Clubanna óige Gaeilge in ann teacht le chéile arís tar éis briseadh dhá bhliain

D’fhág an phaindéim gur ar líne a reáchtáladh an chuid is mó d’imeachtaí agus clubanna Ógras in 2020 agus 2021 ach tá cinneadh déanta anois na clubanna a thabhairt le chéile arís

Clubanna óige Gaeilge in ann teacht le chéile arís tar éis briseadh dhá bhliain

Tá sé fógartha ag Ógras gur féidir le clubanna na heagraíochta óige teacht le chéile arís agus formhór na srianta Covid-19 scaoilte.

D’fhág an phaindéim gur ar líne a reáchtáladh an chuid is mó d’imeachtaí agus clubanna Ógras in 2020 agus 2021 ach tá cinneadh déanta anois na clubanna a thabhairt i gceann a chéile arís.

Dúirt Maedhbh Ní Dhónaill, Stiúrthóir Náisiúnta Ógras go gcuireann Ógras “clár leathan ar fáil do dhaoine óga ar fud na tíre: ina measc gníomhaíochtaí comhoibrithe agus foirne, ceardlanna, imeachtaí ceoil agus ealaíne, tionscadail phobail agus sóisialta, spóirt agus turais” 

Dúirt Maedhbh go bhfaigheann na baill atá níos sine deiseanna “páirt a ghlacadh i malartuithe idirnáisiúnta, cúrsaí oiliúna agus neart eile”. Dúirt sí go raibh Ógras ag cur an-bhéim ar “cheartas aeráide” faoi láthair.

Scileanna a fhorbairt agus féinmhuinín a chothú sna daoine óga an aidhm le gníomhaíochtaí éagsúla.

D’eagraigh Ógras roinnt campaí agus turais amuigh faoin spéir le linn 2021 le huimhreacha teoranta ach tá súil acu anois go mbeifear in ann imeachtaí a reáchtáil gan aon srianta sláinte phoiblí.

Tugann clubanna Ógras timpeall na tíre deis do dhaoine óga spraoi a bhaint as imeachtaí éagsúla trí mheán na Gaeilge.

Cuireann Ógras seirbhísí is imeachtaí ar fáil do dhá aoisghrúpa, daoine óga idir 8-12 agus iadsan ó 13-19.

Fág freagra ar 'Clubanna óige Gaeilge in ann teacht le chéile arís tar éis briseadh dhá bhliain'