Cluichí i nDún na nGall agus sa Mhí, deis mhór ag Béal an Mhuirthead i Maigh Eo

Tá foirne Gaeltachta san iomaíocht i gcluichí móra an deireadh seachtaine seo agus craobhacha ag teacht chun críche ar fud na tíre

Cluichí i nDún na nGall agus sa Mhí, deis mhór ag Béal an Mhuirthead i Maigh Eo

Dún na nGall

Dé Sathairn, an 6 Samhain

Craobh Idirmheánach Peile Dhún na nGall
Cloich Cheann Fhaola v An Clochán Liath – Páirc Uí Dhomhnaill, 3pm

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall
Bun Dobhráin v An Tearmann – Conmhaigh, 2pm

Dé Domhnaigh, an 7 Samhain

Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall
Naomh Adhamhnáin v Naomh Conaill – Páirc Mhic Cumhaill, 3.15pm

Imreofar cluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo agus Naomh Conaill sa tóir ar chraobh eile. Seans gurb iad Naomh Conaill an cumann is láidre sa chontae le roinnt mhaith blianta agus is é cluiche ceannais an lae inniu an deichiú ceann atá bainte amach acu ó 2005. Ceithre chraobh díobh sin atá buaite acu (tá cluiche ceannais 2020 fós le hathimirt freisin) agus níl aon dream eile is mó a bhfuil taithí acu ná fir na nGleanntach.

Fágann sin gurb iad Naomh Conaill rogha láidir na coitiantachta do chluiche ceannais an Domhnaigh agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann óg Naomh Adhamhnáin. Meastar go bhfuil an obair chrua déanta ag Naomh Conaill ó tharla Cill Charthaigh agus Gaoth Dobhair a bheith cloíte cheana féin acu.

Mar sin féin, is maith a chruthaigh Naomh Adhamhnáin chun an cluiche ceannais a bhaint amach, an chéad uair acu déanamh amhlaidh ó 2014.

Is mór an t-athrú atá tagtha ar an bhfoireann ó shin agus ceathrar a thosaigh sa gcluiche sin a bhuaigh siad seacht mbliana ó shin a bhí ag imirt nuair a fuair Naomh Adhamhnáin an ceann  is fearr ar Naomh Náille sna babhtaí leathcheannais coicís ó shin. Bhí Rory Kavanagh ina chaptaen ar Naomh Adhamhnáin seacht mbliana ó shin agus is é iarimreoir sin Dhún na nGall bainisteoir na foirne anois.

Ar fhoireann Naomh Conaill, tá neart taithí ag Leo McLoone, Anthony Thompson, Eoin Wade agus Marty Boyle agus chomh fada is nach ligtear na maidí le sruth, ba cheart go mbeadh Naomh Conaill ag ceiliúradh bua eile tráthnóna.

Imreofar an cluiche ceannais sa Chraobh Idirmheánach tráthnóna agus Cloich Cheann Fhaola ag iarraidh an príomhghrád a bhaint amach faoi dheireadh. Tá an cluiche ceannais sa chomórtas seo caillte le dhá bhliain anuas acu, in aghaidh Naomh Náille in 2019 agus in aghaidh Aodha Ruadh anuraidh. Tá misneach acu go ndéanfaidh siad an beart in aghaidh an Chocháin Léith inniu.

Ba iad Cloich Cheann Fhaola an fhoireann ba chumasaí sa chomórtas i mbliana agus taithí mhaith faighte acu ó bheith ag imirt i Roinn 1 na sraithe le roinnt blianta anuas ach ní scaoilfear tada leo go héasca inniu. Níl an Clochán Liath ach tagtha anuas ón gCraobh Shinsir i mbliana agus beidh ardú céime uathu láithreach. Bhí bua maith acu in aghaidh Ghleann Cholm Cille sna babhtaí leathcheannais agus ní mór an t-iontas a bheadh ar aon duine dá bhfágfaí Cloich Cheann Fhaola folamh arís.

An Mhí

Dé Domhnaigh, an 7 Samhain

Craobh Shinsir Peile na Mí
Bhulf Tón v Naomh Peadar, Dún Búinne – Páirc Tailteann, 2.30pm

Beidh Bhulf Tón ag iarraidh Craobh Shinsir Peile na Mí a bhaint den dara huair riamh nuair a thabharfaidh siad aghaidh ar Naomh Peadar, Dún Búinne, i gcluiche ceannais an chontae amárach.

Níl sé ach cúpla bliain ó bhí Bhulf Tón ag imirt i mbabhtaí dícháílithe na craoibhe ach tá siad ar ais ar a seanléim arís i mbliana agus gaisce déanta agus an cluiche ceannais a bhaint amach. Fuair fir Bhaile Ghib an ceann is fearr ar Ráth Tó, curaidh 2019 agus 2020, sa bhabhta leathcheannais. Is i gcoinne sheaimpíní 2018 a bheidh siad amárach.

In aois na hóige a bhí Cian Ward ag gabháil sa chluiche sin in aghaidh Ráth Tó, cluiche inar thug iarimreoir na Mí fíorthaispeántas uaidh. Beidh cúnamh ag teastáil ó Oisín Martin agus muintir O’Reilly, más le Bhulf Tón craobh an chontae a thabhairt leo cúig bliana déag ón t-aon uair amháin a bhuaigh siad an comórtas in 2006. Tá neart imreoirí idirchontae ag Dún Búinne – Séamus Lavin, Shane McEntee agus Ronan Jones – agus iadsan ina rogha na coitiantachta leis an gcraobh a thabhairt leo inniu.

Ciarraí

Dé Sathairn, an 6 Samhain

Craobh Shinsir Peile Chiarraí
An Daingean v Ó Ceirín/Ó Rathaille – Páirc Aibhistín de Staic, 5pm

Ba cheart go mbeadh géarchoimhlint i dTrá Lí tráthnóna agus Daingean Uí Chúis agus Ó Ceirín/Ó Rathaille ag tabhairt aghaidh ar a chéile i mbabhtaí ceathrú ceannais Chraobh Shinsir Peile Chiarraí.

Thug an dá fhoireann taispeántais mhaithe uathu sa chéad bhabhta. Bhí bua cumasach ag Ó Ceirín/Ó Rathaille ar Naomh Ciarán, 1-16 agus 0-9, agus rinne iarimreoir Chiarraí, Tommy Walsh, scrios sa chluiche sin. Cluiche i bhfad níos crua a bhí ag fir an Daingin ach chinntigh cúl Conor Geaney i dtreo dheireadh na himeartha go raibh an bua acu.

Déarfá go mbeadh fir na Gaeltachta níos ullmhaithe don chath seo ach teastóidh duine éigin chun Walsh, a scóráil sé phointe in aghaidh Naomh Ciarán, a mharcáil. Caithfear srian a choinneáil ar David Moran i lár páirce freisin.

Maigh Eo

Dé Sathairn, an 6 Samhain

Craobh Shinsir Peile Mhaigh Eo
Cill tSéadhna v Balla – An Cnoc Mór, 2pm

Dé Domhnaigh, an 7 Samhain

Craobh Shinsir Peile Mhaigh Eo
Cathair na Mart v Béal an Mhuirthead – Béal an Átha, 2.30pm

Tá cluichí tábhachtacha ag an dá fhoireann Ghaeltachta i gCraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo, cé go bhfuil spriocanna éagsúla ar intinn ag Cill tSéadhna agus Béal an Mhuirthead.

Tráthnóna atá fir Chill tSéadhna ag dul chun páirce agus iad ag iarraidh a n-áit sa Chraobh Shinsir a choinneáil. Tá an cumann ag imirt sa phríomhghrád le nach mór leathchéad bliain ach caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar Bhalla inniu más leo ísliú céime a sheachaint. Seo é an chéad uair ag  Balla a bheith ag imirt sa Chraobh Shinsir le blianta fada ach bhuaigh siad an Chraobh Idirmheánach anuraidh. Ba mhór an t-ardú céime dóibh a bheith sa gCraobh Shinsir i mbliana ach beidh Cill tSéadhna ag súil go seasfaidh an taithí bhreise atá acusan dóibh inniu.

Níl ach cúig bliana ann ó bhí Cathair na Mart agus Béal an Mhuirthead ag treabhadh leo sa Chraobh idirmheánach freisin ach tá an dá fhoireann sin sa tóir ar áit a bhaint amach i gcluiche ceannais Chraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo.

Tá dhá scór bliain ann ó d’éirigh le Béal an Mhuirthead cluiche ceannais an chontae a bhaint amach sa phríomhghrád agus meastar go mbeidh siad tamall eile ag fanacht ar chraobh agus Cathair na Mart mar rogha na n-údar. Ach ní haon scéal nua é sin d’fhir cheantar Iorrais a tháinig aniar aduaidh ar Bhréachmhaigh sna babhtaí ceathrú ceannais.

Tá Ryan O’Donoghue ag imirt ar fheabhas ar fad i láthair na huaire agus beidh brú air taispeántas maith eile a thabhairt amárach. Beidh dúshlán ar leith roimhe agus gach seans ann go mbeidh a leathbhádóir ar fhoireann Mhaigh Eo, Lee Keegan, á mharcáil.

D’fhéadfadh coimhlint mhaith eile a bheith ann idir Eoin O’Donoghue agus Mark Moran ar an taobh eile den pháirc agus caithfidh Béal an Mhuirthead súil ghéar a choinneáil ar Eoghan McLaughlin freisin más le fir na Gaeltachta an babhta ceannais a bhaint amach.

Gaillimh

Dé Sathairn, an 6 Samhain

Craobh Idirmheánach Iomána na Gaillimhe
Rathún/An Caisleán Nua v Maigh Cuilinn – Staid an Phiarsaigh, 1.30pm

Dé Domhnaigh, an 7 Samhain

Craobh Idirmheánach Iomána na Gaillimhe
An Spidéal v Baile Átha an Rí – An Carn Mór, 12pm

Beidh seans ag iománaithe Mhaigh Cuilinn cluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Iomána na Gaillimhe a bhaint amach don dara bhliain as a chéile tráthnóna agus iad ag imirt i gcoinne Rathúin/An Chaisleáin Nua sna babhtaí leathcheannais tráthnóna.

Thug Maigh Cuilinn taispeántas cumasach uathu sa bhabhta roimhe seo nuair a thug siad greadadh don Charn Mór. Bhí an tosach mór Fionn McDonagh ar fheabhas sa chluiche sin agus má éiríonn leis an tionchar céanna a bheith aige ar an imirt, beidh sé deacair Maigh Cuilinn a chloí.

Caithfidh An Spidéal an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Átha an Rí amárach más leo fanacht sa Chraobh Idirmheánach. Bliain chrua a bhí ag iománaithe an Spidéil go dtí seo ach beifear ag súil go dtabharfaidh bua na bpeileadóirí i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo caite, spreagadh don fhoireann iomána agus scata mór imreoirí ag imirt ar an dá fhoireann.

Fág freagra ar 'Cluichí i nDún na nGall agus sa Mhí, deis mhór ag Béal an Mhuirthead i Maigh Eo'