Cérbh é an té ba shine riamh a rinne iomaíocht ag an leibhéal is airde sna cluichí Gaelacha?

Ceist í nach bhfuil éasca a fhreagairt agus bí cinnte go bhfuil cuid mhaith eile scéalta amuigh ansin

Iománaí Chorcaí, Christy Ring
Iománaí Chorcaí, Christy Ring

Tá sé cúpla seachtain ó rinne mé cur síos ar Paddy Fitzpatrick, ‘Fear an Hata’ as Rinn Mhaoile, a bhí fós ag imirt peile, bail ó Dhia air, agus cuid mhaith a bhí níos óige ná é éirithe as.

As sin tá an cheist curtha cúpla geábh ó shin orm ag cuartú ainm an té ba shine riamh a rinne iomaíocht ag an leibhéal is airde i spórtanna éagsúla, go háirithe sna cluichí Gaelacha.

Ceist í nach bhfuil éasca a fhreagairt agus a bhféadfaí a bheith ag caint go deo uirthi mura leagfadh duine síos gur iomaíocht ag an leibhéal is airde atá i gceist. Tá fear darbh ainm Fauja Singh, cuir i gcás, a bhí ar dhuine acu siúd a d’iompair an Tóirse Oilimpeach i Londain in 2012 agus é bliain le cois an chéid. Níor thosaigh Singh ag rith go raibh sé 89 agus, i dtús na bliana 2013, rith sé Maratón Hong Cong. Ach ní ag fáil locht ar Fauja é, díreoidh muide ar an scothlúthchleasaí.

Maidir leis na cluichí CLG tá sé ráite ag an údar Eoghan Corry ina leabhar The GAA Book of Lists go raibh Larry Cribbin bliain le cois an dá scór nuair a bhí sé ar fhoireann peile Chill Dara a bhuaigh Cluiche Ceannais na hÉireann i 1919, ach measann daoine eile go raibh sé dhá bhliain níos óige ná sin.

Rud atá cinnte is ea go raibh Christy Ring 39 bliain d’aois nuair a bhuaigh sé gradam ‘Iománaí Caltex na Bliana’ i 1959, agus dhá bhliain lena chois sin nuair a bhí sé ar phríomhscórálaí na Sraithe Náisiúnta Iomána i 1961.

Bhí an t-ochtú bonn Uile-Éireann buaite ag Ring ón mbliain 1954 (rud nach raibh ag aon iománaí eile ag an am) agus é fós ag imirt do Chorcaigh nuair a tháinig 1963, cé go mba ionadaí a bhí ann nuair a bhuaigh Tiobraid Árann orthu i gcluiche leathcheannais na Mumhan, tráth ar fhógair Christy é a bheith ag éirí as.

Tháinig athrú intinne air an bhliain dár gcionn agus thug le fios go ciúin go mbeadh fáil arís air ach é a roghnú. Is maith is cuimhneach liom an díospóireacht a lean agus daoine ina chontae dúchais chomh heasaontaithe agus a bhí an chuid eile den phobal faoin scéal – cuid acu den bharúil go mba chóir deis a thabhairt do Ring an 9ú bonn a bhuachan agus dream eile fós ag rá nach raibh i gceist ach go mbeadh trí cinn sa mbreis aige ar John Doyle, a raibh sé bhonn aige ag an am.

Mar a tharla ba ag Christy féin a bhí fuascailt an scéil. Ní mba dhuine é riamh a bhí compordach ar bhinse na n-ionadaithe agus nuair a thig sé go mba dócha gurbh é sin a bheadh i ndán dó, d’éirigh sé as ar fad ar fad.

In imeacht dá bhliain bhí ocht mbonn buaite ag Doyle é féin ar pháirc na himeartha agus níor sáraíodh éachtaí na beirte go dtáinig Henry Shefflin agus gaiscígh Bhrian Cody.

Bhí Dinny Allen 37 bliain d’aois nuair a d’ardaigh sé Corn Sam Mhig Uidhir ar chéimeanna Ardán an Ógánaigh i 1989 – bhí sé fógartha aigesean freisin dhá bhliain roimhe sin go raibh sé ag éirí as. Agus bhí an aois chéanna ag George O’Connor nuair a chaith sé ar a ghlúine é féin ag gabháil buíochais tar éis do Loch Garman an bua a fháil i gCluiche Ceannais Iomána 1996.

Bhí Graham Geraghty trí bliana éirithe as nuair a scóráil sé an cúl nár ceadaíodh in aghaidh Chill Dara i gCraobh Laighean 2011 in aois a 38.

B’in an cluiche deireanach craoibhe inar facthas é, cé gur imir sé i gcomórtais na n-Institiúidí Oideachais tríú leibhéal ina dhiaidh.

Sa mbliain 1985 a d’imir Tommy McLoughlin iománaíocht do Cho. Liatroma den chéad uair agus an bhliain dár gcionn d’imir sé i gCluiche Ceannais na Sraithe Roinn 4. Bhí 28 bliain caite sular shroich a chontae cluiche ceannais eile – in aghaidh Thír Eoghain i Roinn 3B in 2014. Bhí Tommy fós ag imirt, é athraithe siar ó lár na páirce go dtí ionad an chúl báire agus é ag teannadh leis an leathchéad bliain.

D’imir Mickey Linden peil leis an Dún agus an dá scór sáraithe aige agus tá mé cinnte go bhfuil cuid mhaith eile scéalta amuigh ansin agaibhse ach tosú ag scríobh agus ag brú na gcnaipí.

Away libh!

Fág freagra ar 'Cérbh é an té ba shine riamh a rinne iomaíocht ag an leibhéal is airde sna cluichí Gaelacha?'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Chonaic mé Theo English, ag imirt lena chlub Marlfield agus é sna caogadaí. Club sóisear a bhí i Marlfield, nach ndearna aon mhaith ó d’éirigh Theo as a bheith ag imirt. Bhíodh Theo English i lár na páirce do Thiobrad Árann le linn na seascaidí. 37 bhliain d’aois a bhí sé nuair a d’imir sé a chluiche deireannach in aghaidh Chill Chainnigh sa gCluiche Ceannais i 1967. Ach coinnigh sé air ag imirt lena chlub ar feadh blianta fada eile ina dhiaidh sin.

  • alan

    Ní bheidh a leithéid arís ann…………………… Christy Ring, Rí na hIomána.

  • padraig

    Arú b’in é an fear Christy Ring, nuair a bhi laochra in Éirinn beo, ní bheadh aon bhreith ag spreasáin an lae inniu air! D’imir sé sínsir le Fánaithe an Ghleanna agus an 43 cnagtha go maith aige.
    Cuireadh ceist air uair amháin ag Tráth na gCeist;
    ‘Cén gnáth-mheáchan atá sa sliotar?’
    Agus d’fhreagair:
    ‘glan-mheáchan nó smeartha le fuil?’