Clár raidió eisceachtúil ag dul amach anocht – i nGaeilge, Béarla agus sa tSeiltis

Ar chlár faisnéise trítheangach a chraolfar ar BBC Raidió Uladh anocht, téann an t-amhránaí agus cumadóir amhrán Jack Delaney ar an bhóthar go dtí tobar an dúchais

Clár raidió eisceachtúil ag dul amach anocht – i nGaeilge, Béarla agus sa tSeiltis

Jack Delaney (ar chlé) in éineacht le Jonny Dillon ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

Beidh clár eisceachtúil ag dul amach ar BBC Raidió Uladh inniu agus é i dtrí theanga – Gaeilge, Béarla agus an tSeiltis.

Is é an chiall atá le teideal an chláir Feen of the Tober ná Fear an Bhóthair, nó fear den lucht siúil. Sa chlár faisnéise trítheangach seo téann an t-amhránaí agus cumadóir amhrán Jack Delaney ar an bhóthar go dtí tobar an dúchais, agus buaileann sé le daoine a bhaineann úsáid as teanga an lucht siúil, teanga ar a dtugtar an Shelta, Gammon nó Cant.

Is fear óg é Jack Delaney a bhfuil fíorbhród aige as a oidhreacht féin mar dhuine den lucht siúil. Is fear de lucht siúil na hÉireann é a athair agus is bean de bhunús Roma í a mháthair. D’fhás sé aníos ar láithreacha campála in Éirinn agus i Sasana, ach tá sé ag cur faoi anois i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Tá sé tar éis go leor taighde a dhéanamh ar theanga an lucht siúil agus is í an aidhm atá aige anois ná acmhainn chuimsitheach dhigiteach a chruthú, aip d’fhón póca san áireamh, agus tríd sin, athbheochan teanga a chothú i measc dhream óg an lucht siúil.


BEIFEAR IN ANN ÉISTEACHT LE ‘FEEN OF THE TOBER’ ANSEO I nDIAIDH A CHRAOLTA


I measc theangeolaithe, is í an tSeiltis an téarma is mó a úsáidtear agus tá tagairt déanta don teanga i dtéacsanna acadúla ó bhí na 1870idí ann ar a laghad. Ach is cosúil go dtéann fréamhacha na teanga siar go dtí ré na meánaoise agus tá na fréamhacha sin fite fuaite leis an tseanGhaeilge.

Is Gaeilgeoir líofa é Jack fosta – d’fhoghlaim sé an teanga as an nua mar dhuine fásta.

In ainneoin gur fhág sé an scoil i Sasana agus é 14 bliain d’aois, gan cáilíocht fhoirmeálta ar bith aige ag an am, d’éirigh leis céim a bhaint amach sa Ghaeilge agus sa Bhéaloideas i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus é ina dhuine fásta.

Tá an cur amach atá aige ar an Ghaeilge ina bhuntáiste aige, buntáiste nach raibh ag cuid de na scoláirí a rinne iarracht an tSeiltis a bhreacadh síos cheana, ach gan cur amach a bheith acu ar an Ghaeilge le léargas níos doimhne a thabhairt dóibh.

I rith an chláir seo, cloisimid rithim agus áilleacht na teanga ársa seo, ní hamháin nuair a chloistear daoine den lucht siúil ag caint, ach nuair a chloistear Lashún Gatna, amhrán álainn a chum Jack ina theanga féin.

Chomh maith leis sin, téimid ar cuairt leis go dtí Cnuasach Bhéaloideas Éireann i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus cloisimid gearrthóg an-suimiúil ón chartlann ansin.

Tugtar léargas iontach dúinn sa chlár ar dhuine faoi leith agus ar theanga faoi leith, teanga atá fite fuaite le stair agus le cultúr na hÉireann agus lenár n-oidhreacht choiteann.

Rachaidh Feen of the Tober amach ar BBC Raidió Uladh, 94.5FM, ar a 7.02pm anocht, Dé Céadaoin. Niamh Nic Oistigín a léirigh. 

Fág freagra ar 'Clár raidió eisceachtúil ag dul amach anocht – i nGaeilge, Béarla agus sa tSeiltis'