Ceoltóirí Gaeltachta ag teacht le chéile ar son mhuintir Gaza

Beidh plé agus ceol ag oíche chuidithe do mhuintir na Palaistíne ar siúl i Stiúideo Cuan ar an Spidéal anocht agus an ócáid á sruthú beo chomh maith

Ceoltóirí Gaeltachta ag teacht le chéile ar son mhuintir Gaza

Tá lucht an cheoil agus na n-amhrán ag teacht le chéile i Stiúideo Cuan ar an Spidéal anocht chun tacaíocht a léiriú do phobal Gaza atá ar anchaoi de bharr na troda.

Beidh an cheolchoirm á sruthú ar líne chomh maith.

Cuirfear aon airgead a bhaileofar ón oíche cheoil seo ar fáil don Muslim Care Malaysia Society in Gaza atá faoi chúram Ahmed Alnajjar. Is léachtóir le Béarla é Ahmed i nGaza ach bhí sé ina chónaí i Malaeisia ar feadh tamaill, áit inar bunaíodh an charthanacht.

Is in Gaza atá sé anois ag cur beatha ar fáil do mhuintir na dúiche. Maraíodh seisear dá mhuintir agus dháréag comharsa leis le roinnt seachtainí anuas.

Tá ag éirí le Ahmed béilte a chur ar fáil do na daoine i Khan Younis. Tá teagmháil dhíreach ag an lucht eagraithe le Ahmed a bhuíochas don amhránaí Treasa Ní Cheannabháin a bhfuil obair mhór déanta aici le blianta ag cuidiú le pobal Gaza.

Chomh maith le lucht an cheoil beidh beirt aoichainteoirí ansin anocht, Rania Muhareb, atá i mbun taighde don Chomhairle um Thaighde in Éirinn agus Hardiman PhD ag Ionad na hÉireann do Chearta an Duine in Ollscoil na Gaillimhe.

Is ball í de Al-Shabaka – The Palestinian Policy Network. Is iarthaighdeoir dlí í agus tá sí ag obair faoi láthair mar oifigeach abhcóideachta leis an eagraíocht chearta daonna Phalaistíneach Al-Haq.

Scoláire dochtúreachta in Ollscoil na Gaillimhe chomh maith is ea Amanie Issa, a rugadh agus a tógadh i mBeithil.

D’oibrigh Amanie leis an mBanc Domhanda mar chomhairleoir dlí ag díriú ar chuimsiú socheacnamaíochta mná faoi mhíchumas, agus tá taighde á dhéanamh aici faoi láthair ar mhná agus ar chailíní faoi mhíchumas sa Phalaistín.

Ar na healaíontóirí a bheas páirteach sa ngig seo le cúnamh a thabhairt do mhuintir na Palaistíne, beidh: Colm Mac Con Iomaire, Johnny Óg Connolly, Noel Hill, Jack Talty, Treasa Ní Cheannabháin, Colm Jimmy Ó Curraoin, Pádraig Ó Dubhghaill, Cliodhna Costello, Becky Ní Éallaithe, Na Rógairí agus  Ceoltóirí Óga Chois Fharraige.

Beidh an ócáid chuidithe seo á sruthú beo óna 8.00pm go dtí 11.00pm anocht, an 29 Samhain. Tá ticéid ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Ceoltóirí Gaeltachta ag teacht le chéile ar son mhuintir Gaza'