Caveat Emptor! Meas tú an bhfuil Gaeilge ag Santaí?

AG TÓGAÍL CLAINNE: Bíonn a strus féin ag baint leis an turas go dtí Santaí, a deir ár gcolúnaí

Santa

‘Meas tú an bhfuil Gaeilge ag Santaí?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom agus muid ag caint ar litir mhór na bliana a scríobh anuraidh. ‘Tá na teangacha ar fad aige, le go dtuigfidh sé na páistí ar fad ar fud an domhain’ a dúirt mé léi.

Níor chuimhnigh mé mórán air go dtí cúpla lá ina dhiaidh sin nuair a leaindáil Mamó ag an doras is dúirt go dtabharfadh sí chomh fada le Santaí iad. Bhí mo chroí i mo bhéal.

Thosaigh mé ar an ráiteas slánaíochta agus muid ag siúl suas an baile. ‘Níl a fhios a’m an mbíonn Gaeilge ag Santaí i gcónaí,’ a dúirt mé is an t-allas á chuimilt de mo bhaithis agam, ‘tuigeann sé í ceart go leor, ach níl mé in ann cuimhneamh anois díreach an bhfuil sé rómhaith á labhairt’. Bhreathnaigh siad orm amhail is go raibh dhá chloigeann orm.

Shiúil muid isteach sa gcampa a bhí déanta ag Santaí in íoslainn an ionaid siopadóireachta idir an gruagaire agus an siopa a dhíolann féilirí le pictiúirí de chait orthu. Bhí mo chroí ag preabadh. “Dia dhuit!” a bhéic mé ón doras isteach ag guí go mbeadh Gaeilge aige. ‘Fáilte isteach,’ a dúirt Santaí.

I mbliana ní raibh mé chun dul sa seans agus thug mé na gasúir chuig an Santaí a tháinig ar cuairt ag an ngrúpa spraoi in Áras na nGael. Bhí Gaeilge bhreá agus mála mór bronntanas aige. Claíomh do na buachaillí agus mála beag bán-dearg agus teidí gadhairín ann do na cailíní.

“Hiiiii-ya! Hii-ya!” a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga an tráthnóna sin sa mbaile agus an claíomh nua á luascadh thart aici gan fuacht ná faitíos. “Fainic do dheartháir!” a d’fhógair mé uirthi, “agus, dála an scéil, ní leat an claíomh sin ar chor ar bith.”

Ní fada gur míníodh dom go raibh athrú ar stádas úinéireachta an chlaímh. Bhí roinnt idirbheartaíochta déanta i gcúinní dorcha an tseomra.

“Rinne muid swap,” a dúirt sí, “fuair mise an claíomh agus fuair seisean an mála bándearg agus an gadhairín.”

Bhreathnaigh mé ar an mbabaí. Meas tú ar thuig sé cén beart a bhí déanta? Is beag an baol gur leanadh nós caveat emptor sa margadh.   

“Is mór an t-ionadh, ar aon chaoi,” a dúirt sí, “gur thug Santaí gadhar domsa agus claíomh dhósan.

Nach bhfuil fios maith aige gur maith leis-sean gadhair, is gur maith liomsa claíomhannaí,” a dúirt sí.  

“Bhuf, bhuf,” a dúirt an Babaí agus an chuma air go raibh sé sásta go maith leis an margadh.

Fág freagra ar 'Caveat Emptor! Meas tú an bhfuil Gaeilge ag Santaí?'