Cloisim fuinneamh ag teacht i nglór an tráchtaire agus a gcuid ainmneacha á lua aige…

Nach iontach an bealach a bhfanann seanlaochra spóirt i gcuimhne an duine?

Cloisim fuinneamh ag teacht i nglór an tráchtaire agus a gcuid ainmneacha á lua aige…

Seán Purcell, Ned Wheeler agus Packy McGarty

Nach deas agus nach iontach an bealach a bhfanann ainmneacha seanlaochra spóirt i gcuimhne an duine agus iad na scórtha bliain éirithe as? Ní hamháin iad siúd a maireann a gcáil go buan atá i gceist agam, leithéidí Christy Ring agus Seán Purcell. Na himreoirí ‘gan oidhre’ mar a thug an t-údar Liam P. Ó Caithnia orthu.

I mo chás féin ar chuma ar bith, ó am go chéile tagann glór Uí Eithir nó Uí Mhuircheartaigh isteach i mo chloigeann agus an chaid nó an sliotar i seilbh dhuine éicint a d’ardaigh croíthe lucht leanta a chontae chomh fada siar le trí scór bliain ó shin.

Thug a mbunáite boinn chraobh na hÉireann leo – murach go dtug ní bheadh a n-ainmneacha cloiste chomh minic sin ar an raidió agus go mbeadh sé fanta san inchinn seo a bhfuil níos mó de chosúlacht an tsíothláin ag teacht uirthi in aghaidh an lae.

Tony Wall…Mike Sweeney…Ned Wheeler…Martin Óg Morrissey… Gabriel Kelly … Jim McKeever…Paddy Doherty… Andy Phillips…Len Gaynor…

Cloisim fuinneamh ag teacht i nglór an tráchtaire agus a gcuid ainmneacha siúd á lua aige – fios ina chroí istigh gur éacht gaisce dá gcuid an chéad scéala eile a bheas le n-inseacht dá lucht éisteachta.

Ba é Phillips an cúl báire ab fhearr in Éirinn ón am ar thosaigh sé ag imirt do Chill Mhantáin i 1953. Fós ní aithneofaí lasmuigh dá chontae féin é nó gur facthas a éadan ar an teilifís Lá’l Pádraig 1962 nuair a rinne RTÉ craoladh ar chluiche as Páirc an Chrócaigh den chéad uair.

Eisean, an Ceallach agus an Suibhneach an triúr nár éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan as an liosta thuas. Labhair le Mac an Ghúgail agus beidh cur síos aige duit ar a n-éachtaí.

Bheadh siléig dhamanta déanta agam mura gcuirfinn ainm amháin eile leis an liosta, go háirithe ós rud é go ndeachaigh Packy McGarty ar Shlí na Fírinne an tseachtain seo caite, trócaire Dé air.

Ach an Puirséalach a fhágáil as an áireamh, is dócha go mba é Packy an tosach ab fhearr i gConnachta agus fiú in Éirinn lena linn. Ní raibh sé ach 16 bliain nuair a d’imir sé d’fhoireann shinsir Liatroma den chéad uair agus thug sé ceithre bliana agus fiche seirbhíse dá chontae.

Fearacht Andy Phillips, ní raibh dá bharr aige ach dornán boinn Chraobh an Bhóthair Iarainn. D’imir sé i gCluiche Ceannais Chonnacht 5 uaire idir 1957 agus 1963, ach fuair peileadóirí na Gaillimhe an ceann is fhearr orthu i chuile cheann beo acu sin.

Ba i 1958 ar Pháirc Naomh Colmán i mbaile Ros Comáin ba ghaire a chuaigh Liatroim don bhua. Bhí siad féin agus na Gaillimhigh gob ar ghob ansiúd ar feadh na huaire agus gan eatarthu ach dhá chúilín nuair a chuaigh iarracht a thug Columba Cryan faoi chúl ar fóraoil ar éigean agus an t-am caite.

Ba ar Purcell a bronnadh Corn Mhic an Adhastair an lá sin (an chéad uair riamh a raibh iomaíocht air). Ba é McGarty a fuair an t-aitheantas – an cluiche ab fhearr a d’imir sé riamh dá chontae, dar le go leor.

Cé nach aigesean a bhí an corn, ba ar ghuaillí a d’iompair lucht leanta Liatroma Packy den pháirc an lá sin.

Dúradh sa nuachtán The Leitrim Observer : The highlights of the game, and they were numerous, must surely have been the display of Packy McGarty, at centre half-forward for Leitrim. After the Roscommon game, we stated He was the ” star” of the week. After last Sunday’s display he merits the title of the greatest forward the game has produced. How often on Sunday last was he “grounded,” pulled-down (that jersey must be made of the right stuff), over-robust charged. This was taken with his smile of a true sportsman.”

Go fiú i mbaile dúchais an Phuirséalaigh tugadh aitheantas d’ardchumas McGarty. Dúradh sa Tuam Herald, “had Leitrim one other player of Patsy (sic) McGarty’s calibre, they surely must have won. McGarty has made a big name as a forward, but never has he shown anything like the devastating form that made him the hero of the vanquished in this final.”

Níorbh iontas gur roghnaíodh é ar fhoireann na Mílaoise i gConnachta, an t-aon pheileadóir as Liatroim a fuair áit uirthi.

Sa mullach air sin ar fad, ní chasfadh fear níos uaisle ort i do shiúl lae. I Sasana a bhí sé ag obair nuair a imríodh an Cluiche Ceannais údaí i 1958, ach go gairid ina dhiaidh sin d’fhill ar Éirinn agus chuaigh sé i mbun siopa beag i gCluain Dolcáin, áit a raibh sé de phribhléid agam castáil leis cúpla geábh.

Agus é ansiúd, chaith sé seal ag imirt le Cumann an Chlogthigh, ach dúirt i gcónaí go mba é geansaí a bhaile dúchais Maothail a bheadh ar a dhroim sa gcluiche deireanach a d’imreodh sé. B’fhíor dó.

“Adhlacadh Liatroma” a thug an Observer ar an gcluiche deireanach a d’imir sé dá chontae – cliseadh tubaisteach 7-16, 0-3 in aghaidh Mhaigh Eo ar Pháirc Mhic Dhiarmada ar an 17 Meitheamh 1973.

Fós, agus é dhá scór bliain caite, dúirt an Ovserver go raibh Packy “head and shoulder away better than any of his forward colleagues and the persistent fouling of him by the Mayo centre-back Frank Burns was frowned upon by the large Leitrim following”.

I bhFómhar na bliana sin fuair sé ainmniúchán do ghradam All Star – ceithre bliana fichead ón am ar imir sé den chéad uair, é fós áirithe ar dhuine de na tosaithe ab fhearr sa tír.

Suaimhneas síoraí ort a Phacky McGarty.

Fág freagra ar 'Cloisim fuinneamh ag teacht i nglór an tráchtaire agus a gcuid ainmneacha á lua aige…'