Conspóid faoi chaint Bhéarla bhall den Ord Oráisteach ag Oireachtas na Gaeilge

I mBéarla amháin a labhair údar ag seoladh leabhráin ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, rud a chuir as do chuid den lucht éisteachta

Conspóid faoi chaint Bhéarla bhall den Ord Oráisteach ag Oireachtas na Gaeilge

Tá conspóid ann faoi chaint Bhéarla a tugadh ag Oireachtas na Gaeilge faoi ábhar a bhain leis an Ord Oráisteach.

Le linn na hócáide Dé Sathairn, ag ar seoladh trí leabhrán faoi stair an Oird Oráistigh lasmuigh de chúige Uladh, shiúil Íte Ní Chionnaith, iaruachtarán ar Chonradh na Gaeilge, agus beirt eile amach mar nach rabhadar sásta le caint Bhéarla údar na leabhrán, Quincey Dougan.

Dúirt urlabhraí ó Oireachtas na Gaeilge le Tuairisc.ie gurb é polasaí na heagraíochta go reáchtáiltear “chuile imeacht ag féile an Oireachtais i nGaeilge agus i nGaeilge amháin”.

Dúradh nár tugadh le fios dóibh roimh ré go mbeadh an ócáid áirithe seo nó aon chuid di i mBéarla agus gur tuigeadh dóibh gur i nGaeilge amháin a bheadh sí.

Ba é Ciarán Ó Coigligh, an t-iarléachtóir Gaeilge agus ball den DUP, a d’aistrigh na leabhráin go Gaeilge agus a chuir Quincey Dougan i láthair i nGaeilge ag an ócáid.

Mhaígh an t-údar, Quincey Dougan go raibh “agóidí” i gceist ag an seoladh agus gur léiríodh easpa “measa” air mar aontachtach nach raibh ach ag iarraidh a bheith fial agus a dhearcadh a mhíniú.

Ach bhí insint eile ar an scéal ag Ailbhe Ó Monacháin, iriseoir de chuid Nuacht TG4, a bhí i láthair ag an ócáid.

Dúirt Ó Monacháin gurbh amhlaidh go ndúirt Dougan i dtús a chuid cainte as Béarla nár theastaigh acht Gaeilge ó aontachtóirí agus gur cháin Íte Ní Chionnaith an méid sin sular fhág sí an seomra.

Thug Dougan “the white elephant in the room” ar an acht Gaeilge atá á éileamh ag pobal na teanga agus daoine eile ó thuaidh.

Dúirt Ó Monacháin ar Twitter gur “tugadh deis iomlán don chainteoir labhairt”, go raibh comhrá aige leis na daoine a bhí i láthair, cuid acu a cheannaigh a leabhráin, agus gur chroith sé lámh leo.

Dúirt Ó Monacháin nár cheart “ócáid Bhéarla ar bith” a eagrú ag Oireachtas na Gaeilge “beag beann ar chúlra ná ar chreideamh/dearcadh an chainteora”.

Dúirt Quincey Dougan ina dhiaidh sin arís gur léiríodh easpa “measa” dó ag an ócáid.

Dúirt Íte Ní Chionnaith le Tuairisc.ie nár chuir sí stop le Quincey Dougan a chuid tuairimí a nochtadh ach gurbh amhlaidh gur mhínigh sí cén fáth go raibh sí chun an seomra a fhágáil.

Dúirt sí nach raibh sí ag iarraidh saoirse cainte a cheilt ar Dougan agus gur fhág sí an seomra lena míshástacht a chur in iúl faoin gcaint a bheith as Béarla.

Ag labhairt ar a son féin, a bhí sí, a dúirt sí, nuair a chuir sí a míshástacht in iúl roimh fhágáil di.

Bhain an mhíshástacht sin le hOireachtas na Gaeilge a bheith “á úsáid d’ócáid i mBéarla, rud nach bhfuil ceadaithe ag an Oireachtas”.

Bhí sí míshásta chomh maith, a dúirt sí, gur úsáideadh “ardán” ag Oireachtas na Gaeilge chun “ionsaí a dhéanamh ar acht teanga don Ghaeilge sna sé chontae agus chun cur i gcoinne cearta teanga phobal na Gaeilge”.

Fág freagra ar 'Conspóid faoi chaint Bhéarla bhall den Ord Oráisteach ag Oireachtas na Gaeilge'

  • Seán Mag Leannáin

    Quincey Dougan agus Ciarán Ó Coigligh, trodaithe diongbháilte an Oird Oráistigh, in uaimh an leoin ag Oireachtas na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Cogadh na gcultúr nó cogadh na sifíní? Rith sé liom nach bhfuil ag fear bodhar ach lán a chluas a thabhairt leis.

  • I dtír na mbodhrán

    Maíonn “urlabhraí” an Oireachtais go “reáchtáiltear chuile ócáid ag an Oireachtas i nGaeilge amháin.” Ag magadh atá an turlabhraí sin agus tuigeann gach éinne é sin.
    Nach aisteach nach gcloiseann Íte Ní Cionnaith lucht “STEIP” ag Béarlóireacht ar fud na háite le linn na féile; rud atá in aghaidh na haidhmeanna oifigiúla atá ag an Oireachtas.

    Faraor tá go leor againn a shiúl amach as an Oireachtas fadó de bharr STEIP agus ní de bharr Quincey Dougan.