Ceolfhoireann i gCois Fharraige, Kneecap i nDoire agus rásaí curach ar Inis Oírr

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

Ceolfhoireann i gCois Fharraige, Kneecap i nDoire agus rásaí curach ar Inis Oírr

CEOL

Ceolfhoireann shiansach sráide ón Ísiltír ar cuairt ar Chois Fharraige

Tabharfaidh Ensemble Ricciotti cuairt ar cheantar Chois Fharraige Dé Máirt an 13 Lúnasa. Is ceolfhoireann shiansach sráide ón Ollainn í an Ensemble Ricciotti  ina bhfuil 43 ceoltóir óg. An aidhm atá acu ceol siansach beo “a thabhairt chuile áit agus chuig chuile dhuine”.  Díríonn siad go háirithe ar institiúidí ar nós árais don aosach agus d’iarrthóirí tearmainn agus dídine.

Casann siad neart seánraí éagsúla:  ceol clasaiceach, popcheol, agus snagcheol san áireamh.

Beidh deis ag pobal Chois Fharraige Ensemble Ricciotti a chloisteáil i Halla Scoil Éinne ar an Spidéal, Dé Máirt ag 2pm.

Ócáid saor in aisce í seo faoi choimirce Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

FÉILE

Kneecap agus Gaeil agus Géibheann ag Féile Dhoire 2024

Beidh Féile Dhoire ar bun ón 10-17 Lúnasa agus sraith mhór imeachtaí ar chlár na bliana seo. Ar na himeachtaí Gaeilge a bheidh ar bun beidh seoladh leabhair le Coiscéim agus léiriú speisialta den scannán Kneecap.

Ar an Déardaoin, 15 Lúnasa ag 1pm i gCultúrlann Uí Chanáin, seolfar leabhair Eoghan ‘Gino’ Mac Cormaic Gaeil agus Géibheann (Coiscéim). Breathnaítear sa leabhar ar stair na Gaeilge i bpríosúin le linn tréimhsí éagsúla. Tugtar suntas do O’Donovan Rossa sa naoú haois déag, scríbhneoireacht Bobby Sands sna 1970idí agus ábhair eile. Tugann Gino cuntas ar ghníomhartha Gaeilge na gcimí i bpríosún Dhoire sna 1940idí, ina measc Seán Dolan as ar ainmníodh an club CLG in nDoire.

I nGaeilge a bheidh an ócáid sin ach beidh aistriúchán comhuaineach Béarla ar fáil.

Beidh an scannán Kneecap le feiceáil mar chuid den fhéile freisin agus DJ Próvaí ag filleadh ar a fhód dúchais don ócáid. Beidh an scannán ar siúl ar an Domhnach an 11 Lúnasa ag a 7pm sa Brunswick Moviebowl in Eastát Tionsclaíochta Pennyburn.

Tá clár na féile anseo.

RAIDIÓ

Ceara Ní Choinn

‘Saol na mBan’ ar sheinnteoir Raidió na Gaeltachta

Tá an tsraith raidió ‘Saol na mBan’ ar fáil ar sheinnteoir RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi láthair. Sé eagrán atá sa tsraith ina gcuirtear agallaimh ar mhná a rugadh i gceann éigin de gach deich mbliana ó na 1940idí go dtí na 1990idí. Comhchraoladh atá ann idir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus an BBC agus é léirithe ag Clean Slate TV.

Is í Ceara Ní Choinn láithreoir na sraithe agus tá cothromaíocht álainn aici sa gcur i láthair idir shuáilceas na gcomhráite agus an míniú ar chomhthéacs stairiúil na scéalta. Craoladh na cláir ar RTÉ RnaG agus ar BBC Uladh le déanaí agus tá roinnt de na cláir fós ar fáil ar shuíomh an BBC chomh maith.

Cuntas agus scéal glúine atá i ngach clár agus léiríonn scéalta na mban an bhail a bhí ar an tsochaí agus saol na mban i gcaitheamh na mblianta.

Leagann gach clár amach an timpeallacht inar saolaíodh na glúnta éagsúla ban ó na 1940idí go dtí na 1990idí, na dúshláin a bhí rompu, agus na rudaí a bhí siad ag iarraidh a bhaint amach sa saol. Sa chéad chlár cloistear ó mhná a rugadh sna 1940idí. I measc na mban tá Máire Mhic Sheáin, duine de na cónaitheoirí is sine i nGaeltacht Bhóthar Seoighe in iarthar Bhéal Feirste.

Rugadh Maggie Nic Pháidín ar oileán iargúlta Inis Bó Finne amach ó chósta iarthuaisceart Dhún na nGall, tháinig Patricia Herald ar an saol i ndílleachtlann i mBaile Átha Cliath ach uchtaíodh í roinnt blianta ina dhiaidh sin agus chaith sí bunús a saoil i nGaeltacht Loch an Iúir. Seanchaí í Nóra Ní Raghallaigh ó Ghaeltacht Rann na Feirste a chaith blianta ina bean an tí, agus ar deireadh bean bhródúil de bhunadh Ard Mhacha theas ó dhúchas í an tSiúr Mairéad Ní Fhearáin a chuaigh isteach sna Cláiríní nuair a chríochnaigh sí an scoil.

Is féidir éisteacht leis na cláracha ar sheinnteoir RTÉ Raidió na Gaeltachta.

EALAÍN

Síle Denvir

Cuisle an Chomhshaoil -lá gníomhachais cruthaitheach i gCois Fharraige

Tá ealaíontóirí agus gníomhaithe aeráide óga, atá páirteach sa togra CLICA (Feachtasóirí Óga Aeráide) ag eagrú lá cruthaitheach gníomhaíochais i Seanscoil Sailearna ar an 21 Lúnasa. Tabharfaidh an lá seo deis don phobal, idir óg agus sean, cuid de na ceisteanna a bhaineann leis an timpeallacht a chíoradh ar bhealach cruthaitheach agus samhailteach. Tiocfaidh na daoine óga a bheas páirteach san imeacht seo le chéile chun fís a mhúnlú do thodhchaí inbhuanaithe sa gceantar.

Beidh trí chuid i gceist leis an lá – siúlóid dúlra agus ceoil, ceardlanna ealaíne do dhaoine óga, agus ceolchoirm. Cuirfear siúlóid dúlra agus cheoil ar bun i gceantar Chois Fharraige óna 11:30am go dtí 1pm. Is iad Seathrún Ó Tuairisg, Éanna Hyland agus Peadar-Tom Mercier a bheidh ag treorú na siúlóide agus beidh ceol ina chuid den turas, chomh maith le heolas faoi chaomhnú na bithéagsúlachta agus an uisce sa gceantar. Tá an ócáid feiliúnach do gach aoisghrúpa ach caithfidh tuismitheoir nó caomhnóir a bheith in éineacht le daoine atá faoi 18.

Cuirfear ceardlann ealaíne ar bun ón 2-4pm do dhaoine idir 15-25 bliain d’aois. Díreoidh an cheardlann ar úsáid a bhaint as ár n-oidhreacht le dóchas a chothú agus todhchaí inbhuanaithe a shamhlú. Beidh ceol le Síle Denvir, Becky Ní Éallaithe, Peadar-Tom Mercier agus Meadhbh O’Leary Fitzpatrick, filíocht chomhaimseartha le Gormfhlaith Ní Shíocháin-Ní Bheoláin agus ealaín le Mairéad Hurley.

Sa tráthnóna cuirfidh na healaíontóirí agus na ceoltóirí ceolchoirm agus míreanna cainte i láthair ón 5-7pm. Déanfaidh na healaíontóirí machnamh ar théamaí an lae sa gceolchoirm seo agus léireofar ról na n-ealaíon, an chultúir agus na hoidhreachta maidir lenár dtimpeallacht áitiúil a chosaint ar mhaithe le todhchaí inbhuanaithe.

Tá an t-imeacht seo saor in aisce, ach caithfear spás a chur in áirithe anseo.

RÁSAÍ

Rásaí curach ar bun an deireadh seachtaine seo in Inis Oírr

Beidh rásaí bád Inis Oírr ar an Satharn an 10 agus an Domhnach an 11 Lúnasa. Tá dhá lá lán le himeachtaí ar chlár an deireadh seachtaine. Cuirfear tús leis an spraoi ar an bpáirc maidin Dé Sathairn ag a 11am tráth a mbeidh rásaí spraíúla do pháistí faoi 5, faoi 7, 10, 13 agus 16. Cuirfear rása trí chos, rása spúnóg, rása portáin, rása barra rothaí agus rása Mamaí agus Daidí ar bun ar maidin. Théis am lóin beidh comórtais d’iomaitheoirí os cionn 16 bliana d’aois agus rásaí leathchéid agus cloch, léim fhada, léim ard, poc fada agus tarraingt téide d’fhir agus mná.

Cuirfear rásaí curachaí ar bun théis a 4 i.n. thíos ar an trá in Inis Oírr agus beidh rásaí faoi 21, sinsir, fear amháin, agus fear agus beirt bhan ar siúl. Tráthnóna Dé Sathairn beidh céilí faoi 16 ar an bpáirc.

Leanfar leis na himeachtaí maidin De Domhnaigh tráth a gcuirfear rásaí i sraith iomartha na hÉireann ar bun. Cuirfear tús leis na rásaí ag a 12pm agus beidh na réamhbhabhtaí agus na babhtaí ceannais ar an lá céanna. Cuirfear rásaí sinsir na bhfear, triúr ban, fear agus bean,  sóisir faoi 21 agus rásaí fear amháin ar bun. Ar an trá ag a 2pm beidh comórtas eitpheile do dhaoine os cionn 13 agus comórtas caisleáin ghainimh. Cuirfear críoch leis na himeachtaí an oíche sin le ceol beo ó Ceolán.

Tá sceideal na mbád farantóireachta agus clár an deireadh seachtaine le fáil ar leathanach Facebook Rásaí Inis Oírr.

SCANNÁN

Screenshot

Scannán dúghrinn gáirsiúil fiáin fíorghreannmhar é Kneecap

Scannán dúghrinn gáirsiúil fiáin fíorghreannmhar é Kneecap ina dtugann triúr ceoltóirí (Naoise Ó Cairealláin, Liam Óg Ó Hannaidh agus JJ Ó Dochartaigh) taispeántais dhochreidte nádúrtha uathu agus iad ag aisteoireacht i róil mar iad féin.

Tá luas mire faoin insint agus é lán le deismireachtaí stíle a chuirfeadh i gcuimhne duit Trainspotting Danny Boyle, saothar eile a bhí gafa le drugaí is an greann dóite, agus a raibh a fhuaimrian ‘parful’ ag cur thar maoil le buillí móra mealltacha.

An scannán sin an chomparáid is saoráidí atá tagtha chuig léirmheastóirí agus iad ag cur síos ar chur chuige fuadrach fonóideach Kneecap agus ba é ‘Trainspotting meets Translations’ sméar mhullaigh na gcomparáidí go dtí seo.

Tá an léirmheas iomlán anseo.

LEABHAR

Flosc fileata i saothar nua Eithne Ní Ghallchobhair

Dá mbeadh an leabhar filíochta is déanaí ó Eithne Ní Ghallchobhair, Caithréim agus Tóir, clúdaithe i gceirteacha smeartha, char mhiste liomsa mar ghabhfainn i mbannaí ar sheoda a bheith faoi ach tagann an tabhartas seo faoi chlúdach gleoite plandaí ildaite de chuid Poppy Melia agus na méiríní púcaí dom mhealladh ar aistear draíochta eile. An teideal fhéin nach sainmhíniú maith ar an saol é?

Tá an draíocht ann ach ní taobh leis é. Má chleacht tú mo dhála fhéin éisteacht le ceol is buaileam sciath na Fiannaíochta gan cheist agus a cheapadh nach bhféadfaí fraecsáil is rachmall na mboc sin a cheangal le saol an lae inniu, is duitse an leabhar seo, an tríú leabhar sa tríológ atá bunaithe ag Eithne Ní Ghallchobhair ar an mbéaloideas.

Go nádúrtha is go fileata éiríonn leis an snoíodóir paiteanta seo léamh an lae inniu a chur ar dhá scéal mhóra an tseanchais gan buanna is ceardaíocht an tseanchais a choilleadh.

Tá an léirmheas iomlán anseo.

Fág freagra ar 'Ceolfhoireann i gCois Fharraige, Kneecap i nDoire agus rásaí curach ar Inis Oírr'