Beidh doirse Uimhir 6 Sráid Fhearchair, ceannáras Chonradh na Gaeilge, á ndúnadh ag deireadh na míosa seo ar feadh trí bliana agus tús á chur leis an obair thógála ar lárionad Gaeilge nua.
Beidh Conradh na Gaeilge, An Siopa Leabhar, Oireachtas na Gaeilge, Baile Átha Cliath le Gaeilge, Seachtain na Gaeilge, Raidió Rí-Rá agus grúpaí eile atá lonnaithe in Uimhir 6 ag aistriú chuig suíomhanna eile san ardchathair atá á n-aimsiú faoi láthair.
Deireadh ré don teach tábhairne aitheanta ‘Club Chonradh na Gaeilge’, a bheas ag dúnadh ar feadh trí bliana. Beidh oícheanta ‘Pop-Up rialta’ á reáchtáil i dtithe tábhairne sa chathair nuair a bheas an fhorbairt úr á tógáil.
Fuair an Conradh cead pleanála ag deireadh 2020 chun a gceannáras a fhorbairt mar lárionad Gaeilge. Tá amharclann, caifé agus stiúideo raidió nua i measc na n-áiseanna úra a bheas ar fáil san ionad nua.
Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go mbeidh “dúshláin ann” do gach grúpa a bhíodh ag feidhmiú in Uimhir 6 Sráid Fhearchair, ach go ndéanfadh an lárionad nua freastal i bhfad níos fearr ar phobal na Gaeilge nuair a bheadh an obair curtha i gcrích.
“Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil an t-am tagtha le hUimhir 6 Sráid Fhearchair a fhágáil ar feadh tréimhse ghairid chun an lárionad a fhorbairt tar éis a bheith ag caint faoi seo le 20 bliain anuas. Beidh dúshláin ann do gach grúpa atá lonnaithe sa teach, agus tuigimid go mbeidh daoine a bhaineann úsáid as Uimhir 6 thíos leis sna chéad trí bliana eile ach táimid cinnte gur fiú an tairbhe an trioblóid.
“Nuair a shroichtear mullach an tsléibhe is fiú an dreapadh an radharc. Freastalófar i bhfad níos fearr ar phobal na Gaeilge sa chathair nuair a bheidh an fhorbairt curtha i gcrích” a dúirt sí.
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur forbairt “iontach” í a chuirfeadh breis seirbhísí ar fáil do phobal na Gaeilge.
“Táimid ar bís go bhfuil muid anois ag an gcéim gur féidir linn tús a chur leis an bhforbairt iontach seo, tionscadal claochlaitheach a chuirfidh breis seirbhísí agus áiseanna Gaeilge fáil don phobal sa chathair.
“I measc na n-áiseanna nua a bheidh ann in Uimhir 6, beidh caifé, ionad ilúsáide, amharclann, agus neart eile le cur leis na seirbhísí reatha ón lárionad.
“Chomh maith leis sin ar fad, beimid ag obair le geallsealbhóirí éagsúla ó cheantar Shráid Fhearchair, Sráid Camden, Sráid Synge agus eile leis an gCeathrú Ghaeilge i mBaile Átha Cliath a fhorbairt a fhad is atá an obair ag dul ar aghaidh in Uimhir 6,” a dúirt sé.
Tá €500,000 curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta don fhorbairt atá á mhaoiniú chomh maith ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW).
Deirtear go mbeidh stair an fhoirgnimh á ceiliúradh sa ionad nua agus gur áis “luachmhar” a bheas san ionad do chainteoirí agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus do theaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí le Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath.
Ag labhairt di faoin fhorbairt cheana, dúirt an an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin gur tionscadal é a bhaineann “le caomhnú foirgnimh a bhfuil tábhacht náisiúnta stairiúil ag baint leis”.
Dúradh go raibh an tionscadal ar cheann de phríomhthionscadail Roinn na Gaeltachta agus go mbeadh infheistíocht shuntasach ag dul dó in 2024, 2025 agus 2026.
Máire Ní Dhuiginn
Guím gach rath ar an gConradh sa todhchaí leis an bhforbairt seo.
Daithí
Tá rud amháin easpach. An bhfuil eolas agat cén áit a bheidh siad ag gluaiseacht go?
Carraig
Ceard faoin chuid eile den tír?
Corcaigh, Port Láirge, Luimneach etc fágtha ar an trá fholamh le fada an lá.