Ceist mhór d’Fhine Gael – cé mar is féidir meas an phobail a mhúscailt

Tá dhá bhliain déag caite anois ag Fine Gael i mbun rialtais – tréimhse níos faide ná mar a chaith an páirtí riamh sa rialtas

Ceist mhór d’Fhine Gael – cé mar is féidir meas an phobail a mhúscailt

Nuair a thagann cosmhuintir páirtí le chéile ag comhdháil mar atá á reáchtáil ag Fine Gael is tábhachtaí de ghnáth an chaint eatarthu féin ná an chaint ón ardán.

Tá na roghanna pearsanra a theastaíonn i gcomhair na dtoghchán áitiúil agus Eorpach agus le haghaidh an olltoghcháin ina dhiaidh sin á léiriú féin de réir a chéile. Is fusa áfach iarrthóir a roghnú ná teacht ar fhreagra fiúntach ar cheist bhunúsach olltoghcháin: cé mar is fearr a áitiú ar vótálaithe tacú le Fine Gael?

D’fhógair an feisire Eorpach Seán Kelly dea-scéal do lucht ceannais an pháirtí nuair a labhair sé linn díospóireachta a reáchtáil Tuairisc.ie i rith an Oireachtais i gCill Airne.

Dúirt Kelly, a bhí chun cinn ar na hiarrthóirí eile go léir i dtoghcheantar Eorpach an Deiscirt sa toghchán in 2019, go mbeadh sé san iomaíocht arís “le cúnamh Dé” sa toghchán Eorpach i mí na Bealtaine.

Níor chuir a ndúirt sé iontas ar mhórán. Ní beag mar sin féin an t-ábhar misnigh d’Fhine Gael é go mbeidh iarrthóir ar chuidigh aistriúcháin óna sciar den vóta (16.4 faoin gcéad) go mór le hiarrthóir eile an pháirtí, Deirdre Clune (8.9%) a thoghadh sa Deisceart.

Thug Clune le fios i rith na seachtaine nach seasfadh sí arís, mar a d’fhógair feisire Eorpach an pháirtí i mBaile Átha Cliath, Frances Fitzgerald cúpla lá roimhe sin.

Ní chuireann easpa iarrthóirí d’fheachtais Eorpacha isteach ar na príomhpháirtithe de ghnáth. Is deacra áfach iarrthóirí oiriúnacha a aimsiú agus páirtí á réiteach féin i gcomhair olltoghcháin, go háirithe má fhógraíonn beagnach duine as gach ceathrar dá dTeachtaí Dála nach seasfaidh siad arís.

Tá sé ráite cheana féin ag ochtar a sheas mar iarrthóirí d’Fhine Gael san olltoghchán in 2020 go bhfuil siad ag éirí as an bpolaitíocht: Eoghan Murphy (a d’éirigh as in 2021) Brendan Griffin, Joe McHugh, John Paul Phelan, David Stanton, Michael Creed, Charlie Flanagan agus Richard Bruton. Táthar in amhras go mb’fhéidir nach seasfaidh beirt nó triúr eile.

Ar an gcéad amharc ní cóir go mbeadh aon easpa misnigh ag cur as do chomhaltaí an pháirtí agus iad ag freastal ar an gcomhdháil. Tá dhá bhliain déag caite anois ag Fine Gael i mbun rialtais – tréimhse níos faide ná mar a chaith an páirtí riamh sa rialtas.

Is léir dóibh, áfach, an dá dheacracht atá rompu. Ar an gcéad dul síos, tá tréimhse freasúra ag bagairt orthu mura mbeidh páirtithe an chomhrialtais ábalta móramh rialtais a chur le chéile (le cabhair ó mhionpháirtithe b’fhéidir) tar éis an olltoghcháin.

Ar ndóigh ní chuirfeadh geallghlacadóir ná duine stuama comhrialtas idir Fine Gael agus Sinn Féin as an áireamh go hiomlán ach níl caint dá laghad ar a leithéid i gceachtar páirtí.

Beidh leas an pháirtí san olltoghchán agus misneach roimh ré ag brath mar sin, ar an gcéad dul síos, ar mheas na vótálaithe ar an gcomhrialtas – breithiúnas a thugann cúis mhisnigh agus lagmhisnigh araon do pháirtithe an chomhrialtais.

Léiríodh sa phobalbhreith is deireanaí a rinne Red C don Business Post mar shampla go raibh 32 faoin gcéad de na vótálaithe ag tacú le Sinn Féin agus 39 faoin gcéad ag tacú le Fianna Fáil, Fine Gael nó an Comhaontas Glas.

Is díol suntais é i bhfianaise na bhfigiúirí thuas, agus a dó dhéag faoin gcéad báúil le Neamhspleáigh de réir na pobalbhreithe céanna, go bhfuil béim á cur ag comhdháil Fhine Gael ar pholasaithe a theastaíonn chun freastal ar riachtanais na tuaithe. Cá bhfios cé mhéad Teachta Dála neamhspleách a bheadh riachtanach le bád an chomhrialtais a choinneáil ar snámh tar éis an olltoghcháin?

Is achrannaí ná ceist ar bith thuas, áfach, an cheist a chuireann imní ar chosmhuintir agus ar airí rialtais an pháirtí. Cé mar is fearr meas an phobail ar Fhine Gael a mhéadú, más féidir é a mhéadú.

Ní haon chúis mhisnigh atá i dtoradh gach pobalbhreith ina meastar go bhfuil thart ar 20 faoin gcéad araon ag tacú le Fine Gael nó le Fianna Fáil. Níl airí rialtais Fhine Gael freagrach as cúrsaí tithíochta ná sláinte – dhá ábhar a mbeidh tionchar nach beag acu ar rogha na vótálaithe.

Cuirfidh síorcháineadh Shinn Féin i gcuimhne go hindíreach do vótálaithe go mb’fhéidir go mbeadh Fianna Fáil toilteanach margadh comhrialtais a dhéanamh leis an bpáirtí sin amach anseo.

Ní fhreagraíonn cáineadh dá leithéid an bhuncheist áfach: seachas cur chuige ginearálta an rialtais, cén fáth gur chóir tréimhse rialtais eile a thabhairt d’Fhine Gael?

 

Fág freagra ar 'Ceist mhór d’Fhine Gael – cé mar is féidir meas an phobail a mhúscailt'