Cinneadh faoi chonradh farantóireachta d’oileán Thoraí curtha ar neamhní ag an Ard-Chúirt

D’éirigh le cás san Ard-Chúirt in aghaidh Aire na Gaeltachta faoi chonradh do sheirbhís farantóireachta ghasta

Cinneadh faoi chonradh farantóireachta d’oileán Thoraí curtha ar neamhní ag an Ard-Chúirt

Tá cinneadh a rinneadh faoi chonradh a bhronnadh do sheirbhís farantóireachta ghasta d’oileán Thoraí curtha ar neamhní ag an Ard-Chúirt.

Liam Ó Dubhgháin, a bhíonn ag trádáil mar WJ Duggan (WJD), a thug an cás in aghaidh Aire na Gaeltachta faoin gcinneadh an conradh don tseirbhís a bhronnadh ar chomhlacht eile.

Mhaígh WJD nár cuireadh ar fáil na cúiseanna gur roghnaíodh don chonradh an comhlacht Slí Mara Thoraí Teo.

Dúradh gur cinneadh gurb é tairiscint Shlí Mara Thoraí Teo an ceann ba mhó a raibh buntáiste ag baint léi ó thaobh na heacnamaíochta de.

D’éirigh le WJD I bpróiseas tairisceana i mí na Samhan 2018 agus i mí Eanáir 2019, ach i mí Feabhra 2019 cuireadh in iúl dóibh go raibh deireadh leis an bpróiseas.

An mhí chéanna, d’fhógair Roinn na Gaeltachta glaoch nua ar thairiscintí don chonradh leis an tseirbhís farantóireachta ghasta a chur ar fáil idir Aibreán 2019 agus Bealtaine 2021.

Mhaígh WJD chomh maith nár cuireadh eolas ar fáil faoi na critéir a cuireadh i bhfeidhm ar an bpróiseas tairisceana agus go raibh an cinneadh curtha ó mhaith mar gheall ar bhotún soiléir.

Maíodh nár caitheadh mar a chéile leis na dreamanna go léir a rinne tairiscint agus gur deineadh leithcheal ar WJD.

Nuair a fógraíodh gurbh iad Slí Mara Thoraí a bhí roghnaithe, scríobhadh litir chuig WJD ina raibh sonraí ann faoi na scóranna a fuair an dá chomhlacht sa chomórtas.

Dúirt an Breitheamh Ard-Chúirte Miriam O’Regan go raibh ordú á dhéanamh aici go gcuirfí ar neamhní an cinneadh an conradh a bhronnadh ar Shlí Mara Thoraí.

Dúirt sí nár míníodh na buntáistí ar leith a bhain le tairiscint Shlí Mara Thoraí i gcatagóirí éagsúla a úsáideadh chun na tairiscintí a mheas.

Dúirt an Breitheamh nár tugadh dóthain cúiseanna ach oiread maidir le haon mhíbhuntáistí a bhain le bád WJD.

D’fhéadfadh, a dúirt sí, go mbeadh difríocht 60 pointe ann sa chomórtas de thoradh na laigí seo sa phróiseas.

Ó tharla nach raibh ach 20 pointe idir na hiarrthóirí, chinn an Breitheamh an toradh a chur ar ceal.

Fág freagra ar 'Cinneadh faoi chonradh farantóireachta d’oileán Thoraí curtha ar neamhní ag an Ard-Chúirt'