D’fhoghlaim sí an cheird de réir a chéile agus í ag breathnú ar fhorbairt na ndrámaí a bhí á ndéanamh san amharclann.

“Bhíodh mé sa seomra cleachtaidh ón gcéad lá den léamh go dtí go ndeachaigh siad ar an stáitse. D’fhoghlaim mé ó na haisteoirí móra, Siobhán McKenna, Cyril (Cusack), Angela Newman, Maureen Toal, Joan O’Hara, iad sin ar fad.”

“Níor thuigeas ag an am an méid a d’fhoghlaim mé. Go dtí go dtéann tú i bhfeighil na ceirde thú féin agus de réir mar a théann tú in aois, feiceann tú na fadhbanna agus tú ag iarraidh a theacht tharstu. Agus fós, cuimhním siar agus cuirim ceist orm féin, ‘céard a dhéanfadh an t-aisteoir seo nó an t-aisteoir siúd leis an bhfadhb seo?’. Rudaí mar sin, fanann siad liom.”

As an obair a fhaightear an fhoghlaim, a deirtear, agus is eiseamláir í Bríd Ní Neachtain den seanfhocal sin agus ceird na haisteoireachta á foghlaim i gceárta na hamharclainne féin aici.

“Caithfidh tú é a dhéanamh lena fhoghlaim. Tá tú in ann a bheith os comhar múinteora i rang aisteoireachta, agus mar sin de, ach go dtéann tú ina chleachtadh ní bheidh tú i do mháistir air.”

Ghnóthaigh sí clú agus cáil idirnáisiúnta nuair a rinne sí páirt ‘Rose’ sa dráma Dancing at Lughnasa le Brian Friel a ndearna Amharclann na Mainistreach an chéad léiriú air sa mbliain 1990.

Chuaigh an dráma ó Bhaile Átha Cliath go dtí an National Theatre i Londain, go dtí an West End agus tugadh ar camchuairt arís é i 1992 agus chuaigh siad go Broadway i Nua-Eabhrac. Léirigh an tóir idirnáisiúnta a bhí ar an dráma cé chomh maith is a bhí scríbhneoireacht Bhrian Friel, dar léi.

“Ba dhúshlán agus b’onóir mhór a bhí ann. Ag an am, bhí muid ag rá ‘ní éireoidh leis seo sa West End, ní thuigfidh siad scéal faoi chúigear ban i nDún na nGall sna 1930idí. Ní bheidh a fhios acu beo céard atá ar siúl!’

“Feiceann tú cé chomh maith is atá an dráma nuair a chloiseann tú an scéal céanna ar ais ó lucht féachana ar fud an domhain. Chonaic muid é sin sa West End. Théis an damhsa mór bhíodh daoine ag bualadh bos, mar a déarfá, ina dhiaidh sin. Tharla an rud céanna i Nua-Eabhrac.”

Roinnt blianta ina dhiaidh sin a rinne sí páirt Chaitríona Pháidín i gcóiriú stáitse de mhór-úrscéal Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille. Léirigh Amharclann na Mainistreach an dráma den chéad uair sa mbliain 1996. Bhí léiriú de Cúirt an Mheán Oíche déanta ag Siobhán McKenna sa Phéacóg sna 1980idí agus bhí Amharclann na Mainistreach ag cuartú saothar i nGaeilge a bhí chomh maith céanna leis.

“Labhair Patrick Mason le Peadar (Lamb) agus bhí Micheál Ó Briain ann ag an am freisin. Luaigh siadsan cóiriú a dhéanamh ar Cré na Cille. Bhí Macdara Ó Fátharta sa gcompántas ag an am agus dúirt siad ‘cuir Macdara ag obair air agus déanfaidh sé cóiriú air’. Sin é an chaoi ar tharla sé.

“Arís, an saothar. Nuair atá saothar maith agat, tá sé i bhfad níos éasca an obair a dhéanamh.”

Bean aosta í carachtar Chaitríona Pháidín agus ní hamháin go raibh Ní Neachtain óg don pháirt, ach bhí sí torrach freisin. Rinne sí a cuid féin den ról agus is deacair éinne eile a shamhlú anois ann.

“Ansin mar chuid den chomplacht dúirt siad cé hiad na haisteoirí atá ar fáil agus a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Bhí mise ann, ní raibh mé seachtó a dó, ná aon rud gar dhó, agus bhí mé torrach. Ach ní raibh tú in ann ‘no’ a rá!

“Ar bhealach, chabhraigh sé liom mar níl mé chomh mór sin ach nuair a bhí mé torrach chuir sé cineál téagar ionam. An t-aon fhaitíos a bhí orm ná go dtosódh an gasúr ag bogadh thart i mo bholg agus mé ar stáitse is go bhfeicfeadh an lucht féachana gualainnín beag ag gobadh amach!”

Is iomaí ról eile atá déanta ag Ní Neachtain ó shin. Rinne sí páirt ‘Winnie’ sa dráma Laethanta Sona, cóiriú Gaeilge a rinne Micheál Ó Conghaile ar an dráma Happy Days le Samuel Beckett a léirigh Company SJ agus Amharclann na Mainistreach i gcomhar le Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath agus Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe in 2021.

“Thug muid an dráma go hInis Oírr agus léirigh muid amuigh ar chúl an oileáin é. Bhí an léiriú sin tábhachtach, é a thabhairt go dtí an t-oileán.”

Beidh sí le feiceáil an tseachtain seo ar stáitse na Taibhdheirce agus í i bpáirt ‘Sam’ sa dráma The Map of Argentina le Marina Carr atá á stiúradh ag Andrew Flynn is á léiriú den chéad uair i rith Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe.

“Tá cúpla dráma déanta agam le Marina agus is breá liom í mar scríbhneoir agus sin é a mheall mé go dtí an dráma seo. Is breá liom a bheith ag obair le Andrew Flynn agus is breá liom a bheith i nGaillimh. Is í mo chathair í agus tá mé sa mbaile. Ach ar dtús bhí Marina agus an saothar.”

Trí ghlúin atá i gceist sa scéal, lánúin, leannán, athair na mná, máthair an fhir agus clann gasúr. Ní mar a shíltear a bhítear sa dráma agus Carr ag déanamh iniúchadh ar an ngrá agus ar na hiarmhairtí a bhíonn ar na cinntí a dhéantar sa saol. Breathnaítear ar an ngrá atá caillte, an feall, agus an titim amach.

“Breathnaíonn sí ar an mbealach a gcaitear le mná sa tsochaí, agus an bealach a gcaitear leis na fir agus tá sé sin ar fad measctha aici ann. Tá an greann ann chomh maith leis an dorchadas, mar a bhíonn i gcónaí le Marina.”

Rinneadh coimisiúnú ar an dráma in Amharclann na Mainistreach thart ar an mbliain 2012, ach níor cuireadh ar stáitse é go dtí anois. Tá fuinneamh ar leith ag baint le dráma a dhéanamh den chéad uair, a deir Ní Neachtain.

“Tá sé sin an-spéisiúil mar níl sé déanta ag aon duine romhat is níl aon duine ag déanamh comparáide ag rá ‘seo é an chaoi a ndearna sé seo é, nó í siúd é’. Is breá liom a bheith ag obair ar an gcéad léiriú de dhrámaí mar go gcuireann tú do rian féin air, go maith nó go dona, ar do bhealach féin. Is leatsa é.”

Fág freagra ar '‘Cuireann tú do rian féin air, maith nó dona, ar do bhealach féin. Is leatsa é’'

  • Carraig

    Aisteoir iontach.