Croitheadh bainte as pobal Ghaeltacht Mhaigh Eo agus corp buachalla aimsithe i Loch Measca

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála tráthnóna inné nuair a chuaigh buachaill cúig bliana d’aois ar iarraidh san uisce

Croitheadh bainte as pobal Ghaeltacht Mhaigh Eo agus corp buachalla aimsithe i Loch Measca

Tá an-chroitheadh bainte as pobal Ghaeltacht Mhaigh Eo ag an scéala gur tháinig lucht cuardaigh inniu ar chorp an bhuachalla óig cúig bliana d’aois a chuaigh ar iarraidh san uisce i Loch Measca, gar do Tuar Mhic Éadaigh, inné.

Dúirt an sagart paróiste sa cheantar an tAthair John Kenny inniu gur “tréimhse an-deacair” é. Ba mheasa fós cúrsaí de bharr na paindéime, a dúirt sé, ach bhí sé cinnte go n-éireodh le daoine cabhrú lena chéile.

Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála tráthnóna inné ag a 6.30pm nuair a chuaigh an buachaill, arb as an ceantar dó, ar iarraidh san uisce.

Chuir an Garda Cósta, an Garda Síochána, oibrithe deonacha de chuid an Chosaint Sibhialta, Tarrtháil Uisce Loch Measca agus foireann  tumadóirí as an áit tús leis an chuardach aréir agus leanadh leis maidin inniu ag 6am.

Thart ar 8.30am a thángthas ar an gcorp.

Ghlac héileacaptair de chuid an Gharda Cósta páirt sa chuardach chomh maith.

Dheimhnigh urlabhraí de chuid an Gharda Síochána inné go raibh an cuardach ar bun ar Loch Measca, áit mhór iascaireachta agus bádóireachta.

Tuairiscíodh gur thit an buachaill, an páiste is óige de chúigear, isteach san uisce i ndiaidh dó a bheith ag spraoi ar dhingí lena dheartháireacha agus deirfiúracha.

Fág freagra ar 'Croitheadh bainte as pobal Ghaeltacht Mhaigh Eo agus corp buachalla aimsithe i Loch Measca'