Cruinneas, stuaim agus smacht ag teastáil ó Ghaoth Dobhair chun Cora Finne a shárú

Ba cheart go mbeadh sárchluiche ann idir seaimpíní Dhún na nGall agus seaimpíní na Gaillimhe tráthnóna i gCora Droma Rúisc

Cruinneas, stuaim agus smacht ag teastáil ó Ghaoth Dobhair chun Cora Finne a shárú

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Gaoth Dobhair v Cora Finne – Páirc Sheáin Mhic Diarmada, 1.30pm (Beo ar TG4)

Nuair a thosaigh peileadóirí Ghaoth Dobhair ar an traenáil in earrach na bliana seo caite, is beag duine acu a cheap go mbeadh cluiche an lae inniu i ndán dóibh. Foireann óg a bhí ag teacht chun cinn i Machaire Gathlán agus ní raibh daoine ag súil go ndéanfadh siad oiread sin gaiscí chomh sciobtha seo.

Mí Dheireadh Fómhair seo caite, bhuaigh siad craobh an chontae den chéad uair ó 2006. Sé seachtaine ina dhiaidh sin, ba iad an chéad fhoireann ó Dhún na nGall le breis agus dhá scór bliain a bhuaigh Craobh Uladh agus anois níl ach aon bhua amháin eile idir Gaoth Dobhair agus Páirc an Chrócaigh Lá Fhéile Pádraig.

Níl aon amhras ann ach gurb é cluiche an lae inniu an dúshlán is mó rompu go dtí seo.

Is iad Cora Finne seaimpíní na hÉireann faoi láthair agus is é seo an ceathrú huair acu le cúig bliana anuas a bheith ag imirt i gcluiche leathcheannais na hÉireann. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an-chleachtadh acu ar an mbriseadh fada a bhíonn idir cluiche ceannais an chúige agus cluiche leathcheannais na hÉireann, taithí nach bhfuil ag fir Ghaoth Dobhair.

Meastar go bhfuil an briseadh fada sin ar cheann de na rudaí is mó a chuireann as d’fhoirne an tráth seo den bhliain. Is spéisiúil gur lig lucht bainistíochta Chora Finne do roinnt imreoirí, Ian Burke, Liam Silke, Michael Farragher, Dylan Wall agus Kieran Molloy, cúpla cluiche a imirt d’fhoireann shinsir na Gaillimh mí Eanáir.

Sa gcluiche tráthnóna, seans go mbeidh Gaoth Dobhair sásta titim siar beagáinín agus dul ar an bhfrith-ionsaí. D’oibrigh an cleas sin go maith dóibh i gcluichí ceannais an chontae agus an chúige ach tá taithí mhaith ag Cora Finne ar fhoirne a bhíonn ag iarraidh iad a phlúchadh.

Tá tosaithe den scoth ag na Gaillimhigh agus bíonn Cora Finne breá sásta seilbh a choinneáil ar an liathróid ar feadh cúpla nóiméad, go dtí go n-aimseoidh siad an spás atá uathu.

Tá sé de cháil ar Ian Burke go bhfuil sé ar dhuine de na tosaithe is glice agus is lúfaire sa tír ach caithfear súil a choinneáil ar na fir eile atá timpeall air chomh maith. Tá Martin Farragher tagtha chun cinn go mór le cúpla bliain anuas agus tá sé féin, Gary Sice agus Jason Leonard fíorchruinn. Cuir leis sin coisíocht Mhicheál Lundy agus bíonn sé an-deacair ar chosantóirí iad a choinneáil faoi smacht.

Ní fhéadfá a rá go bhfuil aon locht ar imreoirí Ghaoth Dobhair ach an oiread. Is cosantóirí díograiseacha iad Christopher McFadden agus Odhrán McFadden-Ferry, gan trácht a dhéanamh ar Neil McGee an lánchúlaí, agus déanann an fhoireann uile iarracht mhór ó thaobh na cosanta de.

Nuair a thugtar go leor imreoirí siar, ní mór don chuile dhuine acu a bheith sách scafánta sciobtha le dul te bruite ar an ionsaí nuair a fhaigheann siad seilbh na liathróide arís agus is cinnte go bhfuil an bua sin ag Gaoth Dobhair.

Agus Dáire Ó Baoill, Odhrán Mac Niallais, Michael Carroll, Cian Mulligan agus Michael Carroll acu, tá na Conallaigh breá ábalta an liathróid a bhogadh go gasta ó thaobh taobh na páirce agus beidh an t-athrú sin, idir a bheith ag cosaint agus a bheith ar an ionsaí, iontach tábhachtach más faoi Ghaoth Dobhair cluiche an lae inniu a bhuachan.

Má éiríonn leo a bheith cruinn stuama agus smacht a choinneáil ar an imirt, d’fhéadfadh Gaoth Dobhair teacht aniar aduaidh ar Chora Finne i gCora Droma Rúisc tráthnóna, ach ba mhór an t-éacht a bheadh ann.

Rogha Tuairisc.ie: Cora Finne

Fág freagra ar 'Cruinneas, stuaim agus smacht ag teastáil ó Ghaoth Dobhair chun Cora Finne a shárú'