Cluiche ceannais na hÉireann críochnaithe ar comhscór agus Ciarraí agus Áth Cliath chun aghaidh a thabhairt ar a chéile arís

Is iomaí cor agus casadh a bhí i gcluiche ceannais na hÉireann agus neart ábhar machnaimh ag Áth Cliath agus Ciarraí

Cluiche ceannais na hÉireann críochnaithe ar comhscór agus Ciarraí agus Áth Cliath chun aghaidh a thabhairt ar a chéile arís

Áth Cliath 1-16 Ciarraí 1-16

Tá Áth Cliath fós ag fanacht ar an gcúig-as-a-chéile tar éis dóibh críochnú ar comhscór le Ciarraí i gcluiche ceannais peile drámatúil  i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Bhí deis ag Áth Cliath ar bhua stairiúil nuair a bronnadh cic saor orthu faoi Ardán Uí Chíosóig agus an t-am nach mór caite. Ní cic éasca a bhí ann, áfach, agus d’imigh iarracht Dean Rock ar fóraoil, rud a d’fhág go mbeadh lá eile againn.

Cúl á scóráil ag Killian Spillane. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Is iomaí cor agus casadh a bhí sa chluiche. Bhí Áth Cliath ceithre phointe chun tosaigh ag tús an chéad leatha ach cuireadh Jonny Cooper den pháirc díreach roimh an mbriseadh agus bhí deis iontach ag fir na Ríochta teacht ar ais.

Chuir siad tús maith leis an dara leath agus laghdaigh Seán O’Shea, a bhí ar fheabhas inniu, an bhearna go trí phointe. Comhscór a bheadh ann sa 38ú nóiméad murach gur bhuail iarracht Paul Murphy an trasnán tar éis do Stephen Cluxton lámh a chur léi.

Bhí Jack McCaffrey gach pioc chomh maith d’Áth Cliath agus a bhí mac Uí Shé do Chiarraí agus d’aimsigh sé dhá phointe den scoth do sheaimpíní na hÉireann leath bealaigh tríd an dara leath, scór a d’fhág cúig phointe chun cinn iad agus 15 nóiméad fágtha, 1-14 in aghaidh 0-12.

Tháinig Ciarraí ar ais go láidir, áfach, agus bhí tionchar mór ag a n-ionadaithe ar an imirt. Agus 55 nóiméad imeartha, bhuaigh Tommy Walsh seilbh na liathróide ar thaobh na láimhe deise den pháirc agus thug sé pas do Killian Spillane. Ghearr fearr an Teampaill Nua isteach i dtreo an chúil agus bhuail sé urchar íseal isteach i gcúl na heangaí.

D’aimsigh Walsh cúilín cúpla nóiméad ina dhiaidh sin i ndiaidh an-phíosa comhimeartha idir é féin, Spillane agus Jack Sherwood agus nuair a chruthaigh Walsh deis eile do Sheán O’Shea tar éis 61 nóiméad, bhí Ciarraí  ar comhscór, 1-14 an taobh.

D’imigh Ciarraí chun tosaigh den chéad uair sa dara leath nuair a scórail Spillane pointe lena chiotóg agus 65 nóiméad imeartha ach bhí siad go mór faoi bhrú san am a bhí fágtha. Ce gur chuir Brian Howard agus Diarmuid Connolly cúpla iarracht ar strae, d’aimsigh Rock  cúilín an chomhscóir in am cúitimh agus is mar sin a chríochnaigh na foirne.

Ag breathnú siar ar an gcluiche, seans go mbeidh díomá ar Chiarraí go raibh siad ceithre phointe chun deiridh ag leath ama agus gur fhág siad oiread sin oibre le déanamh sa dara leath. Bhí dóthain deiseanna acu sa chéad 35 nóiméad le bheith ar comhscór nó fiú chun tosaigh ar Áth Cliath ag an mbriseadh.

Bhí dhá dheis iontach ag Paul Geaney ar chúil sa chéad cheathrú uaire. Bhí James McCarthy san áit cheart chun ceann a stopadh agus shábháil Stephen Cluxton cic éirice ó fhear an Daingin tar éis 12 nóiméad.

Jack McCaffrey agus Gavin White sa tóir air. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Bhí ag éirí thar barr le Ciarraí i lár na páirce. Bhuaigh siad trí cinn de chiceanna amach Stephen Cluxton as a chéile ach cé go raibh siad chun tosaigh, 0-4 in aghaidh 0-3, tar éis 14 nóiméad, chuir siad an iomarca deiseanna amú.

Tháinig Áth Cliath ar ais san imirt ansin agus Brian Howard ag déanamh gaiscí san aer. Rug sé ar dhá chic amach faoi Ardán Uí Ógáin. Fuair Paul Mannion pointe i ndiaidh ceann acu agus fuair Jack McCaffrey cúl ón gceann eile eile tar éis don chosantóir dul de rite reaite síos lár na páirce.

D’fhág an cúl agus cúpla pointe ó Dean Rock go raibh Áth Cliath ceithre phointe chun tosaigh tar éis 25 nóiméad, 1-6 in aghaidh 0-5.

Bhí siad cúig phointe chun tosaigh i dtreo dheireadh an chéad leatha agus cuma na maitheasa orthu ach buaileadh buille trom orthu nuair a cuireadh Jonny Cooper den pháirc agus an dara cárta buí faighte aige tar éis dó feall eile a dhéanamh ar David Clifford.

I ndiaidh na cainte uile a rinneadh faoin réiteoir roimh an gcluiche, is beag údar gearáin a bhí lucht tacaíochta Chiarraí faoi thaispeántas David Gough, cé go raibh mí-ádh ar Stephen O’Brien nár bronnadh cic éirice air sa dara leath.

Agus Áth Cliath fágtha i dtaobh le ceathrar déag don dara leath uile bhí deis iontach ag Ciarraí teacht ar ais, deis a thapaigh siad le fonn. Tá neart ábhar machnaimh anois ag an dá fhoirean roimh an athimirt faoi cheann coicíse.

Áth Cliath: S. Cluxton; D. Byrne, J. Cooper, M. Fitzimons; J. McCaffrey (1-3), J. McCarthy, J. Small; B. Fenton, M. Macauley; N. Scully, C. O’Callaghan (0-1), B. Howard; P. Mannion (0-2), D. Rock (0-10, 6 chic saor, 1 chic 45), C. Kilkenny. Fir Ionaid: P. Small in áit M. Macauley (52 nóim); D. Connolly in áit B. Howard (67 nóim); C. Costello in áit P. Mannion (67 nóim); K. McManamon in áit N. Scilly (69 nóim)

Ciarraí: S. Ryan; J. Foley, T. Morley, T. O’Sullivan; P. Murphy, G. Crowley (0-1), B. Ó Beaglaoich; D. Moran, A. Spillane; G. White, S. O’Shea (0-10, 4 chic saor, 3 chic ‘45), S. O’Brien (0-1); D. Clifford (0-2), P. Geaney, J. Barry. Fir Ionaid: K. Spillane (1-1) in áit A. Spillane (44 nóim); J. Sherwood in áit G. White (48 nóim); T. Walsh (0-1) in áit B. Ó Beaglaoich (52 nóim); J. Lyne in áit G. Crowley (67 nóim); D. Moynihan in áit J. Barry (72 nóim); M. Griffin in áit S. O’Brien (74 nóim)

Réiteoir: David Gough

 

Fág freagra ar 'Cluiche ceannais na hÉireann críochnaithe ar comhscór agus Ciarraí agus Áth Cliath chun aghaidh a thabhairt ar a chéile arís'