Connolly go rábach chun cinn don uachtaránacht, 3% a deir gur cainteoir Gaeilge atá uathu – pobalbhreith

38% de dhaoine atá ag tacú le Catherine Connolly de réir na pobalbhreithe is déanaí agus Heather Humphreys fágtha i dtaobh le 20%

Connolly go rábach chun cinn don uachtaránacht, 3% a deir gur cainteoir Gaeilge atá uathu – pobalbhreith

Tá Catherine Connolly go rábach chun cinn sa rás don Áras, de réir na pobalbhreithe is déanaí.

38% de dhaoine a ghlac páirt sa phobalbhreith Irish Times/Ipsos B&A a dúirt go vótálfaidís don iarrthóir neamhspleách agus gan ach 20% ag tacú lena céile comhraic Heather Humphreys, iarrthóir Fhine Gael.

5% a thug le fios go dtabharfaidís vóta céadrogha do Jim Gavin, an t-iarrthóir de chuid Fhianna Fáil a d’éirigh as an rás ach a bhfuil a ainm fós ar an bpáipéar ballóide.

Dá seasfadh na figiúirí sin lá na vótála, thoghfaí Catherine Connolly ar an gcéad chomhaireamh.

Agus gan ach seachtain fágtha go dtí go rachaidh daoine chuig na botháin vótála, 18% a deir nach bhfuil a fhios acu cé leis a thacóidh siad agus 6% a deir go bhfuil rún acu a vóta a lot. 12% a dúirt nach bhfuil sé i gceist acu vóta a chaitheamh.

Nuair a cuireadh ceist ar dhaoine cad é an tréith ba thábhachtaí dóibh a bheith ag iarrthóir, dúirt 3% gur “duine a labhraíonn Gaeilge” ba thábhachtaí. 39% a dúirt gurb é an rud ba thábhachtaí ná go mbeadh duine ann “a mbeadh cur chuige gníomhach acu agus a labhródh amach faoi chúrsaí”.

Ba thábhachtaí do 33% “duine a dhéanfadh jab maith d’ionadaíocht a dhéanamh thar lear ar an tír”. Duine “iontaofa go bhféadfaí brath orthu” a theastaigh ó 10% agus duine a n-aontóidís lena “tuairimí polaitiúla” a theastaigh ó 9%. Níor thug ach 1% le fios gurb é an rud ba thábhachtaí dóibh ná go mbeadh beannacht an pháirtí is ansa leo ag iarrthóir.

Maidir leis an lucht tacaíochta a bhí ag Jim Gavin, mórán mar a chéile a bhí líon na ndaoine sin a dúirt go dtabharfaidís an dara vóta do Connolly agus líon na ndaoine a dúirt go dtabharfaidís do Humphreys, buille mór eile d’iarrthóir Fhianna Fáil.

Dúirt 49% de na daoine a ceistíodh nach mbraitheann siad ina n-ionadaithe acu aon duine de na hiarrthóirí.

Fág freagra ar 'Connolly go rábach chun cinn don uachtaránacht, 3% a deir gur cainteoir Gaeilge atá uathu – pobalbhreith'