Cuairt ar phobal beag bídeach a bhfuil ceacht le múineadh acu maidir le misneach agus mórtas cine…

Thug ár gcolúnaí cuairt ar leathpharóiste Mhullach an Leachta i gcontae Longfoirt, a ndearna a bhfoireann pheile ceann de na gaiscí is mó riamh in annála CLG

Cuairt ar phobal beag bídeach a bhfuil ceacht le múineadh acu maidir le misneach agus mórtas cine…

Ón lá stairiúil a bhfuair foireann pheile Mhullach an Leachta an lámh in uachtar ar Chrócaigh Chill Mhochuda i gcraobhchomórtas clubanna Chúige Laighean tá an pobal beag misniúil sin ina lóchrann dóchais ag pobail bheaga eile dá samhail ar fud Éireann.

B’iontach go deo an t-éacht a rinne siad. Cuimhnigh gur leathpharóiste é Mullach an Leachta agus nach bhfuil ann ar fad ach 440 duine.

Is mór idir sin agus an ceantar fairsing daonmhar a bhfuil tarraingt ag Crócaigh Chill Mhochuda as.

Chaith mé féin agus an bhean chéile píosa de lá i Mullach an Leachta le gairid.

Bhí an t-ádh ag rith linn ó thaobh eolais de. Ar shroicheadh na háite dúinn thugamar faoi deara beirt fhear ag obair ar thaobh an bhóthair. Ar scéim fostaíochta pobail a bhí siad. Bhí eolas acu faoin bhfoireann peile cinnte ach mheas siad gurbh fhearr muid a threorú go dtí foinse fhírinneach an eolais.

“Coinnígí oraibh go dtí an teach atá ar thaobh na láimhe deise timpeall an choirnéil,” a dúirt duine acu. “Mac le muintir an tí sin, Shane Mulligan, a bhí ina chaptaen ar an bhfoireann. Bhí deartháir leis, Francis, ag imirt an lá céanna.”

Chuir athair agus máthair an chaptaein, Frankie agus Angela fáilte chroíúil romhainn. Níorbh fhada go raibh an tae agus na brioscaí ar an mbord agus gníomhartha gaile agus gaisce na foirne peile á ríomh.

Ní strainséirí amach is amach a bhí ionainn mar go raibh eolas acu ar an gCaiseal i gConamara. Tá bean mhuintreach le bean an tí ansin. Labhair siad go háirid ar na damhsóirí lúfara sean-nóis, Muintir Chuinneagáin.

D’inis fear an tí dúinn go mbíodh sé féin ag imirt peile ina óige. Coinnítear cuimhne i gcónaí, a dúirt sé, ar na peileadóirí a sheas clú do Mhullach an Leachta san am a caitheadh.

Uair ar bith a mbuann foireann an lae inniu cluiche mór tugann siad cuairt an oíche sin ar an reilig go ndeireann siad paidreacha ar uaigheanna na seanlaochra.

Ag paidreoireacht a bhíonn bean an tí lá cluiche móir freisin. Imní a bhíonn uirthi go ngortófaí a beirt mhac.

Bean an-diaganta í. Is aici atá eochair an tséipéil. Thug sí ansin muid go bhfeicfeadh muid é.

Ag an bpáirc pheile a thug sí muid ina dhiaidh sin aríst. Tá stair an-spéisiúil ag baint leis an bpáirc chéanna.

Blianta fada ó shin thug tiarna talún an cheantair cead peil a imirt ar stráice dá eastát. Tháinig an lá ar díoladh an píosa talún le lucht na foraoiseachta. Bhí sagart ardintinneach san áit agus mhol sé do na buachaillí óga na crainnte beaga a tharraingt as an talamh agus iad a chaitheamh san abhainn. Tháinig na Gardaí ach níor chuir siad an cás níb fhaide.

Is mór an áilleacht an pháirc atá ansin inniu.

Dream atá dlúth dá chéile iad muintir Mhullach an Leachta ar chuile bhealach. Treibh iontu féin iad na peileadóirí fiú amháin. Ba as cúig theach deichniúr díobh siúd a rinne an beart in aghaidh Chrócaigh Chill Mhochuda.

Ansin aríst tá foireann den scoth sa leath eile den pharóiste chomh maith céanna, foireann Loch Gamhna. Daonra scáinte atá ansin freisin..

I gContae Longfoirt atá Mullach an Leachta ach is i gContae Chabháin atá Loch Gamhna!

Ceantar é Mullach an Leachta ar bhánaigh an imirce é in imeacht na mblianta. Tá cúpla buntáiste acu mar sin féin.

Ar an gcéad dul síos tá fostaíocht fhiúntach i mbailte nach bhfuil rófhada uathu agus bóithre maithe go dtí iad. Tá sé d’ádh orthu ina cheann sin nach bhfuil siad sáinnithe i gceantair chaomhnaithe mar atá an chuid is mó de Chonamara mar shampla.

Níl a fhios ag Frankie Mulligan an mairfidh an réim atá faoi pheileadóirí Mhullach an Leachta anois sna blianta atá romhainn. Níl sa scoil náisiúnta ach ceithre bhuachaill déag.

Ach tá sé tugtha faoi deara aige go bhfuil cuid de na daoine atá ag obair sna bailte máguaird ag tógáil tithe sa gceantar. Tugann sin misneach dó.

Níor chaill fear an mhisnigh riamh é, a deirtear. Tá sin ag an bpobal beag neamhghnách seo – misneach, mórtas cine, traidisiún agus comhoibriú.

Fág freagra ar 'Cuairt ar phobal beag bídeach a bhfuil ceacht le múineadh acu maidir le misneach agus mórtas cine…'

  • Eoinín

    Misneach agus mórtas cine, sin eile a theastaionn ó phobal ar bith!