Cruinniú éigeandála ag Rialtas na Breataine agus a margadh Breatimeachta déanta ag May

Agus margadh Breatimeachta déanta, tá brú mór anois ar Theresa May a plean a dhíol lena comhairí, leis an dream is diongbháilte ar son an Bhreatimeachta ina páirtí féin agus leis an DUP

Cruinniú éigeandála ag Rialtas na Breataine agus a margadh Breatimeachta déanta ag May

Beidh cruinniú éigeandála ag Rialtas na Breataine amárach, áit a mbeifear ag lorg beannacht na comhaireachta don mhargadh deiridh Breatimeachta atá aontaithe ag Theresa May leis an Aontas Eorpach.

Tuairiscítear go bhfuil breis agus 400 leathanach sa mhargadh imeachta, arb é an chéad chéim sa phróiseas maidir le himeacht na Breataine ón Aontas.

Tuairisíodh tráthnóna go raibh an téacs maidir le ceist na teorann sa mhargadh Breatimeachta aontaithe ag lucht idirbheartaíochta an Aontais Eorpaigh agus na Breataine.

Thuairiscigh RTÉ Nuacht tráthnóna gur thángthas ar réiteach faoi théacs an mhargaidh i dtaobh an chúlstop ag 9pm aréir agus gur cuireadh an scéal faoi bhráid lucht Shráid Downing ina dhiaidh sin.

De réir na tuairisce, tá an téacs a bhaineann leis an moladh chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint “chomh buan agus is féidir leis a bheith” ach nach ionann sin agus a rá go bhfuil clabhsúr curtha ar an idirbheartaíocht faoin margadh imeachta.

Tuairisíodh inné go raibh téacs mhargadh an Bhreatimeachta nach mór aontaithe ag an Aontas Eorpach leis an mBreatain agus gur faoi Theresa May a bhí sé an margadh a dhíol lena comhairí ag baile.

Tuairisíodh gurb é sin a thug Michel Barnier le fios d’airí na mballstát eile inné i ndiaidh an bhabhta is déanaí cainteanna faoin mBreatimeacht.

De réir na tuairisce ag RTÉ tráthnóna, ‘cúlstop’ amháin atá sa mhargadh chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Is é atá sa chúlstop atá aontaithe ná go mbeadh socrú sealadach ann go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san aontas custaim agus go mbeadh socruithe breise speisialta ann do Thuaisceart Éireann ó thaobh chustam agus rialacha an aontais.

Deirtear go bhfuil córas athbhreithnithe i dtaobh an chúlstop mar chuid den téacs.

De réir tuairisce sa Financial Times tráthnóna inné, dúirt príomh-idirbheartaí an Aontais leis na hairí ón 27 ballstát eile go raibh príomhghnéithe an tsocraithe leagtha amach den chuid is mó ach gur gá toil pholaitiúil chun go mbeadh sé ina mhargadh. 

Beidh brú mór anois ar Theresa May a plean Breatimeachta a dhíol lena comhairí, leis an dream is diongbháilte ar son an Bhreatimeachta ina páirtí féin agus leis an DUP.

In alt nuachtáin inné, dúirt an t-iar-rúnaí gnóthaí eachtracha Boris Johnson nach mbeadh sa Ríocht Aontaithe ach “coilíneacht” dá nglacfaí le moladh May chun teorainn chrua a sheachaint in Éirinn. Dúirt sé go bhfágfadh an cúlstop go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe “i ngéibheann” agus gurbh amhlaidh gur mheasa fanacht san aontas custaim ná fanacht san Aontas Eorpach féin. 

Tá Theresa May faoi bhrú mór chomh maith ón DUP, ar a bhfuil a Rialtas ag brath, agus é ráite ag ceannaire an pháirtí sin Arlene Foster nach mbeadh aon ghlacadh aici le haon socrú speisialta do Thuaisceart Éireann i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Meastar dá bhféadfaí teacht ar shocrú faoin margadh imeachta roimh an gCéadaoin go bhféadfaí cruinniú mullaigh a fhógairt don mhí seo, rud a d’fhágfadh go bhfoilseofaí an margadh imeachta agus an ráiteas faoin gcaidreamh a bheadh feasta idir an Bhreatain agus an tAontas. 

Tuairiscítear go dteastaíonn ó Phríomh-Aire na Breataine go mbeadh a leithéid de chruinniú ann an mhí seo ionas go mbeadh am aici daingniú a fháil ón bParlaimint dá plean.

D’fhéadfadh go ndéanfaí margadh imeachta a fhaomhadh ag an gcruinniú mullaigh den Aontas atá beartaithe don 13-14 Nollaig, ach is beag am a bheadh ag May ansin vóta parlaiminte a eagrú roimh bhriseadh na Nollag.

Dúirt an Tánaiste Simon Coveney inné gur “láidre ná riamh” tacaíocht an Aontais do sheasamh na hÉireann maidir le ceist na teorann.

Tá cainteanna ar siúl le tamall idir an dá thaobh in iarracht fuascailt a fháil ar an tsáinn san idirbheartaíocht, agus go háirithe ar cheist na teorann in Éirinn.

Is é an cúlstop ar mhaithe le teorainn chrua a sheachaint an dris chosáin is mó sna cainteanna i gcónaí. 

Bhí Rialtas na Breataine ag moladh go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san aontas custaim ar feadh seala i ndiaidh an Bhreatimeachta, ach cead a bheith acu deireadh a chur leis an socrú sa chás go dtiocfaidís ar réiteach eile maidir le cás na teorann.

Bhí an tAontas agus Rialtas na hÉireann diongbháilte de, áfach, nach mbeadh aon chead ag an mBreatain tarraingt siar ón gcúlstop as a gconlán féin.

Fág freagra ar 'Cruinniú éigeandála ag Rialtas na Breataine agus a margadh Breatimeachta déanta ag May'