Is le hairgead a gheofar ar iasacht a mhaoineofar an ciste €750 billiún a fógraíodh nuair a chríochnaigh cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh Dé Luain. Is cloch mhíle thábhachtach í go ndearnadh socrú dá leithéid ar chúis mhór amháin.
Mar is eol d’Éireannaigh, go háirithe, dhiúltaigh an Ghearmáin agus go leor ballstát eile roimhe seo glacadh le beartas Eorpach ar bith ina mbeadh comhfhreagracht as iasachtaí. Chuireadar iachall ar Éirinn, ar an nGréig agus ar thíortha eile a bhí i gcruachás deich mbliana ó shin deacrachtaí as cuimse a réiteach le fiacha breise as cuimse.
Ní cabhair dháiríre mar sin a tairgeadh ach fiacha anuas ar fhiacha eile.
Léireofar sa ghearrthéarma agus sa bhfadtéarma tábhacht an chomhréitigh a d’fhógair ceannairí an AE sa Bhruiséil chun cabhrú le ballstáit an díobháil eacnamaíochta a rinne Covid-19 go dtí seo a leigheas.
Sa ghearrthéarma neartófar cumas na mballstát teacht i gcabhair ar chomhlachtaí agus ar oibrithe. Ach b’fhéidir gur amach anseo, ar theacht na chéad ghéarchéime airgeadais eile, a fheicfear an toradh is mó ar an margadh a rinneadh.
Níl aontas Eorpach airgeadais i ngiorracht a bhunaithe fós, ach tá céim shuntasach tugtha i dtreo na comhthuisceana a theastaíonn i ngach eagraíocht éifeachtach. Cuirfear airgead ar fáil (€390 billiún i bhfoirm deontais agus an chuid eile ar iasacht) ar choinníollacha a bheidh i bhfad níos boige ná an mhaoirseacht a rinne an Troika ar Éirinn idir 2010 agus 2013.
Ní foláir praghas a íoc áfach agus gach comhréiteach á dhéanamh, agus ní beag an dochar a dhéanfar de dheasca mhargadh na Bruiséile.
Laghdaigh na ceannairí comhchaiteachas an AE ar thaighde agus ar scéimeanna a bhí beartaithe chun astaíocht charbóin a laghdú. Thairg an móramh, agus Micheál Martin ina measc, lacáistí breise (cosúil leis an lacáiste nó an ‘rebate’ a d’iarr agus a fuair Margaret Thatcher don Ríocht Aontaithe sna 1980idí) don Cheathrar Cnuaisciúnach – an Ostair, an Ísiltír, an Danmhairg agus an tSualainn.
Ní raibh aon dul as acu mar sin ach caiteachas an AE ar rudaí fiúntacha a laghdú.
Ghéill an móramh freisin nuair nár fhógair siad aon choinníoll éifeachtach a chosnódh cearta an duine agus saorfheidhmiú an chórais dlí san Ungáir agus sa Pholainn.
Gan dabht, is é bunú an chiste nua €5 billiún chun cabhrú le ballstáit déileáil leis an mBreatimeacht an toradh is mó a rachaidh chun tairbhe go díreach d’Éirinn, cé gur amach anseo a shocrófar cén sciar den chiste a chuirfear ar fáil dúinn.
Neosfar freisin ar ball an dochar a dhéanfaidh an laghdú €35.2 billiún ar chaiteachas talmhaíochta an AE idir seo agus 2027. Ní fhéadfaí laghdú suntasach a sheachaint mar gheall ar aistarraingt na Breataine ón Aontas.
Sin ráite, ní cóir beag is fiú a dhéanamh den mhargadh a rinneadh sa Bhruiséil. Léirigh sé cumas an AE tarraingt le chéile chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim, ar scála nach bhfacthas riamh cheana. Léirigh sé toil choiteann chun teacht ar chomhréiteach.
I measc na gceannairí, léirigh sé do chách inniúlacht agus diongbháilteacht Angela Merkel. Ise is túisce a thuig an riachtanas agus a d’athraigh cur chuige na Gearmáine san AE dá bharr. Nuair a éiríonn an Seansailéir as oifig in 2021, rachaidh sé dian ar aon cheannaire Eorpach eile a bróga a líonadh.
Fág freagra ar 'Céimeanna chun cinn agus céimeanna ar gcúl sa Bhruiséil'