Críoch á cur leis an gcomórtas ciorclach agus cíocras ag baint leis na cluichí

Seacht lá ó shin cé a cheap go mbeadh an baol ann go mbeadh na Déise imithe as an gcraobhchomórtas roimh dheireadh na míosa?

Críoch á cur leis an gcomórtas ciorclach agus cíocras ag baint leis na cluichí

Darragh Fitzgibbon Chorcaí. Pic: INPHO/Ken Sutton

Táimid tagtha chuig ceann scríbe an deireadh seachtaine seo agus na cluichí deireanacha sa gcomórtas ciorclach nó sa ‘round robin’ á n-imirt sa dá chúige.

Agus cad é mar dheireadh seachtaine iomána atá amach romhainn.

I gCúige Laighean tá tábhacht fós ag baint leis na cluichí go léir a bheidh ar siúl anocht. Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair tá a n-áit sna chéad trí fhoireann cinntithe ag an nGaillimh agus má bíonn comhscór nó bua acu i gcoinne Átha Cliath inniu, beidh áit acu i gcluiche ceannais an chúige. Maidir le Cill Chainnigh, chinnteodh comhscór i gcoinne Loch Garman a n-áit sna chéad trí fhoireann agus thabharfadh bua áit sa chluiche ceannais dóibh. Más féidir le hÁth Cliath comhscór a fháil inniu beidh siad cinnte d’áit sna cluichí cáilithe do Chraobh na hÉireann. Caithfidh Loch Garman a gcluiche a bhuachaint i gcoinne na gCat chun an tríú háit sa chúige a thabhairt leo. Má chríochnaíonn Cill Chainnigh, Áth Cliath agus Loch Garman cothrom ar sé phointe i ndiaidh na gcluichí anocht bheadh an difríocht scórála go mór i bhfabhar na gCat agus na gCarmannach.

Tá cluiche deireanach an chúige idir Laois, atá fós folamh, agus an Iarmhí, a bhfuil pointe luachmhar amháin acu. Fágann sin gur leor comhscór don Iarmhí chun an baol dícháilithe a sheachaint. Beidh na cluichí go léir ar siúl ag a sé anocht. Déarfainnse go mbeidh cúrsaí teasaí i gcluiche an lae i bPáirc Uí Nualláin agus a seans deireanach ag na Carmannaigh chun a séasúr a choimeád beo.

Déarfainn nach mbeidh móran trócaire ag ceachtar den dá fhoireann. Tá an duais thar a bheith mór mar atá sna coimhlintí go léir ach beidh faobhar is cíocras faoi leith ag baint leis an gcluiche seo. Bheadh sé deacair gan Cill Chainnigh a roghnú.

Anseo sa Mhumhain beidh Luimneach agus an Clár i gcoinne a chéile i gcluiche ceannais an chúige ar an gceathrú lá den Mheitheamh. Agus i ndiaidh aicsean an deireadh seachtaine seo caite, creid é nó ná creid, tá seans fós ag na trí chontae eile an tríú háit a bhaint amach.

A leithéid de thorthaí a bhí againn seachtain ó shin. Seacht lá ó shin cé a cheap go mbeadh an baol ann go mbeadh na Déise imithe as an gcraobhchomórtas roimh dheireadh na míosa? Agus cé a cheap go mbeadh seans ag Corcaigh agus ag Tiobraid Árann cáiliú agus iad ina suí ansiúd ag bun an tábla, fuar folamh? Ar ndóigh is amhlaidh atá seans ag na trí chontae ach is é bun agus barr an scéil go gcaithfidh na trí chontae sin a gcluichí a bhuachaint, rud nach féidir leis tarlúint, ar ndóigh.

Ach má bhuann Corcaigh ar na Tiobraid Árannaigh beidh siadsan tríd, beag beann ar cad a tharlóidh sna cluichí eile.

Beidh Port Láirge ar an mbóthar go hInis agus bua ag teastáil uathu. Seans go mbeidh siad gann ar mhuinín. Ba mhór an buille dóibh cailliúint i gcoinne Chorcaí ach tá seans amháin fágtha acu anois i gcoinne an Chláir, foireann atá ag imirt go diail ar fad, iad lán le muinín agus Tony Kelly ar ais ar a sheanléim. Caithfidh siad an bua a fháil agus a bheith ag guí nach mbuafaidh Corcaigh ar Thiobraid Árann.

Coicíos ó shin bhí an chuma ar an scéal go raibh an todhchaí thar a bheith dorcha do Chorcaigh agus do Thiobraid Árann. Amárach i nDurlas Éile tógfaidh an buaiteoir na pointí agus más le Corcaigh an lá, is acu a bheidh an tríú háit sa chúige. Má bhuann na Tiobraid Árannaigh beidh seans cáilithe acu ach é sin ag brath go mór ar thorthaí eile.

Tá cluiche mór eile ar siúl freisin i Staid Tom Semple amárach agus an chraobh faoi 20 á himirt idir Luimneach agus Cill Chainnigh. Beidh na pictiúir ar TG4.

Fág freagra ar 'Críoch á cur leis an gcomórtas ciorclach agus cíocras ag baint leis na cluichí'