De ghnáth cíortar cúrsaí sa cholún seo nach raibh aon bhaint dhíreach ag an scríbhneoir seo leo. Is colún as an ngnáth atá scríofa an babhta seo, tharla go bhfaca an té a scríobh cuid mhór dár tharla.
Tá cur síos déanta anseo ar imeachtaí ina raibh an scríbhneoir páirteach ó chuir scata imirceach fúthu i bpáirc bheag gar dá theach cónaithe i i mBaile Átha Cliath seachtain ó shin. Seo mar a tharla.
Dé Sathairn
Maidin: chuir 15 iarrthóir tearmainn pubaill suas ar stráice beag féir atá suite taobh leis an gCanáil Ríoga i mBaile Phib. Tugtar ‘iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta’ orthu go hoifigiúil, toisc nach bhfuil siad cláraithe fós mar iarrthóirí tearmainn. Ar mhaithe le gontacht, tá ‘imircigh’ nó ‘cuairteoirí’ tugtha orthu anseo.
Tháinig siad go moch tar éis do Ghardaí iad a dhíbirt ó shuíomh inar champáil siad roimhe sin. Bhí an chuma orthu go raibh siad idir 18 agus 30 bliain d’aois.
Thug muintir an cheantair bia, uisce, anraith agus caife do na cuairteoirí gan choinne. Dúradh le cuid acu go mbeadh fáilte rompu i dtithe sa chomharsanacht chun dul chuig an leithreas nó chun cith a thógáil.
Tráthnóna: Bhagair scata ógánach (idir ochtar agus deichniúr) a raibh mascanna orthu agus cochaill ar a gcloigne ar na himircigh imeacht. Mura mbeidís imithe faoin mhaidin dár gcionn, a dúirt siad leo, chuirfí an ruaig orthu.
Nuair a thug na hógánaigh faoi deara nach imircigh amháin a bhí i láthair, bhagair siad orainne freisin gan a bheith ag seasamh leo. “F..k NGOs” a bhéic cuid acu nár thuig de réir cosúlachta nach raibh baint againn le heagraíocht neamhrialtasach ar bith. Ba as na sráideanna máguaird ár mbunáite. Bhíomar bailithe ar chúis amháin: chun cabhrú le daoine gan dídean.
Ba dhíol suntais é go raibh cuma eagraithe ar an dream imeaglaithe, a bhí idir 17 agus 20 bliain d’aois. Tháinig siad in éineacht, bhí gach aghaidh clúdaithe ó na súile síos, agus d’imigh siad tar éis cúpla nóiméad.
Dé Domhnaigh
Níor fhill an dream bagrach. Thug muintir an cheantair tuilleadh bia agus dí dóibh. Chuaigh cuid acu chuig tithe atá cóngarach chun cith a thógáil nó chun fóin a luchtú. Fuaireamar amach gur ón bPalaistín a bhformhór ach gur via Libia, an Fhrainc agus an Bhreatain a tháinig siad go hÉirinn coicís ó shin.
Shíl muintir na háite a bhí ag cabhrú leo nach mbagrófaí orthu arís sara mbeadh ionad níos sábháilte ná stráice féir cois canálach aimsithe dóibh. Bhí dul amú orainn.
Dé Luain
Maidin: tháinig beirt Ghardaí a sheas gar don láthair champála ar feadh an lae. Bhí comhaltaí de ghrúpaí a chuidíonn le hiarratasóirí gan dídean ar chosaint idirnáisiúnta gníomhach chun ionad oifigiúil a aimsiú dóibh ach ní raibh toradh ar a gcuid oibre faoi dheireadh an lae.
Bunaíodh grúpa whatsapp chun na cuairteoirí a chur ar an eolas faoi chlárú leis an tSeirbhís Iostais um Chosaint Idirnáisiúnta nó IPAS nó chun cabhair nó bia a fháil ó sheirbhísí deonacha.
Nóta: Tá thart ar 2,400 fear atá cláraithe sa stát mar iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta gan dídean faoi láthair.
Tráthnóna: Tháinig thart ar chúigear ban nach raibh aithne ag duine ar bith ón gcomharsanacht orthu. Dúirt siad le muintir na háite go raibh mná agus páistí curtha i mbaol mar gheall ar theacht na n-imirceach.
Go gairid i ndiaidh dóibh teacht tháinig buíonta fear ar an bhfód ó threonna éagsúla – idir scór agus tríocha fear san iomlán. Bhí mascanna ar chuid acu agus madra mór (sípéir Gearmánach a shíleamar) ar iall ag fear amháin.
Shiúil siad i measc na n-inimirceach ag rá leo go borb imeacht láithreach. Chúlaigh siad ar ordú ó Ghardaí breise a tháinig tar éis cúpla nóiméad. D’fhan cuid acu in aice láimhe agus grianghraif nó físeáin á dtógáil acu den ionad campála agus go háirithe de mhuintir na háite a bhí ag seasamh gualainn ar ghualainn leis na cuairteoirí.
Faoi cheann leathuaire bhí suas le céad de mhuintir na háite tagtha chun tacú leo. Ba ghearr gur mhéadaigh an slua, agus bia agus deoch á thabhairt ag cuid acu. Tháinig ceoltóirí a neartaigh ár misneach lena veidhlíní fad a bhí lucht faire á eagrú againn a choinneodh súil ar phubaill na gcuairteoirí go maidin. Chuidigh an grúpa whatsapp go mór le leagan amach sceideal faire na hoíche.
D’fhan na Gardaí ar an láthair ar feadh na hoíche agus níor tharla aon eachtra eile.
Dé Máirt
Maidin: Tháinig an Seanadóir Marie Sherlock (a bhfuil cónaí uirthi sa cheantar) agus ionadaí ó oifig an Aire Paschal Donohoe (a bhfuil cónaí air in aice láimhe freisin ach a bhí ag freastal ar chruinniú sa Bhruiséil) ar an láthair. Dheimhnigh siad faoi am lóin go gcuirfí ionaid oifigiúla ar fáil d’fhormhór na bhfear i bpubaill mhóra a cuireadh suas ar shuíomh ospidéal tréigthe i nDún Droma.
Dúirt na Gardaí leo go léir áfach go mbeadh orthu imeacht, fiú mura dtairgfí ionad iostais dóibh.
Tráthnóna: D’imigh na cuairteoirí go léir. Chuaigh a bhformhór go Dún Droma ach champáil dornán beag ar bhruach na Life ag Cé n Cathrach.
Oíche: D’ionsaigh fir a raibh sceana, camáin agus píopaí acu an dream a chuir suas pubaill ar Ché na Cathrach. Theith na himircigh tar éis do na hionsaitheoirí pubaill, málaí agus cáipéisí a chaitheamh isteach san abhainn. Fuair siad tairiscintí iostais in áiteanna éagsúla ó shin. Tá an pháirc bheag cois na canálach folamh arís.
Iarfhocal
Ní leigheasfaidh cabhair ó lucht tacaíochta ná bagairt ó bhuíonta bagracha na fadhbanna a bhaineann leis an méadú as cuimse ar theacht na n-imirceach atá ag iarraidh tearmainn.
Is léir i bhfianaise ar tharla i mBaile Phib le seachtain go dteastaíonn fóirithint stáit agus soláthar faisnéise d’imircigh ar scála nach bhfacthas fós. Is léir freisin go dteastaíonn breithniú níos tapúla ar iarratais tearmainn, agus cosaint chuimsitheach rialtais ar an gcóras a léireoidh a éifeacht, nó rún feabhais i gcás mí-éifeachta.
Ní réiteoidh díbirt daoine gan dídean ó áit go háit fadhb ar bith. B’fhéidir go gcuirfeadh a thuilleadh ionsaithe ar imircigh (agus corrghortú nó marú b’fhéidir, mura gcuirtear srian ar bhagairt na n-antoisceach) ina luí ar dhaoine áirithe gan teacht go hÉirinn. Ach is ródhaor agus ró-éiginnte an praghas réitigh é, gan trácht ar a mhímhoráltacht.
Sheas muintir na háite an fód in aghaidh dreamanna bagracha i mBaile Phib. Ba léir ó bheith ag caint leo nár shíl siad gurb ionann cabhrú le daoine faiteacha agus cead isteach neamhtheoranta sa tír. Ba léir chomh maith nach ngéillfidís do dhream bagrach nach raibh aon bhaint acu leis an gceantar.
Cá bhfios cé chomh luath a chuirfidh teacht eile gan choinne brú ar mhuintir Bhaile Phib agus ar phobail eile? Is léir anois an riachtanas, agus an dainséar.
Tá cur chuige is barántas cabhrach ón stát agus polasaí níos éifeachtaí de dhíth orainn go léir, na himircigh san áireamh. Gan dabht is fusa cur i gcoinne bagrach a eagrú am ar bith ná tabhairt faoi chur chuige éifeachtach rialtais.
An fáth, má theastaíonn fáth, gur soiléire ná riamh an phráinn.
JP
Beidh feitheamh fada ar chosa laga againn óir meileann muilte D.É. go mall.
Frank
Tá neart díbeartha de dhíth orainn.
Siobhán
“Tháinig thart ar chúigear ban nach raibh aithne ag duine ar bith ón gcomharsanacht orthu. Dúirt siad le muintir na háite go raibh mná agus páistí curtha i mbaol mar gheall ar theacht na n-imirceach.”
Cé mhéad daoine atá ina gcónaí sa gceantair sin? An bhfuil aithne ag Cathal Mac Coille ar gach duine atá ina gcónaí sa gceantair sin? Níl aithne agam féin ar fhórmhór na ndaoine atá ina gcónaí sa sráid chéanna liomsa gan trácht ar na daoine sna sráideanna máguaird. Deirtear linn nach raibh aithne ag duine ar bith sa gcomharsacht ar na mná seo ach cé hiad na daoine sa comharsacht seo a dhéanann sé tagairt dóibh – an iad na daoine a bhfuil aithne ag Cathal orthu, an iad a chairde pearsanta ach céard faoi na daoine nach bhfuil aithne aige orthu atá ina gcónaí ann freisin? Cá bhfios do Chathal i ndáiríre nach mná áitiúla iad? Ní fios dó – seo sean chleas, sean ghné den mbolscaireacht, “ní hiad na daoine áitiúla atá á dhéanamh ach gríosóirí ón taobh amuigh” – níl san alt seo ach bolscaireacht. Ba bhreá an rud é dhá gcloisfeadh muid dearcadh na ndaoine nach bhfuil sásta go bhfuil na hinimircigh ag teacht chun cónaithe ina gceantair, agus cén fáth, cad a spreagann iad chun a ghabháil amach agus léirsithe a eagrú nó páirt a ghlacadh iontu, ní chloiseann muid a nguthanna siúd, cloiseann muid cáineadh orthu ach ní chloiseann muid cén fáth nach bhfuil siad sásta, ba mhaith liom cloisteáil uathu in áit bolscaireacht den leithéid seo a léamh arís.
Gabhánach
Go raibh maith agat as an alt sin a chathal.
Carraig
Scaoil chugainn isteach iad ina slaoda,
anoir agus aneas, aniar agus aduaidh. Aniar aduaidh go háirithe.
Ina gcéadta/ina mílte/ina gcéadta míle/ ina míle mílte/ina milliúin…
Céad fáilte, céad míle fáilte, cúig chéad míle fáilte….go hÉirinn, go brách na breithe.
An ea?
Cathal Mac Coille
Mar fhreagra ar Shiobhán:
Seo thíos na fáthanna gur féidir glacadh leis gur ó cheantar eile a tháinig an scata ban a bhí ag clamhsán faoi na himircigh a chuir fúthar feadh cheithre lá sa cheantar ina bhfuil cónaí orm.
1 Is in éineacht a tháinig agus a d’imigh siad.
2 Is mar ghrúpa a thug siad fúinn ( na hÉireannaigh) agus faoi na h-imircigh agus an ‘dáinséar’ a bhain leo, dar leo, á mhaíomh acu. Níor labhair siad le agus níor bheannaigh siad do dhuine ar bith ón gceantar.
3 Nuair a deirim ‘ceantar’ táim ag tagairt do 6-8 sráid atá gar don áit, a dtugtar ceantar Sheandúin air.
4 Bhí idir leathchéad agus 150 duine ón gceantar i láthair ag amanna éagsúla (nach raibh ach beirt ina measc ar cairde liom iad) fad a bhí na mná i mbun gearáin. Ní raibh aithne orthu ag duine ar bith a bhí i láthair (a labhair liom agus le daoine a labhairt liom).
5 Bhí mé i láthair fad a bhí siad ag clamhsán agus ar feadh dhá uair an chloig ina dhiaidh sin.
6 Níor said ceist faoin obair a bhí ar bun againn chun dídean sábháilte a aimsiú do na h-imircigh. Níor thagair said cúnamh ach oiread, ainneoin é a bheith soiléir do dhuine ar bith a tháinig ar an láthair go raibh cúnamh (bia, uisce, caifé, úsáid leithris etc) á thabhairt ag muintir an cheantair.
5 Mhaígh bean amháin go raibh sí á himeaglú ag fear aosta a bhfuil cónaí air in aice láimhe (ní raibh, d’éist mé leis an gcomhrá iomlán eatarthu).
Chuir sí fios ar Gharda a d’iarr a seoladh. Tá an seoladh a thug sí ciliméadar ar a laghad ón áit ina raibh sí ina seasamh.
6 Bhí mé I láthair agus ógánaigh a raibh mascanna orthu ag bagairt ar Éireannaigh agus ar imircigh.
7 Is cur síos fírinneach arar tharla gach ar scríobh mé sa cholún.
Cathal
Siobhán
1 “Is in éineacht a tháinig agus a d’imigh siad.”
Is minic a bhuail mé le cairde agus a shiúl muid le chéile d’áite éigin.
2 “Níor labhair siad le agus níor bheannaigh siad do dhuine ar bith ón gceantar.”
Agus aríst, níl aithne agat ar chuile dhuine ón gceantar, ní dóigh liom, agus is minic a bhí mé ag ócáidí poiblí sa gceantar ina bhfuil mé i mo chónaí agus níor aithin mé éinne eile a bhí ann!
3 “Nuair a deirim ‘ceantar’ táim ag tagairt do 6-8 sráid atá gar don áit, a dtugtar ceantar Sheandúin air.”
Mar sin, is áit an-bheag ceantar duit agus níl cead ag daoine eile atá ina gcónaí in aice leis an áis a rá gur as an gceantar sin iad – nach bhfuil cead ag na daoine áitiúla atá ina gcónaí sa chéad sráid eile an taobh amuigh don 6-8 sráid sin an pháirc bheag sin a úsáid nó an páirc le haghaidh daoine saibhre amháin í?
4 “Bhí idir leathchéad agus 150 duine ón gceantar i láthair ag amanna éagsúla (nach raibh ach beirt ina measc ar cairde liom iad) fad a bhí na mná i mbun gearáin. Ní raibh aithne orthu ag duine ar bith a bhí i láthair (a labhair liom agus le daoine a labhairt liom).”
In áit a rá linn cé mhéad daoine a bhí ann, abair linn cé mhéad daoine a raibh tú ag labhair leo agus b’fhéidir nach bhfuil aithne ag do chairde ar chuile dhaoine sa gceantar freisin?
5 “Mhaígh bean amháin go raibh sí á himeaglú ag fear aosta a bhfuil cónaí air in aice láimhe (ní raibh, d’éist mé leis an gcomhrá iomlán eatarthu).
Chuir sí fios ar Gharda a d’iarr a seoladh. Tá an seoladh a thug sí ciliméadar ar a laghad ón áit ina raibh sí ina seasamh.”
A, tuigim anois, ní daoine áitiúla iad má tá orthu siúl 10 nóiméad chun na páirce sin a shroichint, ní daoine áitiúla iad muna bhfuil siad ina gcónaí díreach lámh le do theach!
6 “Bhí mé I láthair agus ógánaigh a raibh mascanna orthu ag bagairt ar Éireannaigh agus ar imircigh.”
Níor luaigh mé na hógánaigh seo, mar sin cén fáth go luann tú iad mar fhreagra liom? Cén fáth nár ghabh na Gardaí iad agus iad ag bagairt ar dhaoine – an ndearna tú gearán leis na gardaí faoi na hógánaigh seo?
7″Is cur síos fírinneach arar tharla gach ar scríobh mé sa cholún.”
Níor dhúirt mé nach cur síos fírinneach é – ach caithfear go raibh meadhrán i do cheann tar éis an cholúin a scríobh.
Mar scríbhneoir do sheirbhís nuachta, cad faoi ghabháil ag na daoine a raibh tú á gcáineadh agus ceisteanna chur orthu cén fáth go bhfuil siad ann, cén fáth nach bhfuil siad sásta, cad faoi ghuth a thabhairt dóibh agus ligint dúinn a scéal a chloisteáil freisin?
Feardorcha
“Tháinig siad in éineacht, bhí gach aghaidh clúdaithe ó na súile síos, agus d’imigh siad tar éis cúpla nóiméad.”
Na comharthaí sóirt, mhuis.
Táid eagraithe agus spreagtha agus feictear agus cloistear iad mar gur sin is mian leo.
Ach mura bhfuil dul amú orm, thug muintir na tíre freagra orainn. Ní maith linn iad. Is fearr le formhór againn na teifigh ná iad. Níl iontu ach brútaigh agus salachar na sráide, b’fhearr liom deicniúr ón bPalaistín im’ ghairdín ná duine acu siúd im’ chomharsanacht.
Síobhán
“b’fhearr liom deicniúr ón bPalaistín im’ ghairdín ná duine acu siúd im’ chomharsanacht”
A Fheardorcha, agus cé mhéad daoine ón bPalaistín a cheapann tú atá i measc na n-inimirceach sin? Cé mhéad Palaistíneach ar éirigh leo éalú ón gcinedhiothú atá á n-imirt orthu i nGaza? Ní Palaistínigh na hinimircigh seo ach daoine ó a lán tíortha atá ag iarraidh saoil níos fearr, agus tuigim sin, beidh tú sásta le deichniúr ina gcónaí i do ghairdín (dála an scéil, ar thug tú do dheichniúr fós nó an áibhéil do fhocla?) ach cad a dhéanas tú nuair a bheidh fiche daoine ag iarraidh bheith i do ghairdín, agus céad agus míle agus níos mó fós? Bhog beagnach 700,000 daoine go dtí’n Ríocht Aontaithe anuraidh agus beagnach 600,000 an bhliain roimhe sin, an gceapann tú gur chóir le Éirinn 700,000 daoine a ghlacadh gach bliain? Bheadh orainn cathair nua níos mó ná Baile Átha Cliath a thógáil gach bliain – an gceapann tú gur féidir linn é sin a dhéanamh?
diarmuid
An as an Phalestín na daoine seo? Cén fáth go bhfuil tú cinnte faoi sin?