Chosnódh leagan Gaeilge dá fhoirm iarratais ‘an iomarca airgid’ ar Uisce Éireann

Tá sé deimhnithe ag Uisce Éireann le Tuairisc.ie nach mbeidh leagan Gaeilge dá fhoirm iarratais ar líne ar fáil i nGaeilge.

File photo: Water charges are looming

Ní chuirfidh Uisce Éireann a fhoirm iarratais ar líne ar fáil i nGaeilge mar gheall ar an gcostas a bhainfeadh le leagan eile den fhoirm a chruthú.

Tuairiscíodh ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nach mbeidh leagan Gaeilge d’fhoirm iarratais Uisce Éireann ar fáil ar líne.

Míníodh gur mór an costas a bhí ar an bhfoirm dhigiteach Bhéarla agus nach raibh mórán ama ag an gcomhlacht le hí a chruthú.

Dúradh go mbainfeadh an costas agus an t-achar céanna le cruthú foirm Ghaeilge.

Bhí fadhbanna leis an leagan clóite Gaeilge d’fhoirm Uisce Éireann ag Pádraig Ó hAirt, as Baile Átha Cliath, a thug le fios do Iris Aniar nach bhféadfadh sé clárú leis an gcomhlacht i nGaeilge mar nach raibh uimhir aitheantais ar an bhfoirm.

Bhí uimhir aitheantais ar an leagan Béarla den fhoirm a seoladh chuig a theach in éindí leis an leagan Gaeilge.

“Fuaireamar cóip chrua den fhoirm iarratais ó Uisce Éireann sé mhí ó shin agus bhí dhá leagan ann; leagan Gaeilge agus leagan Béarla.

“Roghnaigh mé an leagan Gaeilge agus chaith mé an leagan eile isteach sa chiseán bruscair agus cúpla lá ina dhiaidh sin, thainig mé ar ais chuig an leagan Gaeilge agus bhí mé ag iarraidh é a líonadh agus is éard a bhí ann ná ní fhéadfá é a líonadh sa leagan Gaeilge ach an oiread gan an uimhir aitheantais agus an uimhir PIN, mar is ar an leagan Béarla amháin a bhí siad, agus bhí an leagan sin caite sa bhruscar agam,” a mhínigh sé d’Éibhlín Ní Chonghaile.

Níl Uisce Éireann ag tabhairt comhurraime don dá theanga, a mhaígh an tArtach ar RnaG.

I ráiteas a d’eisigh Uisce Éireann, ghabh siad leithscéal lena gcustaiméirí faoin easpa Gaeilge ar an bhfoirm dhigiteach ach mheabhraigh siad don phobal go gcuirtear seirbhís iomlán fóin ar fáil i nGaeilge agus gur féidir clarú leis an gcomhlacht ar an gcaoi sin.

Fág freagra ar 'Chosnódh leagan Gaeilge dá fhoirm iarratais ‘an iomarca airgid’ ar Uisce Éireann'