Cuireadh chun díospóireachta ar TG4 faighte ag Kenny, Burton, Martin agus Adams

Ach d’fhéadfadh go mbeadh fadhb ó thaobh na teanga de ag clár na bliana seo nach raibh ag clár díospóireachta an toghcháin dheireanaigh…

tg4-leaders-debate
Clár díospóireachta 2011 ar TG4, clár atá fós i measc na gclár is rathúla ag an stáisiún

Tá cuireadh chun díospóireachta tugtha ag TG4 do cheannairí na páirtithe móra polaitíochta, Enda Kenny, Joan Burton, Micheál Martin agus Gerry Adams.

Tá ceannairí na gceithre pháirtí mhóra ar an eolas faoi phlean TG4 díospóireacht teilifíse a eagrú le linn olltoghchán na bliana seo, ach níl aon deimhniú faighte fós ag an stáisiún cé acu an mbeidh nó nach mbeidh na ceannairí sásta páirt a ghlacadh sa chlár.

Thug urlabhraí ó TG4 le fios do Tuairisc.ie nár tugadh ach cuireadh ‘neamhfhoirmeálta’ go dtí na ceannairí go fóill, toisc gan aon socruithe críochnúla a bheith déanta i gcás an chláir agus toisc gan aon dáta don toghchán a bheith fógartha fós.

“Táimid tar éis cur in iúl do cheannairí na bpáirtithe go bhfuil sé i gceist againn a leithéid de chlár díospóireachta a chraoladh agus mar sin tá siad ar an eolas faoin scéal.

“Tá réamhfhógra nó cuireadh neamhfhoirmeálta tugtha againn dóibh agus ní eiseofar cuireadh foirmeálta go dtí go mbeidh a fhios againn cathain a bheidh an toghchán ann agus na socruithe uilig déanta againn,” a dúirt urlabhraí TG4.

Thug an t-urlabhraí le fios go bhfuil cuireadh á thabhairt do na ceannairí is mó a mheastar seans a bheith acu ar oifig an Taoisigh i ndiaidh an toghcháin, an “cur chuige céanna” a bhí ag an stáisiúin i gcás olltoghchán 2011.

D’éirigh go seoigh le díospóireacht lán-Ghaeilge na gceannairí ar TG4 le linn olltoghchán 2011, ach d’fhéadfadh go mbeadh fadhb ó thaobh na teanga ag clár na bliana seo nach raibh ag clár díospóireachta an toghcháin dheireanaigh.

An uair sin, bhí mórán an leibhéal céanna líofachta ag an triúr a bhí rannpháirteach sa chlár díospóireachta– Enda Kenny, Micheál Martin agus Eamonn Gilmore.

Ní dócha gur amhlaidh a bheadh an turas seo agus cáil níos mó ó thaobh líofacht na teanga ar Kenny agus Martin ná mar atá ar Joan Burton agus Gerry Adams.

Tá an clár díospóireachta idir ceannairí na páirtithe móra i 2011 i measc na gclár is rathúla a craoladh riamh ar an stáisiún Gaeilge.

Glactar leis gur ócáid stairiúil a bhí sa díospóireacht ar an 16 Feabhra 2011 idir Enda Kenny, Micheál Martin agus Eamonn Gilmore, an chéad uair riamh a craoladh a leithéid de chlár teilifíse i nGaeilge.

Anuas air sin, bhí Díospóireacht 2011 ar an gcéad díospóireacht triúir idir na ceannairí ó thús fheachtas olltoghcháin na bliana sin agus bhí suim mhór ag na meáin agus an pobal inti dá réir.

D’fhéach 150,000 duine ó thús deireadh ar an gclár agus d’fhéach 408,000 duine ar chuid éigin de.

Díospóireacht dhátheangach a bhí sa mhórdhíospóireacht teilifíse eile a craoladh ar TG4 i 2011 – Áras 2011. Ba é Michael D. Higgins an t-aon duine de rannpháirtithe an chláir toghcháin sin a raibh an Ghaeilge ar a thoil aige.

Fág freagra ar 'Cuireadh chun díospóireachta ar TG4 faighte ag Kenny, Burton, Martin agus Adams'