Cúige Mumhan agus Cúige Laighean ar thóir maithiúnais

Greadadh a fuair an dá fhoireann an tseachtain seo caite agus beidh siad ag iarraidh é sin a chur ina cheart agus iad ag imirt sa mbaile an deireadh seachtaine seo

Cúige Mumhan agus Cúige Laighean ar thóir maithiúnais

Is cinnte gur lig Cúige Mumhan agus Cúige Laighean na maidí le sruth agus iad ag imirt as baile an deireadh seachtaine seo caite. Tar éis don dá chúige tús a chur leis an gcomórtas le trí bhua as a chéile, bhí muid ar fad ag súil le héacht eile ó fhoirne dara rogha na gcúigí sula bhfillfeadh a gcuid imreoirí sinsearacha nach raibh ar fáil do thús an tséasúir.

Ach ní mar sin a tharla, bhí an dá fhoireann uafásach ar fad. Chaill Cúige Laighean 38 – 19 agus iad i gcoinne na Cheethas i Staid an Free State san Afraic Theas agus bhí farasbarr 27 pointe ag Glaschú ar na Muimhnigh (37 -10) i Staid Scotstoun. Fágann sin gur sciorr an dá chúige ó bharr an dá thábla, Grúpa A i gcás na Mumhan agus Grúpa B i gcás na Laighneach.

Tá an t-ádh ar an dá chúige go mbeidh buntáiste an bhaile acu an deireadh seachtaine seo agus iad ar thóir maithiúnais óna lucht leanta. Cé gur chaill siad i mBabhta 4, tá beagnach chuile dhuine ag tuar nach mbeidh mórán stró ar Chúige Laighean an ceann is fearr a fháil ar Dhún Éideann san RDS an Aoine seo, go háirithe agus roinnt imreoirí ag filleadh, an chéad chluiche an séasúr seo.

Seans go bhfuil an ceart acu.

Beidh Cúige Mumhan ag tabhairt faoi Caerdydd ar Pháirc Thuamhan ar an Satharn. Caithfidh fir an bhaile a bheith an-chúramach sa gcluiche seo. Beidh a n-eireaball crochta go hard san aer ag na Breatnaigh de bharr an bhua a d’aimsigh siad i gcoinne Chonnacht ar an mBóthar Beag an Satharn seo caite. Mar sin féin, ach an oiread le Cúige Laighean, tá mise ag tuar bua d’fhoireann an bhaile.

Seans go gcuirfidh imirt as baile i gcoinne churaidh an Pro 12, na Scarlets, le deacrachtaí Chonnacht. Níl ach bua amháin as ceithre chluiche ag fir an iarthair fós agus ba chúis mhór náire an chaoi ar chaill siad sa mbaile i gcoinne Caerdydd an Satharn seo caite. Níl mise cinnte an féidir le Cúige Chonnacht na deacrachtaí atá acu a shárú ag an tráth seo ach is cinnte gur míorúilt a bheas ann má tharlaíonn sé sin i gcluiche na hAoine seo.

Cé go bhfuil ar na hUltaigh taisteal as baile ar an Satharn, is cinnte nach mbeidh mórán stró orthu ceithre nó fiú chúig phointe a aimsiú agus iad san Iodáil ag imirt i gcoinne Zebre. Ní fheicim bealach ar bith go n-éireoidh le Zebre a ndara bua an séasúr seo a aimsiú an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar 'Cúige Mumhan agus Cúige Laighean ar thóir maithiúnais'