Coláiste Oiliúna lán-Ghaeilge do bhunmhúinteoirí molta ag stiúrthóir Oideas Gael

Dúirt sé go mbeadh an-éileamh ar a leithéid de bharr go mbeadh múinteoirí ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta ar fud na hÉireann, chomh maith le tuilleadh múinteoirí a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu ar fáil do scoileanna Béarla an stáit freisin

Coláiste Oiliúna lán-Ghaeilge do bhunmhúinteoirí molta ag stiúrthóir Oideas Gael

Tá molta ag stiúrthóir Oideas Gael, Liam Ó Cuinneagáin, go mbunófaí Coláiste Oiliúna do mhúinteoirí bunscoile a bheadh “ag feidhmiú go huile is go hiomlán” i nGaeilge.

Dúirt Ó Cuinneagáin le Tuairisc.ie go mbeadh “an-éileamh” ar choláiste oiliúna do bhunmhúintheoirí a bheadh Gaelach ó thaobh teanga theagaisc de ach ó thaobh éiteas an choláiste freisin. Dúirt sé go raibh coláistí oiliúna éagsúla “an-Ghaelach ar fad” san am a chuaigh thart ach gurbh fhearr dá mbeadh coláiste ann a mbeadh an Gaelachas agus an Ghaeilge mar chuid dá éiteas.

Dúirt sé go mbeadh an-éileamh ar a leithéid de bharr go mbeadh múinteoirí ar fáil do na scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Gaeltachta ar fud na hÉireann, chomh maith le tuilleadh múinteoirí a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu ar fáil do scoileanna Béarla an stáit freisin.

Chuir sé “iontas” ar Ó Cuinneagáin nár leagadh a leithéid de chúram ar Choláiste Marino i mBaile Átha Cliath, coláiste a bhí “an-Ghaelach” tráth dá raibh, dar leis agus dúirt sé nár thuig sé cén fáth nár thug Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoina leithéid de choláiste a bhunú go dtí seo.

Thagair sé don choláiste oiliúna Hiberna a d’fhorbair Seán Rowland agus dúirt gur eisimleáir é an coláiste sin do choláiste lán-Ghaeilge do bhunmhúinteoirí.

“Má thig le Seán Rowland coláiste oiliúna a fhorbairt i mBéarla, is é sin Biberna, thig coláiste a fhorbairt i nGaeilge. Orainn féin an locht mar phobal na Gaeilge nach bhfuil a leithéid seo bainte amach againn go fóill,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Dúirt sé gur mór an trua go bhfuil scoth na gcainteoirí Gaeilge ag imeacht ón tír seo le dul ag múineadh i Sasana agus in Dubai mar gheall ar chúrsaí pá agus go bhfuil fíorghanntanas bunmhúinteoirí ann ata in ann a bheith ag obair i scoileanna arb í an Ghaeilge teanga theagaisc na scoile í.

Dúirt sé gur tharraing sé féin an cheist anuas cúpla bliain ó shin i dtuarascáil a scríobh sé don nuachtán The Irish Times ach gur beag aird a tugadh ar a chuid moltaí.

D’admhaigh Príomhchigire na Roinne Oideachais agus Scileanna, Harold Hislop, go bhfuil fadhb ann “ar fud an chórais” maidir le caighdeán Gaeilge na múinteoirí in Éirinn, idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna.

Bhí Hislop ag labhairt an tseachtain seo ag cruinniú de chuid Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i dTithe an Oireachtais nuair a dúirt sé go raibh fadhb le caighdeán na Gaeilge, ní hamháin i measc múinteoirí bunscoile agus múinteoirí Gaeilge, ach i measc múinteoirí atá ag múineadh ábhar eile trí mheán na Gaeilge.

“Níl aon dabht ach nach bhfuil caighdeán Gaeilge na múinteoirí sásúil. Bíonn deacrachtaí ag príomhoidí múinteoirí a fháil in ábhair eile a bhfuil Gaeilge acu. Tá beirt léachtóirí sa bhreis le fostú san ollscoil i nGaillimh le dul i ngleic leis an bhfadhb sin,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Coláiste Oiliúna lán-Ghaeilge do bhunmhúinteoirí molta ag stiúrthóir Oideas Gael'