Ceacht na vótaí millte – caithfear éisteacht

Cén fáth a gcuirfeá de dhua ort féin dul amach chuig do bhoth vótála áitiúil le neamhaird a dhéanamh de na hiarrthóirí ar an bpáipéar?

Ceacht na vótaí millte – caithfear éisteacht

Éist le stoc na cille. Caithfear éisteacht. Ceann de na línte is mó aithne i litríocht na Gaeilge agus úrscéal iomráiteach Mháirtín Uí Chadhain. Líne atá tráthúil inniu agus súil siar á caitheamh againn ar thoghchán na huachtaránachta agus eachtraí stairiúla na hAoine.

Ar bhealach, níorbh iontas ar bith toradh an toghcháin ná an bua cuimsitheach a bhí ag Catherine Connolly. Bhí a fhios againn le fada gur tubaiste a bhí sa bhfeachtas ar fad d’Fhianna Fáil. Ach ní hin le rá nach bhfuil ceisteanna go leor eile faoi pholaitíocht na tíre i ndiaidh na vótála agus ar bhealach is beag baint atá ag na ceisteanna sin leis an mbeirt bhan a chuaigh os comhair an phobail ar an Aoine.

An cheist is mó ar fad ná brí a bhaint as na vótaí millte ar fad sa toghchán seo? Cén fáth a gcuirfeá de dhua ort féin dul amach chuig do bhoth vótála áitiúil le neamhaird a dhéanamh de na hiarrthóirí ar an bpáipéar? Bhí cúpla cúis leis. ach níl sé chomh simplí agus a thug daoine le fios. Bhí feachtas eagraithe ag Declan Ganley agus grúpaí eile atá ar aon intinn leis ag iarraidh ar dhaoine a vóta a mhilleadh d’aon ghnó lena míshásamh a chur in iúl faoi phróiseas roghnúcháin na n-iarrthóirí. Bhí agus tá an grúpa seo míshásta nár éirigh le Maria Steen a bheith ar an bpáipéar tar éis a cuid stocaireachta. Ar ndóigh bhí cuid den mhilleán ar Steen féin nach ndeachaigh i mbun feachtais in am. Is féidir an cheist sin a réiteach éasca go maith má fhiosraítear modhanna eile le hiarrthóirí a ainmniú – sin má tá na páirtithe móra toilteanach tabhairt faoi leasuithe dá leithéid.

Bhí grúpa suntasach eile a mhill a gcuid vótaí ar an Aoine agus tá a n-údar clamhsáin níos casta. B’fhacthas dóibh nach raibh ceachtar iarrthóir ionadaíocht orthu agus gur theastaigh rogha eile. Mar sin féin, mheas siad gur cheart an míshásamh sin a chur in iúl. Níor ghlac siad leis an argóint gur rogha idir clé agus deas a bhí anseo ná idir rialtas agus freasúra. Ar iliomad cúis tá go leor daoine míshásta leis an riocht ina bhfuil siad agus theastaigh uathu sin a chur in iúl don aicme polaitiúil.

Tá machnamh go leor le déanamh ar an toradh seo. An bhfuil gluaiseacht nua de chuid na heite clé ag teacht le chéile? An bhfanfaidh siad le chéile? An é leas aon pháirtí dul i mbun feachtasaíocht nimhneach ghránna ar líne? Ar cheart do Fhianna Fáil agus Fine Gael níos mó ómóis a léiriú d’oifig an Uachtaráin agus iad ag roghnú iarrthóra seachas iarracht a dhéanamh an feachtas agus an toghchán a choinneáil taobh leis an ráithe dheiridh roimh dháta an toghcháin? Ní leo post an Uachtaráin agus tá an méid sin curtha in iúl go soiléir ag an bpobal dóibh.

Léiríonn an líon vótaí millte a bhí sa toghchán seo go bhfuil míshástacht mhór leis an bpolaitíocht faoi láthair. Míshásamh nach mbaineann go sonrach leis an toghchán seo. Agus míshásamh go gcaithfidh an bhunaíocht pholaitiúil éisteacht leis. Caithfear éisteacht má tá na páirtithe móra le greim a fháil ar ais ar mheon an phobail.

Fág freagra ar 'Ceacht na vótaí millte – caithfear éisteacht'