Coinnle Nollag as Gaeltacht Chonamara a bhuíochas d’fhear Hollywood, Roger Corman!

Sa Spidéal a dhéantar coinnle Cloon Keen Atelier, comhlacht a bhunaigh oibrí i dtionscal na scannán as Ceanada

Coinnle Nollag as Gaeltacht Chonamara a bhuíochas d’fhear Hollywood, Roger Corman!

Is dócha go bhfuil an té atá an-eagraithe ar fad i mbun siopadóireachta do bhronntanais Nollag cheana féin nó ar a laghad i mbun liostaí a chur le chéile. Tá moladh amháin agam féin an tseachtain seo do na liostaí céanna – coinnle áille le cumhráin speisialta atá á ndéanamh i nGaeltacht Chonamara, ar eastáit tionsclaíochta de chuid Údarás na Gaeltachta sa Spidéal.

Deich gcinn de choinnle cumhra atá sa mbailiúchán ag Cloon Keen Atelier agus ina measc tá ceann ar leith do shéasúr na Nollag ar a dtugtar ‘Noble Fir’.

Bhunaigh Margaret Mangan agus Julian Checkley an comhlacht déanta coinnle Cloon Keen Atelier sa bhliain 2001 – ón bhFraincis a thagann an focal ‘atelier’ agus  ciallaíonn sé ceardlann nó stiúideo oibre. I dTalamh an Éisc i gCeanada a rugadh Margaret Mangan ach ba as baile fearainn beag in aice leis an Dún Mór i dtuaisceart na Gaillimhe dá tuismitheoirí.

Ba i ngaráiste theach a tuismitheoirí a táirgeadh na coinnle ar dtús agus is ó ainm an tí sin a tháinig an t-ainm Cloon Keen Atelier.   

“Tháinig mé go hÉirinn le dul ag obair i dtionscal na scannán i gConamara nuair a bhunaigh Roger Corman an comhlacht Concorde Anois Teoranta ar an Tulach,” a dúirt Margaret Mangan liom le linn na seachtaine. Deirtear gurbh é Corman a thug deiseanna den chéad uair do chuid de réalta móra Hollywood, ina measc Jack Nicholson agus Robert de Niro. Agus tá neart daoine ag obair fós i dtionscal na scannán agus na teilifíse in iarthar na hÉireann a d’fhoghlaim a gceird i stiúideo na Tulaí. 

Is ann a casadh a fear céile ar Margaret Mangan, bhí sé féin ag obair i gcomhlacht Roger Corman chomh maith. Chaitheadar roinnt ama ina dhiaidh sin i Sasana, ach bhí “an-tarraingt go deo” ag an tír seo orthu agus d’fhill siad anseo.

I rannóg ealaíne na scannán a bhíodh Margaret Mangan ag obair ach mar stiúrthóir cruthaitheach ar chomhlacht na gcoinnle tá sí dírithe go hiomlán anois ar fhorbairt earraí cumhráin.

Triúr atá fostaithe go lánaimseartha i ndéanamh na gcoinnle sa Spidéal agus tá siopa beag gleoite ag an gcomhlacht ar an tSráid Ard i gcathair na Gaillimhe. Díoltar na coinnle ar líne freisin agus i siopaí áirithe ar fud na tíre. Tá ceangal ar leith acu le Brown Thomas agus is ó Cloon Keen Atelier féin nó ó na siopaí sin amháin atá an choinneal Nollag le fáil.

“Déantúsaíocht theoranta a bhíonn i gceist leis an gcoinneal Nollag agus bhí an soláthar iomlán díolta trí seachtaine roimh an Nollaig anuraidh,” a dúirt Margaret Mangan liom. Caisleán de chuid na meánaoise, Caisleán Dhún Sandail, idir Baile Locha Riach agus Baile Átha an Rí, a bhí mar inspioráid agus mar spreagadh don chumhrán atá sa choinneal áirithe seo, a dúirt sí. Tá an caisleán i gceartlár coille agus cumhrán álainn na gcrann ina thimpeall.

Tá meascán de bholadh i gceist ann, spíonlach giúise agus balsam ó chrainn céadair agus giúise chomh maith le ruainne beag cainéil agus chlóbh.

Ach ní hí an ‘Noble Fir’, coinneal na Nollag, a mheall mise i dtreo Cloon Keen Atelier ar dtús; is breá liom go leor den bhailiúchán atá acu, go háirithe na cinn ar a dtugtar ‘Fig Tree’ agus ‘Cassis Leaf’. Maireann siad ag dó ar feadh suas le 60 uair an chloig. €40 an ceann atá orthu ar líne agus €38 sna siopaí.

Nach breá an rud é bronntanas chomh hálainn sin de dhéantús na Gaeltachta a fháil an Nollaig seo? Má bhíonn an t-ádh leat coinneal dheas Cloon Keen Atelier a fháil, bí buíoch go ndeachaigh Roger Corman i mbun scannánaíochta i gConamara. 

Fág freagra ar 'Coinnle Nollag as Gaeltacht Chonamara a bhuíochas d’fhear Hollywood, Roger Corman!'

  • Micí

    ‘Noble Fir ‘? Fir Uasail?