Cóisir cocktail Karen curtha ar ceal agus cos i bhfeac ag an DUP maidir le cearta teanga

Is cosúil go bhfuil airteagal creidimh déanta ag an DUP as diúltú do reachtaíocht a chinnteodh cearta teanga do Ghaeilgeoirí tráth arb údar imní é ról agus cumas rialtas na Breataine maidir le sáinn Stormont

Cóisir cocktail Karen curtha ar ceal agus cos i bhfeac ag an DUP maidir le cearta teanga

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Cé chomh holc is a chaitheann caidreamh a bheith le go dtabharfaidh na haíonna ar fad an t-eiteachas do chuireadh chuig fáiltiú dí? Cóisir manglam in Stormont tráthnóna Dé Máirt a bhí beartaithe, an Státrúnaí Karen Bradley ina hóstach. Cúpla deoch agus canapé, dar le polaiteoir amháin. Fíon agus brioscáin fhataí, arsa duine eile, nó cocktails más mian leat a bheith ardnósach.

Cibé ollmhaitheas a bhí ar an gclár, níor blaiseadh de. Ceithre huaire fichead roimh an sprioc chuir Oifig Thuaisceart Éireann an ócáid ar ceal. Bhí diúltaithe as éadan ag na páirtithe ar fad don chuireadh. Ba í Michelle O’Neill thar ceann Shinn Féin an chéad duine a thug droim láimhe don chóisir. Ansin, ina gceann is ina gceann, thug gach páirtí eile an t-eiteachas di freisin.

Theastaigh ón Státrúnaí Karen Bradley deis a thabhairt do Theachtaí Tionóil thairis na daoine atá páirteach sna cainteanna ilpháirtí bualadh le chéile go neamhfhoirmeálta chun dea-chaidreamh a chothú roimh athnuachan Stormont, dar leis an ráiteas óna hoifig. Ba é breithiúnas na bpáirtithe gur bhotún eile a bhí sa phlean seo sa mhullach ar liosta fada de thaismí an Státrúnaí. Dúirt Karen Bradley arís (i ráiteas, ní in agallamh) gurb í fuascailt na sáinne in Stormont a cuspóir thar aon ní eile.

Ní léir go bhfuil éacht déanta aici agus í sa tóir ar an gcuspóir sin agus na páirtithe ar fad den bharúil go bhfuil sí éagumasach. Cuireadh tús leis na cainteanna reatha ar an 7 Bealtaine. Ba é an plean go mbeadh toradh orthu roimh dheireadh na míosa seo. Bunaíodh grúpaí ar leith chun na fadhbanna a scrúdú agus modhanna réitigh a aimsiú. Maíonn bunáite na bpáirtithe anois go bhfuil obair na meithleacha tugtha chun críche. Fágann sin an obair pholaitiúil fós le déanamh, réiteach idir na páirtithe faoi choimirce an dá rialtas.

Ón milleánú a bhí ar siúl go poiblí le cúpla lá anuas ní léir go bhfuil an deacracht a bhí idir an DUP agus Sinn Féin i mí Feabhra anuraidh i ngaobhar a bheith fuascailte. Tuairiscítear go ndearna an mheitheal ilpháirtí dul chun cinn maidir le hAcht Gaeilge sa mhéid is go ndearna siad iarracht cad a bheadh i gceist a leagan amach seachas cén teideal a bheadh air. ’Sí an fhadhb go bhfuil airteagal creidimh déanta ag an DUP as diúltú do reachtaíocht a chinnteodh cearta teanga do Ghaeilgeoirí.

Tuigim go raibh súil ag rialtas an hÉireann agus duine nó dhó sa mhaorlathas in Stormont go gcuirfeadh an DUP chun tosaigh éileamh sonrach a d’fhéadfaí a aithint mar quid quo pro d’Acht Gaeilge. Níor tharla sé sin, is cosúil.

Dúirt leas-uachtarán Shinn Féin, Michelle O’Neill cúpla lá ó shin nach raibh déanta sna cainteanna go dtí seo ach gíotáil thart ar na himill. Ní raibh dul chun cinn déanta maidir le cearta, ar sí. Dá uireasa sin ní dhéanfaí réiteach.

D’fhreagair ceannaire an DUP, Arlene Foster ar Twitter nach idirbheartaíocht a dhéanann Sinn Féin ach éilimh a gceapann siad gur cheart do gach éinne eile géilleadh dóibh. Ní mór an cur chuige sin a athrú, a dúirt sí, má táthar chun réiteach a aimsiú.

Go hiondúil is éard is brí leis an gcineál gearáin a bhí ag an mbeirt bhan go bhfuil siad ag iarraidh milleán a sheachaint má theipeann ar an ngnó atá idir lámha. Idir sin agus na páirtithe ar fad ag casaoid faoi Karen Bradley ní hiontas an chaint a bheith ann nach n-aimseofar fuascailt na sáinne go luath. Bhí plé ar siúl le tamall faoi shos a thógáil sa samhradh agus filleadh ar chainteanna sa bhfómhar. Ach faoin am sin beidh an scéal níos casta fós, beidh tuarascáil an fhiosraithe faoin RHI ar na bacáin, beidh Príomh-Aire nua in Uimhir 10 Sráid Downing agus b’fhéidir go mbeadh olltoghchán agus an Breatimeacht buailte linn. B’fhéidir go raibh sé beartaithe an bhagairt sin a phlé go neamhfhoirmeálta ag an bhfáiltiú a cealaíodh.

Níorbh é staid reatha na gcainteanna an t-aon chúis a bhí ag na polaiteoirí logánta leis an bhfáiltiú a sheachaint. Bhí a fhios acu go gcáinfeadh vótóirí iad dá mbeadh siad ag caitheamh airgid as an sparán poiblí ar ithe agus ól tráth a raibh an pobal gan rialtas le dhá bhliain go leith.

Bhí alltacht ar dhaoine atá ag fulaingt de bharr na gciorruithe ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh, chomh maith le daoine eile atá ar an ngannchuid de cheal airí chun beartais a fhaomhadh. Bhí alltacht freisin ar dhaoine ar tugadh drochíde orthu in institiúidí cónaithe agus ar ordaigh breitheamh cúiteamh agus cabhair dóibh i mí Eanáir 2017. Tá siad fós ag fanacht le gníomh ó Karen Bradley. Dúirt a n-urlabhraí, Margaret McGuckian go raibh ‘cóisir’ Bradley míthráthúil, ciotach agus gur léiriú eile é nach bhfuil tuiscint dá laghad aici ar ghnóthaí abhus.

Deir daoine atá bainteach leis na cainteanna go bhfuil a sheacht ndícheall á dhéanamh ag an Tánaiste, Simon Coveney, ach is údar imní é ról agus cumas rialtas na Breataine – ní i bhfolús a mhaireann Karen Bradley.

Fág freagra ar 'Cóisir cocktail Karen curtha ar ceal agus cos i bhfeac ag an DUP maidir le cearta teanga'

  • Des O Murchu

    Agus mise ag suil le Bushmills Fuisce le Squash Oraiste !