Cinneadh faoi theip Aer Lingus agus Banc na hÉireann an síneadh fada a láimhseáil curtha ar ceal ag an Ard-Chúirt

D’ordaigh Breitheamh Ard-Chúirte don Choimisiún Cosanta Sonraí tús a chur le fiosrúchán ‘cothrom agus dleathach’ faoin síneadh fada a úsáid i sonraí pearsanta, ach shocraigh sé gan cinneadh a dhéanamh faoin scéal é féin

Cinneadh faoi theip Aer Lingus agus Banc na hÉireann an síneadh fada a láimhseáil curtha ar ceal ag an Ard-Chúirt

Deir Breitheamh Ard-Chúirte nár dhein An Coimisiún Cosanta Sonraí aon fhiosrúchán ceart faoi ghearán ó dhuine a mhaígh gur chóir do Aer Lingus agus Banc na hÉireann an leagan a bhí acu dá ainm agus seoladh a cheartú agus síntí fada a chur iontu.

Dúirt an Breitheamh Cian Ferriter go raibh an cinneadh a dhein An Coimisiún Cosanta Sonraí faoin ngearán a rinne Julian de Spáinn, atá ina Ard-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, “lánlochtach” ar chúiseanna éagsúla agus chuir an breitheamh an cinneadh ar neamhní.

D’ordaigh sé don Choimisiún tús a chur le fiosrúchán eile faoin ngearán, fiosrúchán a bheadh “cothrom agus dleathach”.

Cé gur chuir sé cinntí an Choimisiúin ar neamhní, dhiúltaigh an Breitheamh d’éileamh Julian de Spáinn go ndéanfadh an chúirt, seachas an Coimisiún, cinneadh faoina chás.

Bhí glactha cheana ag an gCoimisiún Cosanta Sonraí leis go raibh na cinntí a rinne siad lochtach agus go raibh gá le próiseas nua a chur ar bun. Tharraing siad siar ón gcás agus thairg siad costais an cháis a sheasamh.

Diúltaíodh don tairiscint sin, agus d’iarr de Spáinn ar an Ard-Chúirt a rialú go raibh sé de cheart aige, faoi na rialacháin GDPR agus faoi Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go leasódh an Coimisiún a shonraí pearsanta.

Dúirt an Breitheamh Ferriter go raibh an próiseas a bhain leis na cinntí “lochtach” toisc nach ndearna an Coimisiún “imscrúdú ar bith” ar ábhar na ngearán.

“Níor lorg an Coimisiún aon fhianaise nó aighneachtaí ó Aer Lingus nó ón Bhanc. Ní raibh an méid a dúirt siad agus iad ag freagairt na ngearán chucu riamh ina n-ábhar d’imscrúdú ná d’fhiosrú,” a dúirt an Breitheamh Cian Ferriter.

Mhaígh Banc na hÉireann agus Aer Lingus roimhe sin nach raibh na córais ríomhaireachta a bhí acu ábalta an síneadh fada a láimhseáil agus go mbeadh sé míréasúnta agus costasach a bheith ag súil go gcuirfí na córais sin in oiriúint don diaicritic.

Dúirt an Breitheamh chomh maith nár ráiteas cruinn “ó thaobh an dlí é” áiteamh an Choimisiúin nach leor síntí fada a bheith fágtha amach mar chúis sonraí pearsanta duine a cheartú.

An cheist a bhí le freagairt, dar leis, ná an raibh gach beart réasúnta déanta acu lena chinntiú gur ceartaíodh sonraí pearsanta míchruinne gan mhoill.

Dúirt an Breitheamh gur mhaígh an Coimisiún go ndéanann siad gach cás a scagadh as féin bunaithe ar fhiúntas an cháis sin ach nár tharla sin “in aon chor” le gearán de Spáinn. “Teip iomlán” a bhí ansin, a dúirt an Breitheamh.

I gcás Bhanc na hÉireann, ba ghearán é a bhí á dhéanamh “den chéad uair” agus i gcás Aer Lingus, ba ghearán “úr” é a bhí “bunaithe ar shainfhianaise agus údarás dlíthiúil nár cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin roimhe sin”.

Dúirt an Breitheamh nár tugadh aon aird ar chor ar bith sa chinneadh a rinne an Coimisiún ar chás de Spáinn ná ar an bhfianaise a chuir sé ar fáil.

Chuir de Spáinn fianaise ar fáil ó shaineolaithe dlí agus fuair sé saineolas teicneolaíochta ón Ollamh Kevin Scannell agus saineolas teangeolaíochta ón Ollamh Ruairí Ó hUiginn chun tacú lena ghearán.

Dúirt an Breitheamh nach raibh “aon tagairt” sna cinntí “d’fhorálacha ábhartha” na reachtaíochta cosanta sonraí, nó GDPR. Ní raibh aon tagairt ach oiread i gcinntí an Choimisiúin do na freagraí a thug Banc na hÉireann agus Aer Lingus ar ghearáin Julian de Spáinn, a dúirt sé.

Thagair an Breitheamh chomh maith d’áiteamh an Choimisiúin nárbh aon ábhar imní an síneadh fada ó thaobh cosaint sonraí de toisc nach comhlachtaí poiblí iad Banc na hÉireann ná Aer Lingus.

“Níor bhain stádas cuideachta an Bhainc nó Aer Lingus leis na ceisteanna cosanta sonraí a bhí os comhair an Choimisiún,” a dúirt an Breitheamh.

Ar na cúiseanna sin “go léir”, bhí sé “lán-sásta gur cuí ordú a dhéanamh ag neamhniú na gcinntí”.

Chuir an Breitheamh Ferriter an cás ar ais go dtí an Coimisiún Cosanta Sonraí in áit cinneadh a dhéanamh é féin faoi cé acu an raibh an ceart ag duine go gceartófaí a shonraí pearsanta sa chás go bhfágfaí ar lár iontu síneadh fada.

Shocraigh sé nach cinneadh don chúirt a bhí ansin, a dúirt sé, toisc nár chás é ar eascair “ceist dlí amháin” as go bhféadfaí í a réiteach i gceart “gan aon fhianaise nó comhthéacs eile”.

Bhí sé “dosheachanta” a dúirt sé go gcaithfí “leibhéal éigin fiosrúcháin” a dhéanamh faoi na córais ríomhaireachta a bhí i gceist.

“Cad a dhéanann siad, conas a dhéanann siad é agus an féidir leo freastal réasúnta a dhéanamh ar shíntí fada i bhfianaise chuspóirí na próiseála atá i gceist?”

Dá ndéanfadh sé féin cinneadh i dtaobh an ghearáin bheadh an cinneadh sin á dhéanamh aige “in éagmais imscrúdaithe cuí ar na fíricí ábhartha go léir”, go háirithe na fíricí maidir le córais ríomhaireachta Bhanc na hÉireann agus Aer Lingus.

“Murab ionann agus an Coimisiún, níl an chumhacht ag an gcúirt fiosrú a dhéanamh ar chórais Aer Lingus agus an Bhainc agus freagraí a fháil uathu,” arsa an Breitheamh.

Ní bheadh sé cuí ach oiread, a dúirt sé, Aer Lingus ná Banc na hÉireann “a tharraingt isteach” sna himeachtaí cúirte “ag an bpointe seo” agus ordú déanta aige na cinntí a chur ar ceal agus fiosrúchán nua a bhunú.

Dúirt sé go raibh sé “tábhachtach” a rá go soiléir go mbeidh sé “de cheangal” ar an gCoimisiún tús a chur le próiseas nua a bheadh “cothrom agus dleathach” chun cinntí nua a dhéanamh maidir leis na gearáin.

Chuige sin ba ghá tuilleadh faisnéise a lorg ó Aer Lingus agus Banc na hÉireann, “measúnú cúramach” a dhéanamh ar chás an ghearánaí agus dul i ngleic leis an bhfianaise ó shaineolaithe a bhí mar chuid de na gearáin.

Dúirt an Breitheamh go raibh sé tábhachtach a shoiléiriú nár chiallaigh a rialú nach raibh “cás maith” ag de Spáinn  chóir d’Aer Lingus agus Banc na hÉireann “na sonraí pearsanta míchruinne” a bhaineann lena ainm agus a sheoladh a cheartú.

“Nílim ag tabhairt aon bhreithiúnas ar an gceist sin,” arsa an Breitheamh. Dúirt sé gur bhain a rialú leis an gceist cérbh é an fóram cuí le cinntí nua a dhéanamh faoin ngearán.

“Ar na cúiseanna atá leagtha amach agam, is é an Coimisiún agus ní an chúirt seo an fóram sin,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Cinneadh faoi theip Aer Lingus agus Banc na hÉireann an síneadh fada a láimhseáil curtha ar ceal ag an Ard-Chúirt'

  • Sibéal

    Céim ró-radacach don Establishment iachall a chur ar comhlachtaí príobhaideacha ar nós Bank of Ireland an síneadh fada a úsáid.
    Ligfear don Coimisiún Cosanta Sonraí diúltú don síneadh fada gan raic náisiúnta.
    Gan dabht tá go leor aimneacha sa tír leis an umlaut, cedilla srl…

  • Daithí Mac an Aircinn

    Ní thuigim cén fáth nach féidir an síneadh fada a úsáid. Níl aitheantas ceart tugtha do Ghaeilgóirí na tíre seo. Tá meoin an Béarla fite fuaite i gcóras na ríomhairí. Is féidir é a dhéanamh, ach an toil len é a dhéanamh. An é an rud cheanna é fear agus féar, nó an bhfuil dul amú orm.