Cinneadh déanta ag Brian Ó Domhnaill gan ainmniúchán FF a lorg

Dúirt an Seanadóir go ndíreodh sé ar a chuid oibre i Seanad Éireann feasta agus go raibh sé in am ag Fianna Fáil daoine nua a chur chun cinn

 

Brian Ó Domhnaill

Tá sé deimhnithe ag an Seanadóir Brian Ó Domhnaill nach mbeidh ainmniúchán á lorg aige ó Fhianna Fáil le bheith san iomaíocht san Olltoghchán i ndáilcheantar nua Dhún na nGall.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie aréir, dúirt sé go mbeadh sé ag leanúint leis an bpolaitíocht ach go ndíreodh sé ar a chuid oibre i Seanad Éireann.

B’in é an teachtaireacht chéanna a bhí aige do baill a pháirtí i  litir a scríobh sé chucu, áit a ndúirt sé freisin gur chreid sé go raibh sé in am ag Fianna Fáil daoine nua a chur chun cinn don Olltoghchán.

Dúirt sé go raibh “brú” á chur air ag baill an pháirtí i nDún na nGall ainmniúchán a lorg don toghchán ach go raibh cinneadh déanta aige gan a ainm a chur chun cinn.

Tá sé deimhnithe cheana féin ag an iarfheisire Eorpach, Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir, an Teachta Dála, Charlie McConalogue, agus na Comhairleoirí Contae, James Pat McDaid agus Liam Blaney, go mbeidh siadsan ag lorg ainmniúcháin ón bpáirtí chun seasamh sa chéad toghchán eile.

Tá an Seanadóir Ó Domhnaill sáinnithe i roinnt conspóidí le tamall de bhlianta anuas.

Tá sé á mhaíomh ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí gur sháraigh an Seanadóir as paróiste Ghort an Choirce míreanna den Acht um Rialtas Áitiúil agus na hAchtanna Eitice ina chuid éileamh ar chostais taistil agus aíochta cúpla uair idir 2006 agus 2007.

Tá cúis eile curtha i leith an tSeanadóra a bhaineann le líomhaintí maidir le timpiste bhóthair agus tiomáint faoi thionchar an óil i gceantar Leitir Ceanainn ar an 2 Meán Fómhair 2013.

Cuireadh an cás sin ar athló cúpla uair.

Fág freagra ar 'Cinneadh déanta ag Brian Ó Domhnaill gan ainmniúchán FF a lorg'