Cé acu is measa, an bhréagnuacht nó an nuacht fhánach?

Faraor nach dtuigeann na meáin go bhfuil scéalta níos tromchúisí ann ná an chonspóid faoi Barry Cowen a bheith curtha den bhóthar ceithre bliana ó shin

Cé acu is measa, an bhréagnuacht nó an nuacht fhánach?

An tAire Barry Cowen. Pictiúr: RollingNews.ie / Dail Eireann live

Chuala muid go léir caint faoin nuacht bhréagach – go minic is é a bhíonn i gceist ar ndóigh ná tuairimí nach dtaitníonn leis na liobrálaigh a bhíonn ag tabhairt a mbreithiúnais faoi na nithe seo.

Ach céard faoi na scéalta atá fíor, nó go bhfuil fírinne iontu, ach gur cuma fúthu mar go síltear nach mbaineann an oiread sin tábhachta leo: nuacht fhánach.

Chuir an chonspóid – má ba chonspóid í –faoi Bharry Cowen ag smaoineamh mé.
Tá Barry Cowen i gceannas anois ar chúrsaí iascaireachta agus cúrsaí feirmeoireachta sa tír seo. Nach raibh ceisteanna níos tábhachtaí le cur air seachas eachtra a tharla ceithre bliana ó shin agus fíneáil agus cosc ar thiomáint ar feadh trí mhí curtha air?

Tá dearcadh an-diúltach anois againn faoi dhuine a bhíonn ag tiomáint tar éis deoch alcólach a bheith aige agus is ceart sin. Cuireann alcól isteach ar chumas an duine tiomáint i gceart.

Ach níor mharaigh Barry Cowen duine ar bith, níor shéan sé go raibh sé ciontach, agus níor dhein sé aon iarracht teacht ar réiteach cam ar an scéal. Mar sin bhí fleadh ceartaiseachta sna meáin faoin scéal.

Níl sé i dteideal a bheith ina aire, a deirtear, toisc gur sháraigh sé an dlí ceithre bhliain ó shin.

Ba chuma nach é sin an pionós a leagtar síos sa dlí céanna. Agus má cheapann duine ar bith gur chóir go ndícháileofaí duine a chiontaítear ina leithéid nach cóir dóibh athrú dlí a mholadh agus, más féidir leo an tacaíocht a fháil dó, é a chur i bhfeidhm.

Ag an am céanna bhí an Taoiseach Micheál Martin ag freagairt ceisteanna Dála den chéad uair ó Mhary Lou McDonald, is í ag cur brú air faoin easpa reachtaíochta le haghaidh cearta oibrithe a chosaint.

Fiú más Taoiseach sealadach é Martin, nach cóir go mbeadh na hargóintí seo sa chéad áit ar nuacht RTÉ agus sna nuachtáin mhóra?

Ach pléadh scéal Barry Cowen arís is arís, agus fiú Joe Duffy ar thaobh an ionchúisimh.

An é go raibh na meáin ag iarraidh aird an phobail a tharraingt ón bhfíorpholaitíocht, nó an é nach dtuigeann na tuairisceoirí polaitíochta céard is polaitíocht ann?

Maidir le Cowen, tá ceisteanna le cur air ceart go leor.

Céard a dhéanfaidh sé maidir le ceart iascairí na tíre seo leanacht ag iascach in uiscí na Breataine i ndiaidh an Bhreatimeachta? Tá ráite ag Michel Barnier gur féidir leis an Aontas Eorpach comhghéilleadh a dhéanamh faoin ngné seo den scéal ar mhaithe le réiteach a aimsiú maidir le gnéithe eile den scéal.

Céard is brí leis an gcaint seo? Nó cén polasaí atá ag an aire nua faoi, nó an bhfuil polasaí ar bith aige seachas gach rud a fhágáil faoi Michel Barnier?

Agus cad faoi scéal atá níos gaire dá dhúchas in Uíbh Fhailí, an gá le líon na mbeithíoch a laghdú agus tiontú go cineál eile feirmeoireachta ar mhaithe leis an aeráid?

Cén plean atá ag Barry Cowen chun é sin a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh an t-ioncam céanna ag feirmeoirí beaga mairteola is atá acu anois nuair a dhéanann siad an t-athrú?

An bhfuil plean ar bith aige, nó an bhfuil sé i bun cainteanna leis an státseirbhísigh agus leis na feirmeoirí le réiteach a fháil ar na deacrachtaí seo?

Seo iad na ceisteanna ba chóir do na hiriseoirí a bheith ag cur ar an aire nua in ionad a bheith ag suirí le lucht na ceartaiseachta.

Ar ndóigh, tá fáilte curtha ag na meáin roimh cheapadh Paschal Donohoe mar uachtarán airí airgeadais an limistéir euro. Scéal mór le rá an ceann seo, cinnte, agus tá sé intuigthe go mbeadh an rialtas bródúil as an bpost seo a bheith bainte amach acu.

Ach céard le haghaidh is cén fáth ar ceapadh é sa phost seo?

Tá díospóireacht fhíochmhar ar siúl san Aontas faoinar cheart go mbeadh nó nach mbeadh aon choinníollacha ag baint le haon chúnamh a thabharfar do thíortha atá buailte go dona ag an bpaindéim Coivid-19.

Deir an Ceathrar Coigilteach, an Ísiltír, an Ostair, an Danmhairg is an tSualainn (agus tacaíocht na Fionlainne acu go minic) gur cheart coinníollach a bheith ann. Deir siad nach cóir aon chúnamh a thabhairt ach ar an gcoinníoll go rachadh an tAontas i mbun athbhreithnithe agus leasuithe a dhéanamh.

Diúltú glan is ea é seo do cheart féincheannais na mballstáit.

Ach is iad an Ceathrar Coigilteach a thug na vótaí do Donohoe lena cheapadh.
Nach fiú d’iriseoirí na tíre seo impleachtaí an vóta sin a phlé is a mhíniú do mhuintir na tíre seo, nó an leor gur féidir linn a bheith ag maíomh as aitheantas poiblí a fháil gur muide na gasúir is fearr sa rang?

Fág freagra ar 'Cé acu is measa, an bhréagnuacht nó an nuacht fhánach?'

  • Poraic o'hEipicín

    Tá siad ag déanamh paidir caphall as an scéal, faoí Barry .Cowen