Cé a bhainfidh an craiceann de na fataí do thurasóirí Chonamara?

Tá oibrithe gann agus na turasóirí ag réiteach le teacht go Conamara, fadhb mhór sa tionscal tábhachtach seo…

Cé a bhainfidh an craiceann de na fataí do thurasóirí Chonamara?

“Tá daoine óga ag triall ar na cathracha agus teastaíonn obair ‘hi-tech’ uathu’. Sin é a dúirt duine liom atá i dtionscal na turasóireachta i gConamara agus í sáraithe ag iarraidh a theacht ar oibrithe le haghaidh an tséasúir atá amach romhainn. “Níl fonn orthu,” arsa sise “a dhul ag obair in óstáin ná i dtionscal na turasóireachta amach faoin tuath.”

Ceist phraiticiúil í atá le láimhsiú seasta ag lucht gnó – go háirithe faoin tuath.

Ganntan oibrithe. Chuile sheans nach ceist í a phléitear go minic nuair a reáchtáiltear cruinnithe agus seimineáir faoin turasóireacht agus tábhacht na turasóireachta faoin tuath. Bíonn neart de na cruinnithe sin ann.

Bhí cruinniú de dhaoine atá bainteach leis an turasóireacht ar fud Chonamara sa Teach Dóite le gairid agus gluaiseacht eile bunaithe leis an tionscal a chur chun cinn siar ón gCoirib – Gaeltacht agus Galltacht san áireamh. Bhí cruinniú i nGaillimh beagán laethanta ó shin ag ionadaithe as Comhairlí Contae na gcontaetha cois Atlantaigh le tuilleadh plé a dhéanamh ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Ansin bhí an eagraíocht, Cósta Gaelach Chonamara ag bolscaireacht i gceantar Bhostúin aimsir na Féile Pádraig. Aidhm amháin atá ag chuile dhream acu – tuilleadh cuairteoirí a thabhairt isteach agus an turasóireacht a chur chun cinn in iarthar na tíre. Tá an Ghaeltacht agus Údarás na Gaeltachta fite fuaite san iarracht sin.

Is mór i gceist é an focal ‘dearfach’ anois. Agus is maith agus is dearfach an rud é go mbeadh dreamanna ag teacht le chéile le tionscal fíorthábhachtach a neartú sa tír seo. I gConamara, táthar ag iarraidh go ndéanfaí i bhfad níos mó forbartha ar an turasóireacht sa nGaeltacht agus i gceantracha atá faoi mhíbhuntáiste na dífhostaíochta. Is cinnte go bhféadfadh an turasóireacht leas a dhéanamh ach cé mhéad leasa agus, cá bhfaighfear na hoibrithe?

Is fiú, sa gcás sin, súil a chaitheamh i dtreo an taobh ó thuaidh de Chonamara áit a bhfuil tionscal láidir turasóireachta bunaithe ann le fada an lá. Tá an chuid is láidre den tionscal i mbaile mór an Chlocháin.

Tá an deacracht atá ag baint le hoibrithe a fháil le haghaidh dualgais turasóireachta ar cheann de na constaicí is mó a bhíonn le láimhsiú ag lucht óstán agus gnó sa taobh sin tíre le tamall de bhlianta. Is deacair a theacht ar oibrithe as an gceantar féin ná as cuid ar bith d’Éirinn. Is mór is fiú do thionscal na turasóireachta sa gcuid sin de Chonamara gur tháinig cuid mhaith daoine isteach as oirthear na hEorpa – an Pholainn go háirithe – le tamall blianta. Murach iad, bheadh tionscal na turasóireachta i gConamara i gcruachás.

Tuige nach bhfuil níos mó de mhuintir na háite ag iarraidh oibriú i dtionscal na turasóireachta. Tá roinnt tuairimí ann faoi sin. Ceaptar scaití nach fiú do dhaoine bacadh le jabanna seasta i dtionscal ar nós na turasóireachta mar go bhfuil an córas leasa shóisialaigh níos feiliúnaí agus níos tairbhí dóibh, rud a deirtear faoin tír uilig. Cé nach dtiocfaí leis seo sa saol ‘oifigiúil’, tá praiticiúlacht áirithe ag baint leis an dearcadh seo. Den chuid is mó, níl mórán le cois an bhunphá le fáil sa turasóireacht ná, go deimhin, i gcuid mhór den chineál oibre atá ar fáil in iarthar agus i dtuaisceart Chonamara. Ní ceantar ‘high tech’ é, ní ceantar pá ard é.

Agus mar a dúirt an duine eile tá go leor de na daoine óga áitiúla imithe agus teastaíonn daoine óga i dtionscal a bhfuil obair fhisiciúil ag baint leis, ar nós na turasóireachta.

Anois cá bhfuil tú anois – gann in oibrithe agus tú istigh san Aibreán agus na turasóirí ag réiteach le theacht go Conamara?

Tá samplaí go leor ann d’óstáin agus d’áiseanna turasóireachta arb iad muintir na Polainne, agus roinnt as tíortha eile in oirthear na hEorpa agus níos faide ó bhaile, an tromlach den fhoireann oibre i gConamara. Go deimhin, tá córais neamhoifigiúla teagmhála ar bun le súil agus go bhfaighfear daoine as na tíortha sin isteach anseo.

Céard a chiallaíonn sé seo uilig don phobal féin i gConamara?

Líonann, go pointe, na daoine seo a thagann isteach bearnaí sa saol eacnamaíochta agus sóisialta agus ar bhealaí go leor is rud an-mhaith é sin. Tá cuid de mhuintir na Polainne agus oirthear na hEorpa ag bualadh faoin saol i gceantar an Chlocháin agus i bpobail máguaird. Tá clanna óg anois ag cuid acu agus tá siad ag leanacht ar aghaidh ag obair sa turasóireacht agus i gcineálacha eile oibre. Tugann siad taca don phobal – éagsúlacht cúlra, cine agus cur amach ar an saol. Tarraingíonn siad ceirdeanna eile orthu féin; tá sé suntasach go bhfuil daoine as an bPolainn feiceálach i seirbhís na ngaráistí sa gClochán anois. Ach teastaíonn tuilleadh.

“Go minic anois tá tú ag dul go dtí an Laitvia, an Rúis agus chuig tíortha eile ag cuartú foirne,” a dúirt duine a bhfuil réimse leathan gnóthaí aige i gConamara. “Bíonn sé deacair bean nó fear oibre ar na bealaí a bhíodh ann a fháil thart anseo anois.”

Leagtar béim ar an turasóireacht mar thionscal a chuirfeadh bun faoi eacnamaíocht na bpobal tuaithe agus Gaeltachta atá ag dul i léig – agus a chuirfeadh borradh faoin bhfostaíocht. Is cinnte go bhféadfadh sé roinnt de sin a dhéanamh. Ach ní theastaíonn ach lear beag go maith cuntasóirí agus lucht áirithintí sa turasóireacht faoin tuath. Den chuid is mó is lucht beáir, freastalaithe, daoine a choinneoidh an tsráid agus an timpeallacht glanta, daoine a bhainfidh an craiceann de na fataí, daoine a dhéanfaidh cóiriú ar leapacha, daoine a ghlanfaidh na leithris atá ag teastáil.

Jabanna fíorthábhachtacha iad seo uilig agus gan iad ní bheidh bun ná barr ar thionscal na turasóireachta faoin tuath. Ach cé a dhéanfaidh na jabanna seo? Níl mórán ‘high tech’ ag baint leo.

Fág freagra ar 'Cé a bhainfidh an craiceann de na fataí do thurasóirí Chonamara?'

  • Des O Murchu

    Ni ga an craiceann a bhaint O na fatai, gearr Ina gcoda iad .Cuir sa phota uisce le fiocadh, usaid an uisce le caca fatai le pluir + na fatai breiseadh etc!