Tá cóip lámhscríofa de leabhar cáiliúil Sheathrúin Chéitinn, Foras Feasa ar Éirinn, a bhfuil síniú an fhoclóirí Pádraig Ó Duinnín agus scoláirí eile Gaeilge air le cur ar ceant i gCill Chainnigh an mhí seo chugainn.
Is é an teach ceantála Fonsie Mealy i gCaisleán an Chomair a chuirfidh an leabhar, a scríobhadh i 1773, ar ceant ar an 1 Deireadh Fómhair. Tras-scríobhadh an chóip seo den leabhar de láimh don pholaiteoir Edward Denny as Ciarraí.
Táthar ag súil idir €15,000 agus €20,000 a fháil ar an leabhar.
Tá cóip de ‘Foclóir Uí Bheaglaoich’, an chéad fhoclóir Béarla-Gaeilge a foilsíodh, ar díol ag an gceant céanna.
Chuir scoláirí móra Gaeilge an 19ú haois a n-ainm leis an leabhar. Tá síniú Phádraig Uí Dhuinnín, Sheáin Uí Dhonnabháin, Eoghain Uí Chomhraí agus JH Todd ar an gcéad leathanach sa leabhar agus ar leathanach eile ag an gcúl tá síniú ‘Thomatius Connellan’ nó Tadhg Ó Coinnialláin.
Ar chúl an leabhair tá litir lámhscríofa ar pháipéar de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann ó pheann an Duinnínigh.
Scríobhadh an litir ar an 1 Aibreán 1910 chuig duine nach féidir a ainm a léamh anois. Deirtear ann go bhfuil fáilte roimh an duine [ar leis an chóip seo de Foras Feasa ar Éirinn] teacht ar cuairt ag an Athair Ó Duinnín sa Leabharlann Náisiúnta le go n-iniúchfadh sé an leabhar. “I shall be glad of course to examine your Keating,” a scríobh Ó Duinnín.
Tá litir eile fós ann ó dhíoltóir leabhar i Londain ón mbliain chéanna ina bpléitear socruithe maidir leis an leabhar a dhíol. Deirtear sa litir sin go raibh spéis ag Ollscoil Cambridge sa téacs ach go raibh sé coinnithe ag an díoltóir leabhar don té a fuair an litir. Tá ábhar poiblíochta ann freisin ó thaispeántas sa Bheilg in 1910, agus meastar go mb’fhéidir gur taispeánadh an leabhar ansin.
Is iomaí cóip a rinneadh de Foras Feasa ar Éirinn i gcaitheamh na mblianta mar gheall nár cuireadh leagan den leabhar i gcló go dtí tús an 20ú haois. Dúirt an scoláire Meidhbhín Ní Úrdail le Tuairisc go raibh tóir níos mó ag scríobhaithe na Gaeilge ar Foras Feasa ná ar aon leabhar Gaeilge eile san am a caitheadh.
“Tá sé seo ar cheann de na téacsanna is mó a cóipeáladh. Bhí an-éileamh ag na scríobhaithe ar an téacs áirithe seo. Má thógann tú Acadamh Ríoga na hÉireann amháin, tá timpeall seasca cóip de i lámhscríbhinní Gaeilge atá i seilbh leabharlann an Acadaimh. Léiríonn sé sin a thábhachtaí is a bhí an téacs do na scríobhaithe.
“Is éard a bhí ann ná stair na hÉireann ó scoláire Gaeilge a raibh cur amach aige ar na bunfhoinsí Gaeilge. Bhí sé den tuairim láidir gur thuig sé na foinsí Gaeilge agus gurbh fhéidir leis iad a léamh, agus dá bharr sin gurbh fhéidir brath ar an stair a bhí curtha le chéile aige.
“Chreid sé go daingean nach bhféadfaí muinín a chur in aon chuntas a bhí scríofa ag staraithe Shasana mar ní raibh acu ach an Béarla agus níorbh fhéidir leo, dá réir, bunfhoinsí Gaeilge a léamh a raibh eolas luachmhar iontu faoi stair na hÉireann,” a dúirt Ní Úrdail, atá ina hollamh i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Tá Ní Úrdail den tuairim go mb’fhéidir gurb í an chóip atá le cur ar ceant ag Fonsie Mealy an mhí seo chugainn bunfhoinse na cóipe de Foras Feasa ar Éirinn atá i lámhscríbhinn sa Leabharlann Náisiúnta.
“Tá cur amach agam ar lámhscríbhinn eile a rinneadh don fhear ceannann céanna. Tomás Ó Súilleabháin a bhreac í chun úsáide Edward Denny sa bhliain 1773. Tá cóip de sa Leabharlann Náisiúnta ach tá an bhunchóip ar iarraidh agus seans gurb í seo í,” a dúirt sí.
Deir Fonsie Mealy go nglactar leis anois nach féidir brath ar Foras Feasa ar Éirinn mar fhoinse staire ach go bhfuil luach leis an saothar mar gheall gurbh é an chéad iarracht a rinneadh stair na hÉireann a bhreacadh bunaithe ar bhunfhoinsí Gaeilge.
“Tá go leor cóipeanna a rinne scríobhaithe ann, dosaen nó níos mó is dóigh, ach tá beagnach gach ceann acu i mbailiúcháin phoiblí. Is dócha ná a mhalairt nach mbeidh deis eile ann lenár linn a leithéid de rud a fháil,” a dúirt na ceantálaithe atá ag súil le idir €15,000 agus €20,000 a fháil ar an leabhar.
€700-€1,000 a mheastar a íocfar ar ‘Fhoclóir Uí Bheaglaoich’, cóip den chéad fhoclóir Béarla-Gaeilge a foilsíodh. Ba sa bhliain 1732 a chuir Conchubhar Ó Beaglaoich The English-Irish dictionary. An foclóir Béarla Gaoidheilge i gcló i bPáras na Fraince. Ba é an chéad iarracht é foclóir dá leithéid a chur i gcló.
Fág freagra ar 'Cóip de ‘Foras Feasa ar Éirinn’ le cur ar ceant ar €20,000 '