Cruinniú ‘práinneach’ á lorg ag Sinn Féin le hOllscoil na Gaillimhe agus an chéad uachtarán gan Gaeilge ceaptha le breis is 100 bliain

Tá sé ráite ag an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go dteastaíonn “soiléiriú le práinn” ó phobal na Gaeilge agus “díomá” ann gur ceapadh uachtarán nua gan Gaeilge ar Ollscoil na Gaillimhe

Cruinniú ‘práinneach’ á lorg ag Sinn Féin le hOllscoil na Gaillimhe agus an chéad uachtarán gan Gaeilge ceaptha le breis is 100 bliain

Tá urlabhraí Gaeilge Shinn Féin i ndiaidh scríobh chuig uachtarán nuacheaptha Ollscoil na Gaillimhe ag lorg cruinniú práinneach chun stádas na Gaeilge san ollscoil a phlé.

D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe an tseachtain seo a chuaigh thart go raibh an tOllamh David J Burn ceaptha mar an 14ú hUachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe. Is é Burn an chéad uachtarán ar an ollscoil le breis is 100 bliain nach bhfuil Gaeilge aige.

Dúirt urlabhraí ó Ollscoil na Gaillimhe inniu go dtugann siad tús áite do stádas dátheangach na hollscoile agus nach “raibh aon riachtanas soiléir ann go mbeadh líofacht sa nGaeilge ag uachtarán na hollscoile, ó 2017 i leith”.

Áirítear “freagracht reachtúil” le ról an uachtaráin as ceannaireacht láidir a chur ar fáil, chun tacú le tiomantas don teanga agus don chultúr a chur chun tosaigh.

“Mar a bhí ráite san fhógra faoi cheapadh an uachtaráin úir, tá nasc láidir ag an Ollamh Burn le hÉirinn a théann siar 35 bliain agus tá eolas maith aige ar ár n-oidhreacht shaibhir agus ár gcultúr bríomhar,” a dúradh.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go bhféachfar ar cheapachán uachtaráin gan Gaeilge “mar chéim chun cúil” in ollscoil atá in ainm is a “bheith lárnach in athbheochan” na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Bhí agus tá mise agus a lán eile den tuairim go bhfuil an cháilíocht maidir leis an Ghaeilge níos riachtanaí ná ceann ar bith de na scileanna lárnacha eile ar chóir a bheith tógtha san áireamh toisc an ról ar leith maidir leis an Ghaeilge atá ag Ollscoil na Gaillimhe.

“Beidh an tUachtarán freagrach as campais a rith i nGaeltacht Chonamara agus Thír Chonaill mar chuid d’Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. An mbeidh brú ar bhaill foirne agus mic léinn le Gaeilge aistriú go Béarla agus iad ag dul i dteagmháil lena nUachtarán institiúideach féin?” a dúirt sé.

“As an 19 institiúid ardoideachais sa Stáit, ní raibh ach coinníoll Gaeilge ag baint le ceann amháin acu. Agus é sin anois scriosta, ní mór féachaint ar conas sainiú a déanamh i gceart ar cad is brí le hollscoil dhátheangach,” a dúirt Ó Snodaigh.

Tá an tOllamh David J Burn, a bhí ina Leas-Seansailéir Ionaid Dhámh na nEolaíochtaí Leighis in Ollscoil Newcastle, le tosú ar a théarma i nGaillimh an chéad mhí eile.

Fág freagra ar 'Cruinniú ‘práinneach’ á lorg ag Sinn Féin le hOllscoil na Gaillimhe agus an chéad uachtarán gan Gaeilge ceaptha le breis is 100 bliain'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Léiriú eile fós, má tá a leithéid ag teastáil, gur cuma leis an institiúid cois Coiribe faoin nGaeilge le ceapachán seo an Ollaimh D. J. Burn mar uachtarán, fear nach bhfuil focal Gaeilge ina phluic! Ar ndóigh cuireadh riachtanas na Gaeilge don uachtaránacht ar ceal roinnt blianta ó shin agus ansin athbhaisteadh an institiúid. Bheadh NUIG = No Use for Irish in Galway (?) róghar don chnáimh is dóichí! Agus maíonn Gaillimh gur cathair dhátheangach í! Béarla agus Geordie b’fhéidir! Cúpla bliain ó shin, cuireadh as an áireamh mé féin do phost ollscoile i nGaillimh mar gur dhiúltaigh mé scrúdú Gaeilge (scríofa agus labhartha) a dhéanamh mar chuid den phróiséas, ar an gcuntar gur cainteoir dúchais Gaeilge mé, go raibh céimeanna BA agus MA agam sa nGaeilge agus i léann na Gaeilge agus PhD sa Léann Ceilteach, go raibh m’iarratas poist agus CV scríofa i nGaeilge agam. Thabharfainn an cur i láthair don phost i nGaeilge freisin, chomh maith leis an agallamh a dhéanamh i nGaeilge dá dtagadh sé chuige sin, ach sílim go rabhthas á n-iarraidh siúd i mBéarla! Ag breathnú siar dom ar an scéal aríst, nach orm a bhí an t-ádh dearg gur dhiúltaigh mé léim trí na roithleagáin sin!

  • SF

    Is cuir i géill atá sa ráiteas gur Ollscoil dhátheangach í. Léirítear drochmheas ar an Ghaeilge gach lá, le baill foirne ag ligean orthu féin go bhfuil Gaeilge acu ar mhaithe le ardú céime nó post a fháil, agus ag gearrán má tá gá an Ghaeilge a úsáid le haghaidh aon rud. Tá baill foirne san Ollscoil ag plé le Údarás na Gaeltachta trí Bhéarla maidir le cláir agus tionscnaimh éagsúla agus ní fiú gur fógraíodh scoláireacht a chuir ÚnaG ar fáil le gairid i nGaeilge – is i mBéarla amháin a d’fhógair an Ollscoil é ar mheáin shóisialta.