Lucht iarsmalann striapachais i Meiriceá ‘ag coinneáil súil amach’ d’ábhar Gaeilge

Agus é i mbun taighde don úrscéal is déanaí aige, taispeánadh don scríbhneoir mór le rá as Éirinn, Kevin Barry, fógra i nGaeilge a bhí ar taispeáint i ndrúthlann in Montana ag tús an 19ú haois

Lucht iarsmalann striapachais i Meiriceá ‘ag coinneáil súil amach’ d’ábhar Gaeilge

Tá lucht bainistíochta iarsmalann striapachais i Meiriceá “ag coinneáil súil amach” le haghaidh fógra i nGaeilge a bhí ar taispeáint i ndrúthlann in Montana ag tús an naoú haois déag.

An scríbhneoir mór le rá as Éirinn, Kevin Barry, a tharraing aird ar scéal an fhógra Gaeilge agus é ag caint  faoina úrscéal nua ar an gclár The Last Word With Matt Cooper ar Today FM le déanaí.

Agus é i mbun taighde dá úrscéal The Heart in Winter, thug an t-údar cuairt ar dhrúthlann Dumas, áit a dtaithíodh mianadóirí copair as Éirinn sna 1890idí.

Dúirt Kevin Barry gur thaispeáin Norma Jean Almodovar – iarstriapach agus údar – an fógra Gaeilge dó agus é ar thuras taighde  sa Dumas i mí Dheireadh Fómhair 1999. Bhí sé ag fiosrú an tsaoil a bhí ag na mianadóirí as Iarthar Chorcaí a chuir fúthu in Butte céad bliain roimhe sin.

“Sna 1880idí, dúnadh na mianaigh chopair i mBéarra agus ag an am céanna bhí airgead mór le tuilleamh in Butte. Ba as contae Chorcaí 10,000 duine de dhaonra Butte sna 1890idí, agus thaithíodh siad na tithe tábhairne agus na drúthlanna. Bhí an obair an-chrua agus deacair ach bhí saothrú mór airgid ann.

“Tháinig mé féin ar scéal na ndaoine seo i 1999 nuair a bhí mé i Meiriceá den chéad uair. Tá muintir Butte an-bhródúil as a n-oidhreacht Éireannach agus thug siad boscaí litreacha agus cáipéisí eile dom. Thug Norma Jean timpeall na drúthlainne deireanaí a bhí ag feidhmiú sa bhaile, an Dumas, a bhí ar tí a hoscailte mar mhúsaem striapachais,” a dúirt Barry le Cooper.

Thaispeáin Norma Jean, a scríobh an leabhar Cop to Call-Girl, don údar as Éirinn fógra Gaeilge a bhí ar crochadh sa drúthlann ag casadh an chéid seo caite.

“Thug sí amach fógra a scríobhadh i nGaeilge a bhí ar crochadh san áit sna 1890idí agus liosta na seirbhísí a bhí ar fáil ann scríofa air. Bhí Iarthar Chorcaí fós ina cheantar Gaeltachta an t-am sin agus chaití na mianadóirí a chur ar an eolas faoina raibh ar fáil,” a mhínigh sé.,

Thug úinéir reatha an mhúsaeim, Charlee Prince, le fios do Tuairisc an tseachtain seo nach bhfuil aon chomhartha nó cáipéis Ghaeilge feicthe aici féin fós ach go “gcoinneoidh [foireann an mhúsaem] súil amach” le haon ábhar i nGaeilge.

“Faraor, bhí Kevin Barry anseo i 1999 sular ghlac muid seilbh ar an Dumas. Fuair na daoine ar leo an foirgneamh nuair a tháinig Kevin réidh le go leor rudaí idir 1999 agus 2018 nuair a tháinig muidne isteach. Tá an t-úinéir a bhí ann i 1999 ar shlí na fírinne.

“Lenár linn, ó dheireadh na bliana 2018, ní fhaca mé rud ar bith i nGaeilge. Anois agus a fhios againn go raibh cáipéis anseo tráth dá raibh, coinneoidh muid súil amach le haghaidh rud ar bith i nGaeilge. Bíonn muid an-chúramach faoi chaitheamh amach rudaí ón bhfoirgneamh, mar sin tá súil agam go dtiocfaidh muid ar rud éigin,” a dúirt Prince le Tuairisc.

Foilsíodh The Heart of Winter le Kevin Barry an mhí seo caite. Cé nár foilsíodh go dtí anois é, deir Barry gurb é an chéad úrscéal a rith leis agus ar thug sé faoi.

Fág freagra ar 'Lucht iarsmalann striapachais i Meiriceá ‘ag coinneáil súil amach’ d’ábhar Gaeilge'

  • JP

    Ba dhíol suime iad na ‘seirbhísí’ suaithinseacha sin a bheadh ar fáil do stunairí Bhéarra, ó thaobh foclóra de is eile!

  • Fear Faiteach

    Ní raibh mé fhéin ann, ach deir duine liom a bhí go mba “An Craiceann & a Luach” a bhí scríofa ar bharr an fhógra !

  • Spadalach

    Nó, b’fhéidir:
    “Cuir fód ar do phíce anseo istigh”.

  • Kerry Blue

    Gach iomlat spóirt
    Ón mbord go leaba aoibhinn, geallta!

  • Kerry Blue

    “Cuir aithne orm, aithne mhaide rámha leis an bhfarraige!”