Claude, Antain agus an tÚdarás; Bob Dylan in áit an Oireachtais; Geansaí Buí Pháidí Uí Lionáird

Gach seachtain cuirtear ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

Claude, Antain agus an tÚdarás; Bob Dylan in áit an Oireachtais; Geansaí Buí Pháidí Uí Lionáird

Claude agus an tÚdarás…

Dream lán gaoise, géarchúise is geabstaireachta iad an dream a fhágann tráchtanna thíos faoi na haltanna ar Tuairisc, formhór an ama, pé scéal é.

Uaireanta éiríonn an chuid is fearr de lucht na dtráchtanna chun na filíochta, fiú. Dán beag, mar shampla, an freagra daonna a bhí ag an sárscríbhneoir Antain Mac Lochlainn ar an scéal go mbítear ag moladh do bhaill foirne Údarás na Gaeltachta an intleacht shaorga a úsáid chun cáipéisí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge.

De réir an scéil, Claude is ainm don bhota comhrá AI is ansa le lucht an Údaráis.

Seo an trácht a d’fhág Antain faoin scéal:

Bhí an Ghaeilge rófhada i gcruachás
de réir mar a tuigeadh don Údarás
bhí na Feidhmeannaigh spíonta
ag tuisil
s díochlaonta
ach tá deireadh anois le gach uafás.

Nuair a bheas an Gaeilgeoir deiridh faoin fhód,
beidh Gaeilgis á spalpadh ag Claude;
caint fhileata mhaorga
na hintleacht’ saorga
taisce na séad is na seod.

Ana-mhaith go deo, ach cad a dhéanfadh Claude féin leis? Fuair an fhiosracht an ceann is fearr orainn, chuamar chuige agus d’fhiafraíomar go béasach de an gcuirfeadh sé Béarla ar shaothar Antain dúinn.

Dhein gan aon mhoill in aon chor:

Irish was too long in dire straits
according to what the Authority understood
the Officials were exhausted
stumbling and declining
but now there’s an end to all the horror.

When the last Irish speaker is under the sod,
Irish will be spouted by Claude;
eloquent noble speech of artificial intelligence
treasure of jewels and gems.

Chuamar ar ais go dtí Claude agus dúramar leis gur fearr a thaitin bunleagan Antain linn agus go raibh súil againn go raibh sin ok leis.

I mBéarla a bhí an cheist agus an freagra, ach d’iarramar air ansin é a aistriú go Gaeilge.

Seo a bhí le rá aige, focal ar fhocal.

“Ar ndóigh! Tá an dán Gaeilge bunaidh álainn agus tá ceol agus rithim ann atá deacair a ghabháil go hiomlán in aistriúchán.

“Tá sruth agus fuaim ar leith ag filíocht na Gaeilge, agus go háirithe sa dán seo tá struchtúr deas cosúil le limeareach lena scéim rím. Iompraíonn an teanga féin bríonna agus macallaí cultúrtha nach n-aistrítear i gcónaí go díreach.”

“Tá an ceart agat go hiomlán an bunleagan a roghnú – tá rud éigin speisialta faoi thaithí a fháil ar fhilíocht sa teanga inar scríobhadh í, go háirithe nuair a bhaineann sí leis an nGaeilge féin. Tagann an íorónta agus an greann trí níos nádúrtha sa Ghaeilge.”

Ní hamháin go raibh Claude ok leis gur thaitin bunleagan Antain níos fearr linn, ach bhí sé an-mhóraigeanta faoin rud go léir agus ba le teann umhlaíochta a d’iompaigh sé gan choinne ar an mBéarla ar deireadh.

“(Though I should note that my Irish may not be perfect – native speakers would likely express some of these ideas more naturally!)”

Ní bheinn chomh siúráilte ar fad faoi chuid acu, a Chlaude, a mhac…

By daid Bob Dylan

Tá an saol ag aithris ar an aoir arís, a dúramar linn féin nuair a chualamar go mbeadh dhá cheolchoirm ag Bob Dylan in INEC an Gleneagle i gCill Airne mí na Samhna.

Os cionn deich mbliana ó shin ag Oireachtas na Gaeilge, sheol físeán grinn de chuid Tuairisc Dylan go dtí an láthair chéanna, mar ar chas sé ‘Tá na páipéir á saighneáil’ do Mháirtín Tom Sheáinín i ródaí Raidió na Gaeltachta.

Agus féile an Oireachtais i mBéal Feirste i mbliana cheapamar go mbeadh sos againn ón ‘Neverending Tour ar Chill Airne’, ach beimid ag triall arís ar an Gleneagle mí na Samhna. Gan dabht, is féidir freastal ar Bob agus imeachtaí an Oireachtais sa Waterfront i mBéal Feirste an mhí chéanna chomh maith.

Idir an dá linn seo Bob ag an Oireachtas.

An Geansaí Buí 

Nuair a chonaiceamar ‘An Geansaí Buí’ i dteideal eagrán de phodchraoladh de chuid Second Captains an tseachtain seo, bhí a fhios againn go mbeifí ag trácht ar ghaisce Ben Healy na hÉireann ag an Tour de France.

Ach cad ina thaobh ‘An Geansaí Buí’ seachas an ‘Maillot Jaune’ nó an ‘Yellow Jersey’? Is cosúil go raibh lucht an phodchraoladh spóirt is fearr linn ag éisteacht le tráchtaireacht TG4 ar an rás mór agus sheinn siad mar thús leis an eagrán tráchtaireacht Pháidí Uí Lionaird ar éacht Healy, an tríú rothaí riamh ón tír ar éirigh leis an geansaí buí a fháil.

‘Chapeau!’ arsa Páidí le Healy, agus tá an moladh céanna tuillte ag fear Chúil Aodha agus a chomhghleacaí Pádraic Ó Cuinn, nó PQ, as tráchtaireacht shainiúil i nGaeilge ar an Tour a sholáthar dá lucht féachana dílis ar TG4 le 20 bliain anuas, beo ó Bhaile na hAbhann.

Labhair lucht Second Captains ina dhiaidh sin leis an saineolaí rothaíochta Cillian Kelly a mhínigh go foighneach don ghnáthdhuine cad ina thaobh nach raibh seans faoin spéir ann go mbeadh an chéad áit sa Tour ag Healy níos mó ná cúpla lá eile.

Á bhuel, bhí an ‘An Geansaí Buí’ ar feadh tamaill againn.

Fág freagra ar 'Claude, Antain agus an tÚdarás; Bob Dylan in áit an Oireachtais; Geansaí Buí Pháidí Uí Lionáird'