Crógacht Liam Uí Mhaolaodha léirithe ar chlár suaite cumhachtach faoin bhfoghlaí gnéis Domhnall Ó Lubhlaí

Ar ‘Finné’ na seachtaine seo, tugadh léargas ar ghníomhartha danartha an fhoghlaí ghnéis Domhnall Ó Lubhlaí agus an díobháil a dhein sé dóibh siúd a d’fhulaing

Crógacht Liam Uí Mhaolaodha léirithe ar chlár suaite cumhachtach faoin bhfoghlaí gnéis Domhnall Ó Lubhlaí

Is fada mise amuigh,
Is fada mé im thost,
Is nach fios nach amhlaidh bheidh go deireadh scríbe;
…Tá m’aigne fé ghlas.

Siad na línte thuas as an dán Tost le Seán Ó Ríordáin a chuir tús leis an ngála is déanaí den tsraith Finné (TG4, Dé Céadaoin). Ba chumhachtach agus ba shuaite an clár é. I gcaitheamh an uair an chloig tugadh léargas ar ghníomhartha danartha an fhoghlaí ghnéis Domhnall Ó Lubhlaí agus an díobháil a dhein sé dóibh siúd a d’fhulaing.

Mar is dual don tsraith seo déantar cíoradh ar chúrsaí trí shúile an íospartaigh. Sa chás seo sé Liam Ó Maolaodha a thugann cuntas ar an mí-úsáid a d’fhulaing sé féin agus an lorg trom a d’fhág sé ar a shaol go dtí an lá atá inniu ann. Tá aithne ag pobal na Gaeilge ar Liam le fada agus é ina stiúrthóir ar an Oireachtas. Léirigh sé crógacht agus teacht aniar iontach agus a scéal féin á insint aige. 

Is é Liam a dhein línte an Ríordánaigh a aithris ag tús an chláir. Trácht á dhéanamh aige ar ó Lubhlaí, a bhí mar mhúinteoir Gaeilge aige i 1971, a bheith ag labhairt faoin tábhacht a bhaineann le bheith in ann rún a choimeád. 

An t-arrachtach ag stánadh sa dá shúil ar an ógánach. Níor chuir Liam a scéal féin os comhair an tsaoil ar feadh i bhfad, rud eile a ghoilleann air, agus smacht intinne Uí Lubhlaí ba chúis lena thost. Ní raibh Ó Maolaodha ach cúig bliana déag nuair a dhein Ó Lubhlaí mí-úsáid ghnéis air Meán Fómhair 1971. Dhein sé cur síos cráite ar an mí-úsáid agus labhair sé go hionraic, tomhaiste faoin lorg atá fágtha aici air féin agus ar dhaoine eile. 

Domhnall Ó Lubhlaí

Bhí an-aithne agus an-mheas ar Ó Lubhlaí i saol na Gaeilge ar feadh na mblianta; ba é a bhunaigh Cumann na bhFiann agus Coláiste na bhFiann. Thug cur síos Liam ar chéad turas Uí Lubhlaí ar a mhuintir pictiúr dúinn d’fhear mórchúiseach, tiarnúil; fear a shantaigh aird an chomhluadair.  D’úsáid sé an stádas, an chumhacht, an t-údarás agus gliceas sin ar fad le cluain a chur ar dhaoine agus teacht i dtír ar shoineantacht buachaillí óga. An t-arrachtach i lár an aonaigh agus faoi chló an Ghaeil mheasúil. 

Dúirt Liam go bhfuil aithne aige ar thuairim is céad duine a d’fhulaing mí-úsáid ghnéis agus dar leis go bhféadfadh a dheich n-oiread sin a bheith i gceist. Thug Breandán Delap, Uinsionn Mac Dubhghaill, Muireann Ní Mhóráin agus Gearóid Ó Murchú breis den chomhthéacs agus de scéal Uí Lubhlaí dúinn. 

Thosaigh an gad ag teannadh ar Ó Lubhlaí ó 1991 ar aghaidh nuair a dhein íospartach iarracht dúmhál a dhéanamh air. Cad é cora agus castaíocha sa scéal go dtí gur thit an cás cúirte as a chéile in 2002. Bhí tuairiscí ann faoi fhianaise a bheith caillte nó loite ag na Gardaí agus ráflaí ann go rabhthas ag cosaint Uí Lubhlaí mar go raibh sé ag tabhairt faisnéise ar chomharsa a bhí san IRA. 

D’éag Ó Lubhlaí sara bhféadfaí é a thabhairt chun cuntais. Maireann an éiginnteacht go dtí an lá atá ann agus diúltaithe ag na Gardaí an t-athbhreithniú a deineadh ar a bhfiosrúcháin faoi Ó Lubhlaí a fhoilsiú nó a roinnt leis na híospartaigh. 

Clár suaite ach clár tábhachtach, cumhachtach. Clár ar dheacair féachaint air ach clár ar cheart féachaint air. 

Fág freagra ar 'Crógacht Liam Uí Mhaolaodha léirithe ar chlár suaite cumhachtach faoin bhfoghlaí gnéis Domhnall Ó Lubhlaí'

  • Bairbre Ní Ógáin

    An-mholadh ag dul do Liam, agus do lucht déanta an chlár, as an gclár seo – ‘súil agam go gcabhróidh sé le daoine eile agus go gcuirfidh sé brú ar lucht Rialtais an fhírinne a insint.

  • John M.O`Donoghue

    Clár iontach tabhachtach. Tá Catherine Connolly T.D. chun ceisteanna a chur ar an tÁire Dlí agus Cirt anois faoi fiosrúcháin ciotach na nGardaí.

    Tá sé thar am deireadh a chur le fulaingt na n-iobartach, Liam Ó Maolaodha san áireamh, sa chás seo.

  • Paula Ni Shlatarra

    Léiríonn scéal Liam cé chomh deacair a bhíonn sé ar dhuine scéal rúin a bheatha a insint. Ualach mór ar dhuine éagóir a rinneadh air le linn a óige a bheith faoi cheilt. Nach amhlaidh dos na mná a bhí sna tithe “máthair agus naíonan”?

  • Seán Mag Leannáin

    Domhnall Ó Lubhlaí: slíomadóir, suarachán, bréagadóir agus brúid. Liam Ó Maolaodha: fear uasal cróga agus laoch i saol na Gaeilge. Baineadh geit asam gur éirigh le Ó Lubhlaí a chuid coireanna a cheilt ar feadh i bhfad agus dá bhrí sin b’fhéidir go n-ardaíonn sé ceisteanna do ghluaiseacht na Ghaeilge sa tréimhse sin chomh maith.

  • Catherine O Ceoinin

    Chomh fada agus is eol dom, chaill O Lubhlai an post a bhi aige le na ceard scoileannai i gCo. Thiobrad Arann…de bharr a bheith gniomhach san IRA i dtus na gcaogaidi. ce’n chaoi mar sin ar eirigh leis a bheith ceapaithe i mean scoil ina dhiaidh sin?
    Bhi an mhisneach ag Liam O Maolaodha labhairt amach faoin sceal seo. Is iontach liom a laghad sontais a tugadh don chlar….