Tá “cruinniú práinneach” á lorg ag Sinn Féin le hUisce Éireann i ndiaidh dóibh a dheimhniú nach mbeadh siad ag leanstan ar aghaidh le céim a dó de scéim séarachais Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall roimh 2030.
Níl scéim séarachais Ghaoth Dobhair luaite i bplean caipitil an rialtais agus Uisce Éireann suas go dtí 2030.
Agus é ag labhairt faoin scéala seo, dúirt an Teachta Dála, de chuid Shinn Féin, Pearse Doherty, go bhfuil sé “go hiomlán do-ghlactha” nach bhfuil Uisce Éireann ag leanstan ar aghaidh le céim a dó, den scéim roimh 2030.
Dúirt sé go bhfuil “infreastruchtúr bunúsach” tuillte agus de dhíobháil ar mhuintir Ghaoth Dobhair agus go gcaithfidh an rialtas “seasamh isteach” chun a chinntiú go gcuirfidh Uisce Éireann an t-infreastruchtúr sin ar fáil.
Ag labhairt dó ar an chlár 7Lá ar TG4 an tseachtain seo caite, dúirt Doherty go bhfuil an rialtas agus Uisce Éireann ag déanamh “neamhaird” ar cheantracha tuaithe agus ar cheantracha atá “i gcroílár na Gaeltachta”.
Dúirt sé go bhfuil an chéad chéim den scéim séarachais “ag feidhmiú agus ag obair go maith”, ach nach bhfuil ach 50 teach faoin scéim seo.
Luaigh sé go dtiocfaidh le “600 teach” a bheith ceangailte le céim a dó den scéim, dá mbeadh sé ag feidhmiú.
Agus dúirt nach bhfuil plean ar bith ag Uisce Éireann tabhairt faoin dara cuid den scéim anois, cé gur thug Uisce Éireann agus an rialtas “gealltanas” go mbeadh sé déanta roimh 2030.
“An scéim atá i nGaoth Dobhair anois, níl ann ach 50 teach, ach is é sin an chéad cheann den tsórt áit ar bith sa tír seo agus laghdaíonn sé na costaisí go suntasach, mar sin déanann sé seo ciall go gcuirfeadh siad an scéim seo chun tosaigh.”
D’ardaigh an Teachta Dála, Doherty scéim séarachais Ghaoth Dobhair faoi dhó sa Dáil le roinnt seachtainí anuas agus thagair sé chomh maith de roinnt fadhbanna a bhain le cúrsaí uisce ar oileáin Ghaeltachta amach ó chósta Dhún na nGall.
Thug sé le fios go raibh drochthionchar ag easpa scéimeanna séarachais ar chúrsaí timpeallachta agus tithíochta i nGaeltacht Ghaoth Dobhair.
Dúirt sé gur chuir sé gearán faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh in 2015, faoi theip an stáit scéim séarachais a chur ar fáil i nGaoth Dobhair agus gur chinn an Coimisiún céim a haon de scéim phíolótach a chur ar fáil do 50 teach sa cheantar.
“Níos mó ná deich mbliana níos deireanaí, tá muid go fóill ag fanacht chun tús a chur leis an chéim eile den scéim,” a dúirt sé.
Dúirt sé go raibh drochthionchar ag an mhoill seo ar an timpeallacht nádúrtha sa cheantar agus go bhfuil sé ag cur bac ar fhorbairtí ar nós “óstáin, tithíocht shóisialta agus tithe príobháideacha” i nGaoth Dobhair.
Lorg Tuairisc ráiteas ó Uisce Éireann, chun soiléiriú a fháil ar an fáthanna nach mbeadh siad ag leanstan ar aghaidh le céim a dó de scéim séarachais Ghaoth Dobhair roimh 2030, ach ní bhfuair muid freagra ar bith go fóill.
Fág freagra ar '‘Cruinniú práinneach’ á lorg ag Sinn Féin le hUisce Éireann faoi scéim séarachais Ghaoth Dobhair'