Creideamh fíorchrua Kate Forbes an SNP

Díol suime an díospóireacht a spreag caint Kate Forbes, Gaeilgeoir as Páirtí Náisiúnach na hAlban

Creideamh fíorchrua Kate Forbes an SNP

Is spéisiúil an díospóireacht a tháinig as an méid a bhí le rá ag an bpolaiteoir as Páirtí Náisiúnach na hAlban Kate Forbes. Bhí seans maith aici a theacht i gcomharbacht ar Nicola Sturgeon ina ceannaire ar an bPáirtí ach tá go leor dá cuid comhghleacaithe iompaithe ina haghaidh anois faoin gcaoi a ndiúltaíonn sí do phósadh idir fir agus do phósadh idir mná.

Níl glacadh ar bith aici ach an oiread le comhriachtain roimh an bpósadh, an pósadh beag mar a thugtaí air i gCois Fharraige fadó.

Is fuath léi adhaltranas, craiceann bradach mar a chuala mé fear as Ros Muc a thabhairt air uair amháin.

Ní gá a rá go bhfuil sí in aghaidh an ghinmhillte go huile agus go hiomlán.

Bhí sé de cháil ar Pháirtí Náisiúnach na hAlban gur dream liobrálach a bhí iontu chomh fada agus a bhaineann sé leis na cúrsaí seo. Ní mar sin ab fhearr le Kate Forbes é a bheith.

Níl sé soiléir fós cén fáth ar éirigh Nicola Sturgeon as an gceannaireacht agus gan súil ar bith leis. B’fhéidir go bhfaca sí an meon atá ag Kate Forbes ag scaipeadh agus nach raibh sé d’fhoighid aici aghaidh a thabhairt air.

Lena chois sin bhí sé ráite aici gur reifreann ar neamhspleáchas d’Albain a bheadh sa gcéad olltoghchán eile sa mBreatain. Tá go leor sa bpáirtí nach n-aontaíonn leis an modh oibre sin.

Síleann siadsan gurbh fhearr i bhfad dóibh díriú ar chúrsaí eacnamaíochta na hAlban faoi láthair, ar an gcostas maireachtála agus ar na deacrachtaí atá sa gcóras sláinte.

Polaiteoir an-éifeachtach í Kate Forbes ar bhealaí go leor. Tá Gaidhlig aici freisin. Sa mbliain 2018 rinne sí óráid mhaith i bParlaimint na hAlban faoi aitheantais don Ghaidhlig ó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO).

Ach reiligiún atá á spreagadh thar rud ar bith eile. Ball í den Eaglais Shaor. Sainchreideamh soiscéalach Cailvíneach atá acusan. Sin le rá go bhfuil creideamh fíorchrua acu.

Chuir an chaint a rinne Kate Forbes i gcuimhne dhomsa seal a chaitheamar ar an Eilean Leodhais, mé féin, bean an tí agus an bheirt ghasúr a bhí againn ag an am.

Ag freastal ar chruinnithe de Chomhairle nan Eilean Siar a chaith mise trí lá. Is cosúil le hÚdarás na Gaeltachta í Comhairle nan Eilean Siar ach go bhfuil níos mó cumhachta ag na hAlbanaigh.

Thug mé faoi deara gurbh é Béarla breá na banríona a labhraíodh comhaltaí na Comhairle le linn na gcruinnithe ach go n-iompaídís ar an nGaidhlig nuair a thagadh briseadh le haghaidh an lóin.

Bhí córas aistriúcháin chomhuainigh sa seomra ach ní bhaintí leas ar bith as.

Níor fhiafraigh mé díobh cén creideamh a bhí acu ach nuair a tháinig an Domhnach agus gur theastaigh uainne na gasúir a thabhairt chuig páirc spraoi fuair muid amach go raibh an pháirc dúnta. An creideamh crua aríst.

Lá amháin thugamar cuairt ar bhaile beag ar a dtugtar Páirc. Bhí monarcha bheag feamainne ann.

Casadh isteach muid i dteach a raibh Gaidhlig á labhairt ann. Go fiú an mada a bhí acu thuig sé Gaidhlig.

Chaith mise píosa deas ag comhrá le fear an tí sa seomra suite. Bhí mo bheansa agus a bhean siúd i mbun dianchomhrá sa gcisteanach.

Oíche Dé Sathairn a bhí ann agus bhí an bhean Albanach ag réiteach glasraí i gcomhair dhinnéar an Domhnaigh.

“Nach tú atá eagraithe, bail ó Dhia ort,” a dúirt mo bheansa.

“Ní hé sin é,” an freagra a fuair sí “ach ní thaitneodh sé leis an bhfear istigh dá mbeinn á dhéanamh seo Dé Domhnaigh.”

Caint a bhí inti a thuigfeadh Kate Forbes go rímhaith.

Fág freagra ar 'Creideamh fíorchrua Kate Forbes an SNP'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Ní foláir a bheith féaráilte maidir lena leithéid seo… níltear mar a shíltear sa lá atá inniu ann. Is maith liom Ceit ach níl inti ach duine amháin agus ní athróidh sé sin mar a bheidh sa bparlaimint. Creideamh ná gan chreideamh, níl an creideamh chomh fíorchrua agus a bhí agus na báid farantóíreachta i n-Oileán Leódhais ag seoladh anois ar “Là na Sàbaid”.