Tá Cearúl Page, iarbhainisteoir Ghlór na nGael, tar éis bháis.
Bhásaigh Cearúl Page, arbh as Baile Átha Cliath ó dhúchas dó, Dé Luain seo caite.
Bhí aithne mhór ag pobal na Gaeilge air mar bhainisteoir Ghlór na Gaeilge idir 1979 agus 1989, tráth a ndearnadh forbairtí ar chomórtas agus ar struchtúr na heagraíochta.
I ráiteas a chuir Glór na nGael amach, dúradh gur fhág Cearúl Page “rian a láimhe ar ghrúpaí Gaeilge fud fad na hÉireann” agus “nach mbeadh Glór na nGael sa chruth sláintiúil ina bhfuil sé inniu murach a dhílseacht agus a dhúthracht”.
Déanann Cathaoirleach Ghlór na nGael, an t-iar-aire Gaeltachta, Pat Carey, comhbhrón lena bhean chéile, Helen, lena bheirt mhac, Derek agus Alan, lena mhuintir agus lena chairde.
Lillis Ó Laoire
Fear uasal, lách. Grásta ó Dhia air.