Cúigear le Covid-19 anois básaithe sa Tuaisceart agus 1,297 cás deimhnithe den choróinvíreas in Éirinn

Aon duine dhéag atá básaithe de thoradh an choróinvíris in Éirinn, cúigear ó thuaidh den teorainn agus seisear ó dheas di

Cúigear le Covid-19 anois básaithe sa Tuaisceart agus 1,297 cás deimhnithe den choróinvíreas in Éirinn

1,297 cás den choróinvíreas atá deimhnithe anois in Éirinn, 1,125 ó dheas den teorainn agus 172 ó thuaidh di.

Deimhníodh 24 cás eile ó thuaidh tráthnóna, mar a bhfuil 172 cás anois. 2,989 tástáil atá déanta sa Tuaisceart.

Tá cúigear básaithe ó Covid-19 sa Tuaisceart.

Bhí Ruth Burke, 82, ar dhuine den bheirt is déanaí a bhí buailte ag an ngalar a bhásaigh. Cailleadh aréir í in Ospidéal Cheantar Aontroma. Ní raibh ar a cumas an galar a chloí, a dúirt a muintir a bhí ag iarraidh go dtabharfaí amach a hainm.

“Nílim ag iarraidh go mbeadh mo mháthair ina staitistic, ba dhuine láidir í,” a dúirt Brenda Burke, iníon Ruth Burke, agus í faoi agallamh ag an BBC.

Dúirt sí go raibh sí cráite nach raibh sí ábalta a máthair a fheiceáil sa chónra ná póg a thabhairt di le “slán a fhágáil aici”.

I bhfíseán a chuir sí amach ar Facebook, d’iarr Brenda Burke ar dhaoine “ciall a bheith acu” agus cloí leis an gcomhairle maidir leis an tsláinte phoiblí.

Seisear atá básaithe de thoradh Covid-19 ó dheas den teorainn.

Inniu an chéad lá ag muintir an Tuaiscirt a bheith ag maireachtáil faoi ordú dianghlasála agus cosc curtha ar dhaoine teacht le chéile i ngrúpaí ina bhfuil níos mó ná beirt.

Faoi na srianta nua a d’fhógair Príomh-Aire na Breataine aréir, ní bheidh cead amach ag daoine ach i gcásanna ar leith agus tá gach siopa nach bhfuil riachtanach dúnta.

Beidh cead ag daoine an teach a fhágáil chun bia agus earraí tí a fháil agus beifear ag súil go ndéanfar sin chomh hannamh agus is féidir.

Dúirt Céad-Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster go gcaithfí na srianta nua a chur i bhfeidhm chun beatha daoine a shabháil.

Dúirt Boris Johnson go raibh gá leis na srianta nua chun cosaint a thabhairt don tseirbhís sláinte, an NHS, trí bhac a chur roimh scaipeadh Covid-19.

“I mbeagán focal, dá mbeadh an iomarca daoine go dona tinn ag an am céanna ní bheidh an NHS ábalta déileáil leis agus d’fhágfadh sin go bhfaigheadh níos mó daoine bás, ní hamháin den choróinvíreas ach de thinnis eile chomh maith,” a dúirt Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson ina óráid teilifíse leis an tír aréir.

Beidh sé de chumhacht ag póilíní na srianta nua a chur i bhfeidhm le fineálacha agus beidh cead acu ordú do dhaoine dul abhaile.

D’fhógair an Rialtas ó dheas a thuilleadh srianta tráthnóna chun dul i ngleic leis an ngéarchéim Covid-19.

Dúirt an Taoiseach nach bhféadfaidh daoine an baile a fhágáil ach le dul ag obair, más gá sin, le dul ag siopadóireacht d’earraí atá riachtanach nó le ruainne aclaíochta a dhéanamh.

Dúirt sé nár chóir aon chuairt a thabhairt ar thithe daoine eile ná a bheith in aon ghrúpa sóisialta ina mbeidh níos mó ná ceathrar.

Fág freagra ar 'Cúigear le Covid-19 anois básaithe sa Tuaisceart agus 1,297 cás deimhnithe den choróinvíreas in Éirinn'