Cén fáth ar cheart tusa a roghnú in áit Donald Trump?

Ní léir, faoi láthair go bhfuil sé de chumas in aon duine an greim atá ag Donald Trump ar a pháirtí ná ar an bpobal a scaoileadh

Cén fáth ar cheart tusa a roghnú in áit Donald Trump?

Fuair muid cúpla léargas eile an tseachtain seo, má theastaigh siad, ar an ngreim daingean atá ag Donald Trump ar pholaitíocht na Stát Aontaithe. Cé gur éirigh níos fearr le Daonlathaigh sa tsraith toghchán stáit a reáchtáladh ar an Mháirt, léiríonn pobalbhreitheanna a foilsíodh i rith na seachtaine agus an díospóireacht idir iarrthóirí Poblachtacha in Miami i lár na seachtaine gurb é an t-iar-uachtarán an phearsa láidir i gcónaí agus gan fágtha ach bliain díreach go dtí go mbeidh an chéad toghchán uachtaránachta eile á reáchtáil. 

Ainneoin Trump a bheith os comhair cúirte i Nua-Eabhrac agus é cúisithe i gcalaois ina chuid cúrsaí gnó agus in ainneoin an Breitheamh a bheith sách feargach leis faoina iompar, ní léir go bhfuil na scéalta seo ar fad faoi chásanna dlí ag cur as don phobal. Más tada é, tá Trump ag baint leas as a chuid deacrachtaí sna cúirteanna mar dheiseanna lena chás don uachtaránacht a chur chun cinn. 

Má bhí ceacht ar bith le foghlaim ó thoghcháin na seachtaine seo sna Stáit Aontaithe, sin go bhfuil an pobal in ann idirdhealú a dhéanamh idir polasaí sóisialta agus dearcadh a bpáirtí ar an ábhar. Thug an pobal tacaíocht láidir, sna háiteacha ar cuireadh an cheist orthu, do chearta ginmhillte i ndlí a gcuid Stát ó tharla ceart feidearálach a bheith curtha ar neamhní ar an gCúirt Uachtarach. Vótáil Poblachtánaigh in áiteacha cosúil le Ohio agus Kentucky ar son cearta ginmhillte, rud a thacaíonn leis an tuairim go bhféadfadh sin a bheith ina ábhar cinniúnach sa toghchán uachtaránachta i mí na Samhna seo chugainn. 

D’éirigh níos fearr le Daonlathaigh sna toghcháin ag leibhéal an stáit Dé Máirt ach léirigh pobalbhreith go soiléir nach mbeadh an tacaíocht chéanna ag an bpáirtí an bhliain seo chugainn má bhíonn Joe Biden mar iarrthóir acu. Tá an bhearna idir é féin agus Trump méadaithe ó rinneadh an phobalbhreith dheireanach den chineál seo ag CNN i mí Lúnasa. An fhadhb is mó atá ag daoine le Biden – a aois agus an chuma air nach mbeadh sé d’fhuinneamh aige ceithre bliana eile a chaitheamh sa Teach Bán. Ar chúis éigin, cé nach bhfuil eatarthu ach trí bliana, tá éirithe le Trump a thabhairt le fios go bhfuil seisean níos óige agus níos fuinniúla.  

Dhá mhí ón deireadh seachtaine seo a bheidh na chéad réamhthoghcháin le hiarrthóir na bpoblachtach a roghnú. Reáchtáladh an tríú díospóireacht idir cúigear de na hiarrthóirí i Miami an tseachtain seo. An chéad cheist a cuireadh orthu – cén fáth ar cheart tusa a roghnú in áit Donald Trump? Ní léir gur éirigh le ceachtar den chúigear iarrthóirí idirdhealú a dhéanamh idir iad féin agus Trump. An bhfuil malairt Trump ag an bpáirtí? Tá, ar ndóigh, ach an bhfuil an pobal á iarraidh?  

Sin an deacracht atá ag na hiarrthóirí seo – caithfidh siad droim láimhe a thabhairt do Trump agus a chuid vótaí a mhealladh ag an am céanna. Ní léir, faoi láthair, go bhfuil sé de chumas in aon duine acu an greim atá aige ar an bpáirtí a scaoileadh. 

Fág freagra ar 'Cén fáth ar cheart tusa a roghnú in áit Donald Trump?'

  • Pádraig O'hEipicín

    Tá Fear atá ar son na beatha 100% faoi’n 100%. Atá de dhith. Go géar.