Cás Brendan Smyth: Ba chuma faoi na páistí…

Cé mhéad páistí a bheadh slán ón bpéidifileach Brendan Smyth dá mbeadh a ndualgas déanta ag lucht eaglaise agus gardaí?

File Photo Northern Irelands Historical Abuse Inquiry has commenced its module dealing with notorious paedophile priest Fr Brendan Smyth, who died in prison in 1997. FATHER BRENDAN SMYTH LEAVES A DUBLIN COURT DURING A HEARING FOR HIS SENTENCING WHICH COULD BE TOMORROW. 21/7/1997. PIC PHOTOCALL IRELAND!
Pictiúr: PHOTOCALL IRELAND!

D’ainneoin taithí an phobail faoin am seo ar fhaisnéis faoi mhí-úsáid ghnéis leanaí, baineadh siar as daoine ag an bhFiosrúchán i nDroichead na Banna an tseachtain seo. Thug an Breitheamh Anthony Hart an tseachtain ar fad d’éisteachtaí maidir leis an sagart míchlúiteach, Brendan Smyth an péidifileach a chaith leathchéad bliain, nach mór, ag ionsaí ógánach gan srian ná laincís curtha air ag údarás ar bith.

Rugadh Brendan Smyth in iarthar Bhéal Feirste sa bhliain 1927 agus fuair sé bás i bpríosún i 1997. Chuaigh sé isteach in Ord Norbert i 1945 agus ba ghearr ina dhiaidh sin go rabhthas in amhras faoina shuim i bpáistí. Gearradh tearmaí príosúin air ar dhá thaobh na teorann sna nóchaidí agus bhí a fhios go raibh sé ciontach as mí-úsáid ar suas le 100 páiste.

Ceapadh gur beag eolas nua a bhí le bailiú faoi ces moite de mhionsonraí faoi conas a lig an Eaglais dó leanúint lena choiriúlacht ar fud na hÉireann, sa Bhreatain agus i Meiriceá. Cíoradh an t-abhar sin, ar ndóigh, ach chuir an t-eolas breise a nochtadh alltacht ar dhaoine.

Ina measc sin, bhí gur oirdníodh Smyth ina shagart cé gur mhol Ab sa Róimh nach raibh sé feiliúnach; gur dhúirt sé le dochtúir go raibh seans gur thug sé drochíde ar chupla céad íobartach agus gur scríobh sé litir fheargach as príosún Mhic Ghiollagáin ag an gCairdinéal Cahal Daly ag rá nach eisean a tharraing droch-cháil ar an Eaglais Chaitliceach ach na meáin chumarsáide.

Níos tromchúisí fós, áfach, tháinig sé chun solais go raibh a fhios ag Garda i 1973 faoi choiriúlacht Smyth agus gur chosúil nach ndearna na Gardaí tada. Scríobh siciatraí ó Ospidéal meabharghalair Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath chuig na Gardaí i bhFionnghlas – ar iarratas Smyth – ar 1 Samhain 1973 chun iad a chur ar an eolas go raibh sé ag fáil cóir leighis agus go raibh “súil aige go sásódh sé sin an Garda agus a shaoistí”.

Léirigh miontuairiscí a chuir an t-ospidéal ar fail don bhFiosrúchán gur dhearbhaigh dochtúir ansin Feabhra 1974 gur péidifileach ab ea Smyth. Seo sliocht as na nótaí faoina chás: “Psychosexual difficulties for many years. First developed in the Novitiate. A recurring problem no matter where he has been stationed. His paedophilia has brought him into contact with the police.”

Ghoill an t-eolas faoi na Gardaí go mór ar ionadaithe na n-íobartach agus na marthanóirí a bhí i láthair sa chúirt i nDroichead na Banna. Go dtí sin, ceapadh gurb iad ionadaithe na hEaglaise agus roinnt dochtúirí amháin a rinne neamhshuim de leas na bpáistí ar mhaithe le coiriúlacht Smyth a choinneáil faoi rún. Anois tá íobartaigh ag caint ar an dlí a chur ar an nGarda Síochána. Cá bhfios cén líon acu a bheadh slán, a deir siad, dá mbeadh stop curtha le Smyth i 1973/’74.

Bhí an Cairdinéal Seán Brady, Iar-Phríomháidh na hÉireann, ar dhuine den chléir ar déanadh diancháinedh air blianta beaga ó shin nuair a tháinig sé chun solais go raibh baint aige i 1975 le fiosrú rúnda thar ceann na hEaglaise faoi ionsaithe a rinne Smyth ar bheirt bhuachaillí. Ag an bhfiosrúchán Déardaoin, ghabh an Cairdinéal leithscéal leis na híobartaigh ar fad agus d’admhaigh sé gurb é dea-chlú na hEaglaise a bhí ar aird na cléire i 1975. Tuigimid anois, a dúirt sé, gurb é sábhailteacht an pháiste is tábhachtaí ar fad. Más mall an tuiscint, is mithid.

Bhí Éire sa chéad seo caite an-tugtha do chaint ar Chríostaíocht agus ar ídéalachas lucht Éirí Amach 1916 ach ba bheag an tairbhe é do pháistí ar tugadh droch-íde orthu. Ba mhór idir an fhaillí i sábháilteacht na n-óg agus teagasc Chríost “ligigí do na páistí teacht chugamsa agus ná coiscigí iad…” nó tiomantas Fhorógra na Cásca go gcumhdófaí “clanna uile an náisiúin”. Fiú sa dara leath den fhichiú haois, i ndiaidh Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, bhí brainsí uile na bunaíochta dall ar a ndualgais páistí a chosaint.

Tá sé thar am reachtaíocht dhian (leis an uile chineál sciathchosaint thrasfoirne agus thrasghníomhaireachta) a rith ar dhá thaobh na teorann chun a chinntiú nach bhféadfadh an sort sin faillí ná ceilt tarlú go deo arís. Bheadh sé de cheart againn a bheith ag caint ansin ar chumhdach gach clainne.

Fág freagra ar 'Cás Brendan Smyth: Ba chuma faoi na páistí…'

  • Fearn

    Choiche arís ná tarlaíodh sé!

  • sean o rathaille

    agus nach e an dalta ceanna anseo againn e .i. ta tir na hEireann ar diol. Denis O Brien ar n-oligarch fein an t-aon duine ata ag an gceaint afach.