Léiríonn taighde nua atá déanta ag Tuairisc cé mhéad teach saoire atá sa Ghaeltacht agus céard iad na ceantair is mó a bhfuil tithe saoire iontu.
De réir na hanailíse atá déanta ag Tuairisc, tá 63 toghroinn Ghaeltachta a bhfuil aon trian de na tithe iontu ina dtithe saoire nó ina dtithe folmha. Is ionann sin agus 41% de na toghranna Gaeltachta sa stát.
I gceantair i nDún na nGall agus i gCiarraí atá na céatadáin is airde de thithe saoire sa Ghaeltacht agus is tithe saoire breis is 50% de na tithe i gceantair áirithe. Níl na céatadáin tithe saoire chomh hard céanna i nGaeltacht na Gaillimhe, áfach.
Ciarraí
Cé go bhfuil na fadhbanna atá cruthaithe ag líon ard na dtithe saoire i gCorca Dhuibhne pléite go minic, is airde céatadán na dtithe saoire i gceantair áirithe i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh ná aon áit eile sa Ghaeltacht.
I dtoghroinn Dhoire Fhíonáin i gCiarraí Theas, tá 65% de na tithe ansin ina dtithe saoire. Níl ach toghroinn amháin eile sa stát, Cill Chaoi i gcontae an Chláir, a bhfuil céatadán níos airde tithe saoire inti – 66%.
Tá an cúigiú céatadán is airde tithe saoire sa stát i gCathair Dónaill – 58%. I mBaile an Sceilg, is tithe saoire 251 den 455 teach sa toghroinn, figiúr arb ionann é agus 55% de líon na dtithe.
Tá cuid de na ceantair Ghaeltachta is laige sa tír ó thaobh na teanga ar na ceantair ina bhfuil na céatadáin is airde tithe saoire, ach ní fíor sin i gcás chuile ceantar.
Léirigh anailís Tuairisc, mar shampla, go bhfuil Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne ar cheann de na trí cheantar is mó sa tír ina mbíonn daoine ag labhairt na Gaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais ach tá Dún Chaoin an-ard chomh maith ar liosta na gceantar ina bhfuil na céatadáin is airde tithe saoire.
De réir an daonáirimh is déanaí, bhí os cionn leath de na tithe i dtoghroinn Dhún Chaoin ina dtithe saoire, 96 as 191 nó 50.3% den iomlán. De réir na bhfigiúirí, bhí 7% eile de na tithe i nDún Chaoin folamh, rud a d’fhág go raibh 57% de na tithe sa cheantar folamh aimsir an daonáirimh.
Toghroinn | Iomlán | TIthe Saoire | % | Tithe Folmha | % |
---|---|---|---|---|---|
Doire Fhionáin* | 293 | 190 | 65% | 13 | 4% |
Cathair Dónaill* | 436 | 254 | 58% | 25 | 6% |
Baile an Sceilg | 455 | 251 | 55% | 25 | 5% |
Dún Chaoin | 191 | 96 | 50% | 13 | 7% |
Toghroinn Fhionáin | 129 | 59 | 46% | 4 | 3% |
Dún Urlann | 456 | 206 | 45% | 24 | 5% |
An tImleach | 766 | 317 | 41% | 53 | 7% |
Loch Luíoch | 323 | 129 | 40% | 49 | 15% |
Márthain | 215 | 83 | 39% | 18 | 8% |
Ceann Trá | 363 | 122 | 34% | 52 | 14% |
Cill Maoilchéadair | 394 | 130 | 33.0% | 38 | 10% |
Ceannúigh/Máistir Gaoithe* | 163 | 46 | 28.2% | 26 | 16% |
An Baile Breac* | 100 | 27 | 27.0% | 29 | 29% |
Daingean Uí Chúis | 1049 | 272 | 25.9% | 157 | 15% |
Cill Chuáin | 309 | 80 | 25.9% | 36 | 12% |
*Toghroinn ina bhfuil cuid di lasmuigh den Ghaeltacht
Bhí breis is leath de na tithe i nDún Urlann, nó Baile an Fheirtéaraigh, folamh chomh maith. Tithe saoire is ea 45% de na tithe sa toghroinn sin – 206 teach as 456 – agus 5% eile a bhí folamh.
I Márthain, bhí beagnach 40% de na tithe ina dtithe saoire agus 34% a bhí i gceist i gCeann Trá agus 33% i gCill Maoilchéadair.
Bhí 26% de na tithe i gCill Chuáin, nó Paróiste Múrach, ina dtithe saoire, díreach mar a bhí i nDaingean Uí Cúis.
D’fhág céatadáin na dtithe folmha sa dá cheantar sin go raibh thart ar 40% de na tithe uile atá iontu folamh nó ina dtithe saoire.
Dún na nGall
Tá ceantair Ghaeltachta áirithe i nDún na nGall chun tosaigh ó thaobh céatadáin na dtithe saoire agus na dtithe folmha atá iontu chomh maith.
I dtoghroinn Ros Goill, mar a bhfuil na Dúnaibh, bhí 533 den 920 teach inti ina dtithe saoire – 58%. Bhí 5% eile de na tithe sa cheantar folamh. Díreach ó dheas i gCarraig Airt, bhí 40% de na tithe ina dtithe saoire agus trasna na Maoile Rua, 42% a bhí i gceist i bhFánaid Thuaidh.
Toghroinn | Iomlán | TIthe Saoire | % | Tithe Folmha | % |
---|---|---|---|---|---|
Ros Goill | 920 | 533 | 58% | 45 | 5% |
Grianfort* | 386 | 220 | 57% | 20 | 5% |
Dún Fionnachaidh* | 949 | 470 | 50% | 58 | 6% |
Inis Caoil | 86 | 37 | 43% | 11 | 13% |
Fanaid Thuaidh* | 417 | 175 | 42% | 22 | 5% |
Fanaid Thuaidh* | 675 | 267 | 40% | 45 | 7% |
Inis Mhic an Doirn | 1195 | 446 | 37% | 90 | 8% |
Mín an Chladaig | 990 | 358 | 36% | 88 | 9% |
An Machaire | 540 | 188 | 35% | 48 | 9% |
Fánaid Thiar* | 276 | 96 | 35% | 24 | 9% |
Árainn Mhór | 437 | 150 | 34.3% | 63 | 14% |
Cill Charthaigh | 465 | 132 | 28.4% | 61 | 13% |
Leitir Mhic an Bhaird | 568 | 156 | 27.5% | 99 | 17% |
Cill Ghabhlaigh | 304 | 79 | 26.0% | 67 | 22% |
Cnoc Colbha* | 210 | 53 | 25.2% | 39 | 19% |
*Toghroinn ina bhfuil cuid di lasmuigh den Ghaeltacht
In iardheisceart an chontae, bhí 43% de na tithe i dtoghroinn Inis Caoil ina dtithe saoire agus tithe folmha a bhí i 13% eile. I bhFánaid Thuaidh, tithe saoire a bhí i 42% de na tithe sa toghroinn sin.
I Mín an Chladaigh, bhí 36% de na tithe sa cheantar ina dtithe saoire agus 9% eile díobh folamh, nach mór díreach mar a bhí ar an Machaire. Ar Árainn Mhór, bhí 150 den 437 teach (34%) ar an oileán ina dtithe saoire de réir an eolais ón daonáireamh agus bhí 14% eile díobh folamh.
GAILLIMH
Tithe saoire iad 48% de na tithe ar fad i gCloch na Rón, toghcheantar a bhfuil cuid di sa Ghaeltacht, ach céatadáin níos ísle tithe saoire atá i gceist sna ceantair Ghaeltachta is láidre ó thaobh na teanga.
Tá 23% de na tithe ar thrí Oileán Árann – Inis Mór, Inis Meáin agus Inis Oírr – ina dtithe saoire, de réir na bhfigiúirí daonáirimh.
Ar an gCnoc Buí in Iorras Aithneach, mar a bhfuil Carna, bhí 98 teach saoire ann, 20% de na tithe ar fad sa cheantar. I Scainimh, mar a bhfuil Cill Chiaráin, 58 teach saoire, nó 17% den iomlán, a bhí i gceist.
Toghroinn | Iomlán | TIthe Saoire | % | Tithe Folmha | % |
---|---|---|---|---|---|
Cloch na Rón* | 494 | 239 | 48% | 55 | 11% |
Binn an Choire* | 122 | 47 | 39% | 17 | 14% |
Mairíos* | 246 | 78 | 32% | 26 | 11% |
Conga/An Ros | 398 | 105 | 26% | 43 | 11% |
Oileáin Árann* | 803 | 185 | 23% | 82 | 10% |
An Cnoc Buí | 483 | 98 | 20% | 62 | 13% |
An Chorr | 100 | 20 | 20% | 12 | 12% |
An Fhairche | 581 | 107 | 18% | 78 | 13% |
Scainnimh | 334 | 58 | 17% | 41 | 12% |
An Uilinn | 59 | 9 | 15% | 10 | 17% |
An Turlach | 315 | 43 | 14% | 47 | 15% |
Cill Chuimín | 89 | 12 | 13% | 13 | 15% |
Abhainn Ghabhla | 162 | 17 | 10% | 24 | 15% |
Garmna | 691 | 71 | 10% | 102 | 15% |
An Crompán | 1294 | 125 | 10% | 178 | 14% |
*Toghroinn ina bhfuil cuid di lasmuigh den Ghaeltacht
Ní raibh aon cheantar eile i gConamara ina raibh an figiúr os cionn 10%, áfach. 125 teach as 1,294 san iomlán (10%) a bhí ina dtithe saoire ar an gCrompán, mar a bhfuil an Cheathrú Rua agus 6% den iomlán ar thithe saoire iad ar an Spidéal, mar shampla.
Na ceantair Ghaeltachta eile
I nGaeltacht Mhaigh Eo, ba i nDumha Éige ar oileán Acla a bhí an céatadán ab airde de thithe saoire, 43% den 542 teach sa cheantar. 32% a bhí i gceist i dtoghroinn Acla, an ceantar Gaeltachta eile ar an oileán.
I gCnoc an Ráithe i ndeisceart Iorrais 29% de na tithe a bhí ina dtithe saoire agus 28% a bhí in Abhainn Bhrain gar don teorainn le Gaillimh. D’fhág líon na dtithe folmha sa dá cheantar sin go raibh os cionn 40% de na tithe sa dá cheantar ina dtithe saoire nó folamh.
Ar an gcósta den chuid is mó a bhíonn tithe saoire in Éirinn agus dá bharr bhí na figiúirí íseal go maith den chuid is mó i nGaeltacht na Mí, i gcathair agus in oirthear na Gaillimhe agus i Múscraí i gCorcaigh. Ar Oileán Chléire áfach, bhí 54% de na tithe ar an oileán folamh de réir an daonáirimh, idir thithe saoire (32%) agus tithe folmha eile (22%).
Sa Rinn, tithe saoire ab ea 14% de na tithe sa toghroinn agus bhí 7% eile díobh folamh.
Toghroinn | Iomlán | TIthe Saoire | % | Tithe Folmha | % |
---|---|---|---|---|---|
Dumha Éige, Maigh Eo | 542 | 235 | 43% | 52 | 10% |
Acaill, Maigh Eo | 613 | 198 | 32% | 57 | 9% |
Cléire (LPT) | 125 | 40 | 32% | 27 | 22% |
Cnoc na Ráithe, Maigh Eo | 505 | 148 | 29% | 65 | 13% |
Abhainn Bhrann, Maigh Eo | 194 | 54 | 28% | 39 | 20% |
An Corrán, Maigh Eo | 473 | 119 | 25% | 72 | 15% |
Béal Deirg Mór, Maigh Eo | 96 | 24 | 25% | 13 | 14% |
An Geata Mór Theas, Maigh Eo | 535 | 130 | 24% | 68 | 13% |
Guala Mhór*, Maigh Eo | 87 | 21 | 24% | 13 | 15% |
Baile an Chalaidh, Maigh Eo | 158 | 30 | 19% | 30 | 19% |
Baile Óbha, Maigh Eo | 127 | 17 | 13% | 26 | 20% |
An Rinn, Port Láirge* | 652 | 88 | 13% | 45 | 7% |
Múscraí (LPT) | 1,766 | 44 | 2% | 233 | 13% |
Ráth Chairn & Baile Ghib (LPT) | 718 | 3 | 0% | 44 | 6% |
*Toghroinn ina bhfuil cuid di lasmuigh den Ghaeltacht
Tugann an Phríomh-Oifig Staidrimh le fios go ndéanann áiritheoirí an daonáirimh tithe folmha a áireamh mar thithe saoire ach sin a bheith bunaithe ar eolas a bhailítear go háitiúil.
Deirtear freisin nár cheart na figiúirí do thithe folmha sa daonáireamh a úsáid mar léiriú ar thithe atá folamh go fadtéarmach ná mar thithe a d’fhéadfaí a úsáid mar lóistín amach anseo.
Fionn Ó Dochartaigh
Go hiontach
Liam
An dara teach & go deimhin níos mó ag daoine de bhunús na Gaeltachta & iad ligthe ar chíos ag cuid acu le daoine nach bhfuil de bhunús na Gaeltachta seachas iad a thabhairt dá ndaoine muinteartha! Léiriú eile ar bhánú na Gaeltachta.