Tá na sonraí do chluichí leathcheannais peile na hÉireann fógartha agus Ard Mhacha agus Ciarraí le haghaidh a thabhairt a chéile sa chéad chluiche faoi cheann coicíse.
D’fhógair CLG tráthnóna go n-imreofar an chéad chluiche leathcheannais i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn, an 13 Iúil, ag 5.30in. Imreofar cluiche ceannais Chorn Tailteann idir an Dún agus Laois ag 3.00in roimh an gcluiche idir Ciarraí agus Ard Mhacha.
Is ag a 4.00in Dé Domhnaigh, an 14 Iúil a bheidh an cluiche leathcheannais eile sa gcraobh shinsir agus Dún na nGall agus Gaillimh le casadh ar a chéile. Imreofar cluiche ceannais Chraobh Shóisir Peile na hÉireann roimh an gcluiche leathcheannais sin.
Cháiligh Ciarraí do na babhtaí leathcheannais nuair a bhuaigh siad ar Dhoire inné, 0-15 in aghaidh 0-10, i gcluiche cosantach a bhí leamh go maith
Bhí farasbarr sé phointe ag Ard Mhacha in aghaidh Ros Comáin Dé Sathairn, 2-12 in aghaidh 0-12.
Is é seo an chéad uair ag Ciarraí agus Ard Mhacha imirt in aghaidh a chéile sa chraobh ó bhuaigh Ciarraí an cluiche eatarthu i mbabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann in 2006.
In 2000 a chas siad ar a chéile sna babhtaí leathcheannais go deireanach. D’éirigh le Ciarraí cáiliú don chluiche ceannais i ndiaidh cluiche athimeartha.
Dhá bhliain ina dhiaidh sin, in 2022, bhuaigh Ard Mhacha craobh na hÉireann den chéad uair riamh nuair a bhuaigh siad ar Chiarraí sa chluiche ceannais.
Beidh an dá chluiche sinsir le feiceáil beo ar RTÉ agus ar BBC. Ní thiocfaidh an cluiche idir Dún na nGall agus Gaillimh salach ar chluiche ceannais EURO 2024, atá le himirt an lá céanna. Tá an cluiche mór sacair le tosú ag 8.00pm oíche Dé Domhnaigh.
Beidh Dún na nGall ag imirt i mbabhtaí leathcheannais na hÉireann den chéad uair ó 2014 tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Lú an deireadh seachtaine seo, 1-23 in aghaidh 0-18.
Bhí na Conallaigh i bhfad rómhaith dá gcéilí comhraic inné agus gradam laoch na himeartha bronnta ar an leathchúlaí Peadar Mogan tar éis dó cúig phointe a scóráil sa chluiche.
Ba iad na Gaillimhigh a thug an taispeántas ab fhearr den deireadh seachtaine i bPáirc an Chrócaigh agus bua gan choinne acu in aghaidh Átha Cliath oíche Dé Sathairn. Farasbarr aon phointe amháin a bhí ag foireann Phádraic Joyce, 0-17 in aghaidh 0-16, agus seaimpíní na hÉireann sáraithe acu.
Beidh an cluiche leathcheannais ar an gcéad chluiche craoibhe idir Gaillimh agus Dún na nGall ó 2017 nuair a thug na Connachtaigh stánáil ar Dhún na nGall sna babhtaí cáilithe.
Cluichí Leathcheannais Chraobh Shinsir Peile na hÉireann
Dé Sathairn, 13 Iúil
Ard Mhacha v Ciarraí – Páirc an Chrócaigh, 5.30in
Dé Domhnaigh, 14 Iúil
Dún na nGall v Gaillimh – Páirc an Chrócaigh, 4.00in
Fág freagra ar 'Ciarraí agus Ard Mhacha le tús a chur le cluichí leathcheannais peile na hÉireann,'