Cead a gcinn ag daoine ‘naíonra Gaeilge’ gan focal Gaeilge ann a oscailt – tuarascáil

Deirtear i dtuarascáil nua ó Choiste Oireachtais na Gaeilge nach ndéanann an Roinn Leanaí aon mhonatóireacht ar sheirbhísí luathoideachais ó thaobh úsáid na Gaeilge, nó ó thaobh chaighdeán na Gaeilge

Cead a gcinn ag daoine ‘naíonra Gaeilge’ gan focal Gaeilge ann a oscailt – tuarascáil

Is údar imní é gur féidir le dream ar bith naíonra Gaeilge a thabhairt orthu féin is cuma mura bhfuil Gaeilge ar bith in úsáid acu.

Sin cuid dá bhfuil le rá i dtuarascáil nua ó Thithe an Oireachtais faoin luathoideachas Gaeltachta a foilsíodh an tseachtain seo.

Faoi láthair trí Bhéarla a fheidhmíonn níos mó ná leath de na naíonraí sa Ghaeltacht, agus gan ach 59 den 127 naíonra a fhaigheann tacaíocht ó Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag feidhmiú trí Ghaeilge.

Deirtear i dtuarascáil Choiste Oireachtais na Gaeilge nach ndéanann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige aon mhonatóireacht ar na seirbhísí sin ó thaobh úsáid na Gaeilge, nó ó thaobh chaighdeán na Gaeilge iontu.

Deirtear sa tuarascáil gurb amhlaidh “ina lán cásanna” nach mbíonn a fhios ag tuismitheoirí cé acu Béarla, Gaeilge nó an dá theanga a bhíonn ar siúl i naíonraí Gaeltachta.

“Níl aon rialacha ná coinníollacha teanga i bhfeidhm chun é seo a rialú nó chun aon mhíthuiscint a sheachaint,” a deirtear sa tuarascáil Oireachtais faoin luathoideachas Gaeltachta a foilsíodh an tseachtain seo.

Deirtear sa tuarascáil go bhfágann an easpa monatóireachta seo go bhfuil cead a gcinn ag daoine naíonraí a bhunú sa Ghaeltacht beag beann ar aon dualgas teanga.

“Is féidir le haon duine, comhlacht nó dream ionad luathoideachais a oscailt agus a fheidhmiú agus an teideal ‘naíonra’ a chur air. Níl aon sainmhíniú dlíthiúil ar an teideal seo agus níl aon riachtanas ar na soláthróirí feidhmiú trí mheán na Gaeilge nó oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil dá gcustaiméirí.

“Is féidir seo a dhéanamh taobh istigh den Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht araon…”.

Fág freagra ar 'Cead a gcinn ag daoine ‘naíonra Gaeilge’ gan focal Gaeilge ann a oscailt – tuarascáil'

  • "Gaeltachtaí" gan Ghaeilge a chothaionn soiniciúlacht

    Ba chóir “Gaeltacht” nach bhfuil bhfuil Naíonra Gaelach inti a chaitheamh amach as an Ghaeltacht Oifigiúil.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Is fearr páistí a thógáil le Gaeilge sa mBruiséal ná mar atá sna Gaeltachtaí seo. Cuimnigh anois ar an nGaeilge (nó easpa dhi) a chloisfidh siad sa ‘naíonra’, sa ‘mbunscoil Ghaeltachta’ agus sa ‘nGaelscoil’ féin. Más Gaeilge ar bith atá ann is de dhrochchaighdeán í.

    Tá mé féin i mo chónaí in aice le naíonra agus cúpla troigh uainn tá bunscoil ann chomh maith. Tá muid i lár na Gaeltachta. Agus níor chuala mé riamh oiread is focal Gaeilge sa dá áit. Níor chuir siad isteach ar stádas Gaeltachta, agus ní haon iontas é. Ní chuirfinn mo pháistí féin chucu siúd dá bhfuighfinn dúiche air!

    Tuigim go mbeadh a leithéid ann i mBaile Átha Cliath ach anseo i gContae na Gaillimhe?!?!?! D’ardódh sé an cloigeann díot….

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Tá mé iontach buíoch de Thuairisc IE as a leithéidí de scéalta dochreidte uathbhásacha a chur ar ár súile….