Ceisteanna le freagairt agus dúshláin le sárú ag na Cúigí agus tús á chur leis an Pro 14

Tá Cúige Chonnacht, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh uilig sa mbaile sa chéad bhabhta den Pro 14 2018 ach sa Bhreatain Bheag atá Cúige Laighean tráthnóna

Ceisteanna le freagairt agus dúshláin le sárú ag na Cúigí agus tús á chur leis an Pro 14

Billy Holland le CJ Stander agus Cúige Mumhan i mbun traenála an tseachtain seo. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Tá Babhta 1 den Pro 14 2018 linn an deireadh seachtaine seo agus lucht leanta rugbaí na tíre seo ag súil go gcuirfear tús maith leis an séasúr nua.

Seans dá bhrí sin go bhfuil Cúige Chonnacht, Cúige Mumhan agus Cúige Uladh, foirne atá ag imirt sa mbaile sa mbabhta seo, breá sásta go bhfuil deis iontach acu chuile bhuntáiste a bhaint as imirt os comhair a lucht leanta dílis féin.

Foireann Chúige Laighean, curaidh an Pro 14 chomh maith le Corn na gCuradh faoi láthair,  an chéad fhoireann ón tír seo a bheas ag dul chun páirce i gcomórtas na bliana seo. Inniu Dé hAoine, a bheas an cluiche seo ar bun, ach is cluiche as baile, turas chun na Breataine Bige atá i ndán dóibh.  Is cinnte nach mbeidh Leo Cullen ag cur a chéad rogha imreoirí chun páirce sa gcluiche seo i gcoinne Caerdydd, a chuid imreoirí idirnáisiúnta go háirithe. Mar sin féin tá neart ceisteanna le freagairt ag na Laighnigh sa gcluiche seo agus sa gcéad chúpla babhta eile freisin. An cheist is mó acu sin ná, cén chaoi a mbeidh fir Átha Cliath gan leithéidí Isa Nacewa, Jamie Heaslip, Jordie Murphy agus Richardt Strauss, imreoirí a d’fhág an fhoireann ag deireadh an tséasúir seo caite?

Feicfimid linn, ach idir an dá linn is cinnte go mbeidh Caerdydd iad féin ar thóir bua luath sa gcomórtas agus ceann i gcoinne na gcuradh freisin.

Ar an mBóthar Beag amárach, Dé Sathairn, cuirfidh Cúige Chonnacht fáilte roimh iarchuraidh an chomórtais seo, Glaschú. Níl aon dabht ach go bhfuil na Connachtaigh faoi bhrú damanta agus iad ag iarraidh tús níos fearr a chur leis an séasúr seo ná mar a rinne siad anuraidh. Chinntigh an tús lag sin gur sa gceathrú háit i measc fhoirne na tíre seo a chríochnaigh na Connachtaigh ar thábla an Pro 14 anuraidh. 

Tá neart athruithe ar liosta imreoirí Chúige Chonnacht don séasúr nua seo ach seans gurb é imeacht an iarchaptaein, John Muldoon, an caillteanas is mó díobh sin ar fad. Tá dúshlán ollmhór roimh fhir na Gaillimhe an séasúr seo.  Ní bheidh sé éasca acu d’uireasa Muldoon.

I Luimneach a bheas na Muimhnigh ag imirt i gcoinne na Cheetahs ón Afraic Theas ach is é aistriú Joey Carbery agus Tadhg Beirne chuig an gcúige is mó atá ag tarraingt cainte sa gcathair. Ní dóigh go mbeidh ceachtar acu ag imirt sa mbabhta seo ach fiú dá n-uireasa,  bheadh iontas ormsa mura mbeadh an lá leis na Muimhnigh, go háirithe agus iad ag imirt sa mbaile.

I mBéal Feirste, tá dúshlán mór roimh na hUltaigh agus iadsan i gcoinne cheann de na foirne is láidre sa mBreatain Bheag, na Scarlets. Ní hamháin sin ach beidh na hUltaigh ag iarraidh an fíordhroch-shéasúr a bhí acu anuraidh, ar an bpáirc agus taobh amuigh den pháirc, a chur díobh. Ní dóigh go mbeidh siad in ann cúrsaí a chur ina gceart in aon chluiche amháin ach is cinnte go gcuirfeadh bua sa chluiche seo bunchloch mhaith faoin iarracht sin.

Fág freagra ar 'Ceisteanna le freagairt agus dúshláin le sárú ag na Cúigí agus tús á chur leis an Pro 14'