‘Conas ’tánn tú?’ agus ‘Sin a bhfuil’ agus ‘sin a mbeidh ann’ – roinnt nodanna faoi chúrsaí gramadaí

An Ghramadach: Sa chaighdeán scríofa, déantar dealú idir a bhfuil agus go bhfuil ar an ábhar gur dhá chuid dhifriúla den ghramadach iad

‘Conas ’tánn tú?’ agus ‘Sin a bhfuil’ agus ‘sin a mbeidh ann’ – roinnt nodanna faoi chúrsaí gramadaí

Le cois a bhfuil ráite agam cheana i dtaobh na gcúrsaí seo, tá cúpla focal sa Ghaeilge againn a bhfuil solúbthacht ag baint leo ó thaobh cé acu clásal a úsáidtear ina ndiaidh. Am, lá, oíche agus bliain na focail sin – agus ón mbliain 2017 amach, tráth.   

Is féidir idir chlásal díreach (e.g. ‘atá’) agus chlásal indíreach (e.g. ‘a bhfuil’) a úsáid ina ndiaidh.

Má chuirtear an tsolúbthacht sin i bhfeidhm ar bhriathra eile, tuigfimid go gcloisfimid leaganacha mar ‘Cén t-am a gcríochnaíonn na ranganna?’ agus ‘Cén t-am a chríochnaíonn na ranganna’.

Déarfaí, leis, ‘An lá a bunaíodh an coimisiún’ nó ‘An lá ar bunaíodh an coimisiún’ mar chuid den chóras céanna.

Mhíníos cheana sanasaíocht an leagain go bhfuil i nGaeilge na Mumhan nuair is ionann é agus a bhfuil sna canúintí eile. Tá córas go bhfuil leata amach go dtí briathra agus aimsirí eile ó dheas, agus is minic a leagtar an córas céanna anuas ar an gcopail, sa tslí is go gcloistear leithéid ‘B’in an bhliain gur bunaíodh an coimisiún’ agus mar sin de.

Éabhlóid canúna atá i gceist anseo seachas aon rud a n-oirfeadh an lipéad éagórach ‘mícheart’ dó.

Sa chaighdeán scríofa, áfach, déantar dealú idir a bhfuil agus go bhfuil ar an ábhar gur dhá chuid dhifriúla den ghramadach iad: ‘An fear a bhfuil carr deas aige’, mar a phléamar cheana, agus ‘Dúirt Seán go bhfuil sé traochta’.

‘Caint indíreach’ a thugtar ar shampla Sheáin ansin, áit a dtugtar slán a ráiteas, ‘Táim (tá mé) traochta’. Má fhéachann tú ar na graiméir, feicfidh tú an téarma claoninsint á úsáid sa chás gur ‘caint indíreach’ atá i gceist.

Le filleadh ar a bhfuil, áfach, is minic é le fáil i leaganacha mar ‘Is leat a bhfuil agam’ agus ‘D’ainneoin a bhfuil ráite aige roimhe seo’.

Sa chás sin, cuimsíonn an clásal an méid atá á thabhairt le tuiscint ach nach bhfuil á rá go neamhbhalbh, agus ní hionann é agus clásal coibhneasta indíreach. I mbeagán focal, is ionann a bhfuil sna samplaí deireanacha seo thuas agus an méid atá.

Címid arís é sa nath is coitianta ar a mbéal ag foghlaimeoirí: ‘Sin a bhfuil’.

Maidir leis na nathanna, ‘Sin a bheidh/bheas ann’ agus ‘Sin a mbeidh ann’, tá difríocht brí eatarthu sin:

Sin a bheidh/bheas ann = That’s what it will consist of;

Sin a mbeidh ann = That’s all it will consist of – i.e., ní bheidh ann ach an méid sin.

Cloisim ‘clásal cuimsitheach’ á thabhairt go neamhfhoirmeálta ar an gclásal atá i gceist le leithéidí a bhfuil agus a mbeidh thuas. ‘Clásal aidiachtach’ a thugtar air i nGraiméar na mBráithre Críostaí, áfach, agus is féidir é a aithint i mbriathra eile. Mar shampla, tá sé san amhrán ‘Ceaite an Chúil Chraobhaigh’:

‘Tabhair do mhallacht do do mháithrín is go deo deo do t’athair,

Is a maireann beo in Éirinn de do ghaolta dhá seasann…’

Is ionann ‘a maireann’ anseo agus ‘an méid (daoine) a mhaireann’ (agus a áirítear ar do ghaolta).

Sin a bhfuil de ‘a bhfuil’ agus a chuid gaolta.

Ó tharla caint déanta agam cheana ar ‘Cén chaoi a bhfuil tú?’ an Chonnachtaigh, agus toisc eolas a bheith ag daoine ar ‘Goidé mar atá tú?’ an Ultaigh, níor mhiste críochnú le ‘Conas ’tánn tú?’ an Mhuimhnigh.

Mar is eol dúinn ar fad, ‘Conas atá tú?’ an caighdeánú a rinneadh air sin, rud a thugann le fios gur atá a leanann an focal ‘conas’ de ghnáth. Maidir leis an leagan ‘Conas go bhfuil?’, áfach, tá sé sin bailí agus ceart chomh maith céanna, agus ní hionann a bhrí agus brí ‘Conas atá…?’. ‘Conas a tharla go bhfuil…?’ atá i gceist leis – is é sin, cén dóigh nó cén chaoi ar tháinig sé i gceist go bhfuil sé sin amhlaidh, atá á fhiafraí (Bráithre Críostaí, 28.8).

Fág freagra ar '‘Conas ’tánn tú?’ agus ‘Sin a bhfuil’ agus ‘sin a mbeidh ann’ – roinnt nodanna faoi chúrsaí gramadaí'

  • Pól Ó Braoin

    Go raibh míle maith agat, Kevin, faoin míniú deas cuimsitheach sin a thabhairt dom ar an difríocht chráite thochasach sin idir “atá” agus “a bhfuil”, agus faoin spléachadh ar na difríochtaí canúnacha chomh maith. Togha fir!

  • Seán Ó

    GRMA, chonaic mé “conas go bhfuil” le deánaí agus bhí me fiosrach faoi